Tá sé i mo sheilbh ón Nollaig ach nach bhfuair mé deis breathnú air go dtáinig an oíche faoi dheireadh. Tugann teideal an leabhair gach a bhfuil d’eolas ag teastáil faoi láthair – A Place To Play – the people and stories behind 101 GAA grounds.
Níl sé ach cúpla seachtain ó rinne mé cur síos anseo ar an airéine mhíchothrom i gCois Fharraige inar múnlaíodh an stíl faoi leith imeartha a bhí agam féin, stíl ar chuir na moghlaeirí agus an draein a bhí ina lár barr feabhais uirthi.
Ar an drochuair, níl aon phictiúr ná aon chur síos ar ‘Garraí an Football’ i leabhar Humphey Kelleher*. Ní raibh aon tsúil agam go mbeadh.
Páirc le cois an chéid atá roghnaithe ag an údar – ceithre cinn i gcontaetha Aontroma, Chorcaí, Dhoire, Thír Eoghain, Mhuineacháin, na Mí agus na Gaillimhe. Péire san Iarmhí, i bPort Láirge agus in Uíbh Fhailí agus trí cinn sna contaetha eile.
Ní contaetha per se iad Londain ná Nua-Eabhrac, ach dar ndóigh is cuid nach beag de stair Chumann Lúthchleas Gael iad Páirc Mhic Samhráin in Ruislip agus Páirc na nGael sa Bronx. Bhí an láncheart ag Mac Uí Chéilleachair iad a chur san áireamh.
Mar a tharlaíonn dom féin minic go leor, beidh daoine atá sa gcultúr corparáideach agus airgeadais míshásta le Kelleher mar nach dtugann sé aitheantas d’ainmneacha na gcomhlachtaí atá luaite le cuid de na páirceanna sin inniu ina gcuid teideal.
Ós rud é gur in earnáil an airgeadais a chaith sé a shaol oibre, tuigeann Humphrey Kelleher gach a mbaineann leis sin níos fearr ná go leor acu siúd a bhí ag cur a dtóineanna amach le cúpla seachtain.
Sa mullach air sin d’imir sé peil agus iománaíocht ag an leibhéal is airde agus bhí sé ina bhainisteoir ar iománaithe Átha Cliath roinnt blianta ó shin.
Mar mhíniúchán ar an gcúis gur fhág sé ainmneacha na bpáirceanna ar an dul ina rabhadar nuair a iompaíodh an fód orthu an chéad lá ariamh, luann sé an bealach go bhféadfadh athrú a theacht ar an lucht urraíochta ó am go chéile.
Is beag duine nach mbeadh meas acu ar a chuid réasúnaíochta.
Déarfainn gur bheag an locht a leagfaí air fiú dá gcuirfeadh sé leis sin go mba dhrogall leis iad siúd atá ar phócaí teanna (dá fhlaithiúla iad) a chur ar comhchéim leo siúd a d’oibrigh go deonach feadh a saoil ar son CLG, nó a bhfuil a n-ainmneacha in airde siocair gean an phobail a bheith orthu ar chúiseanna eile.
Beidh aithne leitheadach ar thuairim leath de na páirceanna a bhfuil a scéalta agus a ngriangrafanna le feiceáil i A Place To Play. Ó Pháirc an Chrócaigh anuas is iontu a imrítear príomhchluichí craoibhe agus sraithe na bliana.
Tá stair fhada ag baint le cuid mhaith de na páirceanna atá luaite, cé go mb’fhéidir nach é an t-ainm faoina n-aithnítear inniu iad a bhí orthu ó thús.
Seans go mba é Cluiche Ceannais Chontae na Banríona 1888 a bhí le tabhairt ar an gceann inar bhuaigh Baile na Cille craobhchomórtas na háite sin a dtugtar Contae Laoise air inniu. In ómós don Bhanríon Máire 1 (1516-1558) a tugadh an t-ainm sin ar an gceantar agus ba ina cuimhne a ainmníodh an baile ba mhó sa gceantar (Maryborough), Port Laoise an lae inniu. ‘Bloody Mary’ a thug a naimhde uirthi agus ní raibh baint dá laghad le sú trátaí ná ag vodka lena baisteadh!
Ba san áit cheannann chéanna ina bhfuil Páirc Uí Mhórdha anois a rinneadh an imirt.
Díol suime freisin ainm na páirce sin as féin. Ní in ómós d’aon duine amháin atá sin ainmnithe ach in ainm na treibhe a shíolraigh, más fíor, ó Chonal Cearnach.
Is amhlaidh cás do pháirc Thulach Mhór in Uíbh Fhailí atá ainmnithe in ómós do Mhuintir Chonchubhair agus don pháirc i nDún an Rí atá tiomnaithe do na Raghallaigh.
Seachas sin, mar is eol daoibh, is í nósmhaireacht Chumann Lúthchleas Gael cloí den chuid is mó le hainmneacha na naomh, iarimreoirí agus iarfheidhmeannaigh, trodaithe ar son na saoirse, baill den chléir agus a leithéid.
Is é lárionad CLG Dhoire ar an Abhainn Bheag i nDún Geimhin an pháirc is deireanaí a osclaíodh agus atá luaite in A Place To Play. Beagán le cois 10 mbliana atá caite ó himríodh an chéad chluiche ansiúd. Faoin tráth sin bhí scór bliain caite ag an gCoiste Contae ag iarraidh cead pleanála ar Chomhairle Baile Léim an Mhadaidh.
Ní nach ionadh, tá Páirc an Phiarsaigh Bhóthar na Trá i nGaillimh mar aon le ceann Bhaile Longfoirt luaite sa leabhar freisin, ach ba i bPáirc na bPiarsach ar an Inbhear Mór i gCill Mhantáin ba mhó a chuir mé suim, Litriú an Bhéarla a dhúisigh sin, Pearses’ Park.
Sea, Pádraig Mac Piarais i gceist anseo freisin ach sa gcás seo tiomnaithe freisin dá dheartháir Willie.
Cuir cluas ort féin an chéad bhabhta eile a mbeidh tú ag taisteal aneas ar an DART. Ag teannadh le lár na cathrach fógróidh an glór ‘Stáisiún na bPiarsach’. In ómós na beirte atá an áit sin ainmnithe freisin. Is minic dul amú ar lucht an Bhéarla a cheapann gur leis an tsráid in aice láimhe atá ceangal leis an ainm.
Sráid an Phiarsaigh. Stáisiún na bPiarsach.
Bhí an leabhar atá faoi chaibidil agam foilsithe le cúpla mí nuair a tharla réabadh roinnt seachtainí ó shin faoin athrú ainm a bhí le cur ar phríomhpháirc CLG i gCorcaigh.
I ngan fhios dó féin leag Humphrey Kelleher a mhéar ar an gcúis gur chuir daoine go leor cos i dtaca faoi sin.
Agus é ina Ardstiúrthóir ar Chumann Lúthchleas Gael chreid Pádraig Ó Caoimh go daingean gur cheart go mbeadh a bpáirc féin ag chuile chumann beo san eagraíocht agus d’oibrigh sé go dícheallach ar a shon sin.
19 páirc a bhí i seilbh CLG nuair a tháinig Ó Caoimh in oifig i 1929. Faoin am ar bhásaigh sé (1964) bhí 350 i gceist agus an bhliain seo caite bhí 1,745 páirc imeartha i seilbh rannóga éagsúla den chumann.
Ní obair í sin a bhfuil beag is fiú le déanamh di.
* A Place To Play, Humphrey Kelleher 2023, Merrion Press.
Fág freagra ar '‘Bloody Mary’ a thug a naimhde uirthi agus ní raibh baint dá laghad le sú trátaí ná ag vodka lena baisteadh!'