‘Bitch!’ a scríobhamar ar an leabhar ‘Peig’! Nach muide a bhí aineolach?

Ón Ardteist go dtí an Ghréig chuaigh ár gcolúnaí ar odaisé fhada i bhfochair Pheig Sayers

‘Bitch!’ a scríobhamar ar an leabhar ‘Peig’! Nach muide a bhí aineolach?

Tholgas fuath do Pheig ó na glúnta romham. Meas as cuimse a bhí agam ar an tsamhlaíocht agus acmhainn ghrinn a bhain le clúdach an eagráin scoile den leabhar áirithe sin a lot. Cuimhnigh ar na sárscileanna ealaíne agus agus an dua a caitheadh le ‘Bitch!’ a dhéanamh den teideal ‘Peig’.  

Bhí ar gach dalta a raibh an cúrsa onórach á dhéanamh aige don Ardteist Peig a léamh.

Níor léigh mise é. Níor thuig mé cad a bhí cearr leis ach gur rud éigin a bhain le meon an údair a bhí i gceist. Cos amháin san uaigh, cos eile ar a bruach…

Deirtí go raibh sé leadránach, nach raibh aon dóchas ann. D’éalaigh muidne uaithi, buíochas lenár múinteoir díograiseach Noel Collins, a thairg dúinn rogha eile ina ionad: finscéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Tá cuimhne mhaith agam ar re-enactment a rinneamar ar chuid den aicsean ag Lios Oilioll, cathaoir rí na Mumhan, taobh le Brú Rí i gcontae Luimnigh. 

D’fhan an Ghaeilge liom. Bhí suim agam sa stair agus sna logainmneacha. Bhínn ag scagadh línte d’amhráin ar an sean-nós de chuid Nioclás Toibín a bhí agam ar téip, féachaint an bhféadfainn brí a bhaint astu! Ach ba i gCorca Dhuibhne, mar a chaitheas seal ina dhiaidh sin, a tháinig meath ar an bhfuath do Pheig bocht. Ba ar ‘Pheig’ eile a chuireas aithne i gCorca Dhuibhne. An Peig a raibh aithne ag Jeremiah Curtin, eolaí béaloidis as Meiriceá, uirthi, an Peig a chuir Kenneth Jackson inár láthair.

B’fhéidir gur sa siopa leabhar deas sin sa Daingean, an Caife Liteartha, a fuaireas mo chóip de Scéalta ón mBlascaod, bailiúchán scéalta a bhreac an teangeolaí Sasanach Kenneth Jackson ó Pheig Sayers. Léim na scéalta seo den leathanach – scéalta staire, scéalta draíochta, scéalta Fiannaíochta, scéalta greannmhara. Chaithfeadh gur duine lán le daonnacht, le greann agus le pleidhcíocht ab ea an scéalaí seo. Léargas eile ar fad ar an mBlascaodach mná a bhí anseo – Blascaodach mallaithe a mbeadh a cuid eachtraí i bhfad níos oiriúnaí do dhalta scoile. Scéalta iad atá lán le gach aon saghas mothúchán, scéalta atá ar maos le samhlaíocht agus spraoi. Cén fáth gur tugadh dúinn in áit na scéalta seo seanbhean bhocht nach raibh sonas ná gliondar aici ina saol?

Scéalaí ab ea Peig, b’in é an ról a bhí aici i measc a pobail féin. Cé gur oibrigh sí go crua, agus go raibh saol deacair aici, is léir gur bhean í a chuaigh i ngleic leis an saol sin lena cuid samhlaíochta, lena stór béaloidis agus lena sprid.Griot den scoth, nó gníomhaí oidhreachta ab ea í, a thug léi cuimhne, mothúcháin, sprid agus greann a cine. 

Agus iniúchadh níos géire á dhéanamh agam ar an scéal thart ar an am sin, fuaireas amach gur sórt ‘invention’ de chuid a mic Micheál agus an eagarthóra Máire Ní Chinnéide ab ea cuid den leabhar a bhí ar chúrsa na hArdteiste. Deirtear go raibh meon sách gruama ag mac Pheig. B’fhéidir gurbh é sin ba chúis leis an tréith dhubhach i sleachta áirithe sa leabhar. Ina theannta sin, fágadh seasca leathanach ar lár san eagrán scoile, nó beagnach an ceathrú cuid de.  D’fhoilsigh An Sagart, teach foilsitheoireachta an uasail Pádraig Ó Fiannachta, eagrán nua de Peig i 1998, curtha in eagar ag an Ollamh Liam P Ó Murchú as Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Tá an t-eagrán sin as cló, fad is eol domsa. 

Bhíos sa Ghréig le déanaí agus ba i  bpríomhchathair na tíre sin a tháinig mé ar eagrán T.E. Laurence den Odyssey.  Bhain a ghleoite agus a shnasta a bhí an scéalaíocht inti geit asam.  2,500 bliain a bhí idir mé féin agus an scéalaí sa chás seo ach chuir sé i gcuimhne dom an chaoi a ndeachaigh scéalta Pheig i bhfeidhm orm agus spreagadh chun taighde arís mé. 

Tháinig mé ar chlár faisnéise ar líne faoi na Blascaodaí ina raibh agallamh le Seoirse Mac Thomáis, an sóisialach agus scoláire Sean-Ghréigise,  ina ndeir sé gurb é cultúr na mBlascaodach an eochair a thug tuiscint dó ar mheon na sean-Ghréige.

Mhair scéalta na mBlascaodach beo ar feadh cianta, ar an gcaoi chéanna a mhair seanchas na Traí agus na scéalta ársa eile a d’insítí i measc i measc na ngnáthdhaoine sular scríobhadh síos in aon leabhar iad. 

Ar theacht ar ais dom go hÉirinn, d’aimsíos seanchóip de Peig. An tsean-namhaid, mar dhea!

Ach an uair seo, ní chun caitheamh anuas uirthi a tharraing mé chugam a scéal, ach mé ag tnúth go mór le héachtaint a fháil ar shaol agus ar mheon duine de mhórphearsana cultúrtha na tíre.  Agus an leabhar á léamh agam, bhraitheas ann í. Cinnte, tá an t-éadóchas ann in áiteanna, ach tá léargas ann chomh maith ar an bhféith ghrinn a bhí inti, ar a croí geanúil spraíúil, ar a suim san fhilíocht, i seanchas a pobail agus a tíre. Í mar chailín aimsire, mar sclábhaí feirme ach a dínit agus a meon neamhspléach féin aici i gcónaí. A sprid agus a teanntás fós beo, in ainneoin bholscaireacht chráifeach Éire Oifigiúil. 

Tá Peig agus a cuid scéalta agus a cuid seanchais fós le tarrtháil againn. B’fhiú é mar tá spreagadh agus samhlaíocht iontu. Is seod cultúrtha agus liteartha í Peig. Déanaimis céiliúradh uirthi. Scaoilimis amach í ó laincis mharfach Éire Oifigiúil. 

Fág freagra ar '‘Bitch!’ a scríobhamar ar an leabhar ‘Peig’! Nach muide a bhí aineolach?'