Bíonn radharcanna fada ag na mná sna sobaldrámaí thar lear

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ní háibhéil go sobaldrámaí na Brasaíle, ach is féidir le scríbhneoirí ceacht tábhachtach amháin a fhoghlaim ón seánra sin

Bíonn radharcanna fada ag na mná sna sobaldrámaí thar lear

Idir a 5 agus a 6 tráthnóna, an t-am den lá a mbím san ionad aclaíochta, taispeánann an craoltóir teilifíse Brasaíleach Globo telenovela ón gcartlann. 

Pornagrafaíocht bhog gléasta suas mar shobaldrámaí, ba é sin a rinne de Globo ceann de na himpireachtaí meán is mó agus is cumhachtaí ar chlár na cruinne, agus ní haon iontas é go bhfuil cartlann an chraoltóra ag cur thar maoil. 

Seoid ón mbliain 2003 atá á hathchraoladh faoi láthair: Mulheres Apaixonadas.  

‘Mná i nGrá.’ 

Níl sé ar na teidil is caolchúisí dá bhfaca mé riamh.  

Ní chuireann an chaoi a dtagann an teideal aníos ar an scáileán tar éis na mbristeacha fógraíochta aon fhiacail ann ach oiread: foireann chló a mheabhródh duit teachtaireacht a scríobhfaí ar scáthán le béaldath dearg. 

Ach ar a laghad ar bith is léir ar an bpointe boise cén lucht féachana a bhíonn ar intinn ag Globo lena gcuid sobaldrámaí: mná. Agus ní dhéantar aon iarracht ach oiread a chur i bhfolach céard a cheapann scríbhneoirí na sobaldrámaí sin (fir den chuid is mó – sheiceáil mé) a bhíonn ar a n-intinn ag mná gan stad gan staonadh. Leoga, bíonn mná i ngrá! 

Bíonn fuaim an teilifíseáin san ionad aclaíochta múchta ach ní gá duit an comhrá a chloisteáil chun an scéal a leanúint. Is leor súil a choinneáil ar aghaidheanna na n-aisteoirí, a thaispeántar i seatanna rí-theanna agus a léiríonn gach mothúchán go mionsonrach agus sa slómó is moille a d’fhéadfá a shamhlú. Tógann miongháire amháin 30 soicind agus go bhfóire Dia ort má thosaíonn duine de na mná atá i ngrá ag caoineadh, rud a tharlaíonn go minic: bí cinnte go léireofar cúig chéim an bhróin ar a seal, agus go dtógfaidh gach céim nóiméad iomlán.  

Murar leor sin, bíonn na haisteoirí ag caint leo féin os ard agus iad ag glanadh an tí nó i mbun gníomh fánach éigin eile, ar eagla go gcaillfeadh an lucht féachana amach ar ghné éigin dá bhfulaingt inmheánach nó dá gcuid pleananna chun a naimhde a scrios. 

Timpiste bhóthair de shobaldráma atá in Mulheres Apaixonadas, timpistí bóthair de mhná iad na príomhcharachtair – d’fhágfaidís cuma stuama ar Blanche as A Streetcar Named Desire – agus mar bharr ar an ádh bhí radharc in eagrán an lae inné inar tharla, thomhais tú i gceart é, timpiste bhóthair.  

Bíonn radharcanna fada ag na mná sna sobaldrámaí thar lear (brón orm faoin imeartas focal.) Agus sa radharc sin in eagrán an lae inné, a bhí ag imeacht siar is aniar idir carr ar luas buile san am i láthair agus argóint a bhí an bhean a bhí ag tiomáint tar éis a bheith aici leis an bhfear a raibh sí i ngrá leis, sa radharc sin thóg sé 15 nóiméad (agus dhá bhriseadh fógraíochta) ar an mbean bhocht a carr a bhualadh in aghaidh an bhalla faoi dheireadh.  

Faoin am sin bhí dearmad déanta agam ar an aclaíocht. Bhí mé i mo staic os comhair an teilifíseáin mhúchta agus bhí an riocht céanna ar dhuine nó beirt le mo thaobh.  

Rud eile atá i gcoitinne le timpistí bóthair ag sobaldrámaí na Brasaíle ná nach mbíonn neart agat ort féin: ní féidir leat do shúile a bhaint díobh. Agus sin é an ceacht scríbhneoireachta is féidir a fhoghlaim ó sheánra an telenovela: uaireanta ní bhíonn rud ar bith níos mealltaí ná an rud a bhíonn rómhilis, rógháifeach, ró-áiféiseach nó rómhionsonrach.  

Ach má théann tú thar fóir, téigh thar fóir ar fad. 

Fág freagra ar 'Bíonn radharcanna fada ag na mná sna sobaldrámaí thar lear'

  • Peter Groarke

    “Pornagrafaíocht bhog”. GOA. Tá an ceart ar fad agat.