Bíonn ‘La Peste’ le Albert Camus tráthúil i gcónaí

Cé nach aon phlá an galar Covid-19 spreag sé ár gcolúnaí úrscéal Albert Camus ‘La Peste’ a léamh athuair

Bíonn ‘La Peste’ le Albert Camus tráthúil i gcónaí

Albert Camus

Francach a frítheadh marbh ar an staighre an chéad chomhartha go bhfuil rud éigin as cor. Ní fada go mbíonn na mílte francach ag teacht os cionn talún is iad ag fáil bháis ar shráideanna an bhaile i lár an lae. Faoin tráth sin tá imní ag teacht ar mhuintir an bhaile. Ansin, gan choinne, tagann meath ar líon na bhfrancach agus is gearr nach mbíonn ceann ar bith le feiceáil. Is ina dhiaidh seo a éiríonn daoine ar an mbaile tinn – cnapacha at móra ata ar a gcolainneacha, teocht an-ard acu. Tar éis roinnt laethanta, tá suas le scór duine básaithe. Tugann na nuachtáin le fios go bhfuil chuile rud faoi smacht. Bíonn leisce ar na húdaráis áitiúla aon cheo a dhéanamh ar dtús; ní theastaíonn uathu sceon a chur ar an bpobal. Ach de réir a chéile tá líon na ndaoine atá ag fáil bháis ag méadú. Tá roinnt dochtúirí den tuairim gur ráig den phlá is siocair leis na básanna. Cuireann siad brú ar na húdaráis gníomhú.

Oran, ar chósta na Meánmhara san Ailgéir, an baile atá i gceist sa scéal. Bhí an tír faoi riail na Fraince ag an am. Ba i mbaile eile san Ailgéir, Mondovi, atá breis is 900km ó Oran, a rugadh Albert Camus, údar La Peste, an t-úrscéal ina dtiteann na heachtraí seo amach. Sa mbliain 1947 a céadfhoilsíodh La Peste agus cuireadh amach an leagan Béarla, The Plague, an bhliain dár gcionn. Ní raibh sé riamh as cló ó shin. Níl leagan Gaeilge ar fáil, ach tá sé aistrithe go dtí go leor teangacha eile.

In Oran, crochtar fógraí beaga oifigiúla timpeall an bhaile, in áiteanna nach bhfuil feiceálach, ag tabhairt le fios go bhfuil an fiabhras tolgtha ag roinnt daoine ach nach bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil sé tógálach. Níl aon chall imní, a mhaíonn na húdaráis, ach is gá roinnt seifteanna a chur i bhfeidhm, ar eagla na heagla. Cuirtear béim ar an nglaineacht sna fógraí agus deirtear go mbeidh daoine tinn á gcur i mbardaí leithlise san ospidéal.

Méadaíonn líon na ndaoine atá ag fáil bháis, áfach, agus osclaítear ospidéal eile. Sa deireadh, eisítear an t-ordú: caithfear an baile a dhúnadh toisc an phlá bheith á scaipeadh.

Níorbh é coilíniú na Fraince ar an Ailgéir a spreag  Albert Camus chun La Peste a scríobh, ach an faisisteachas. Bhí tamall caite aige ina chónaí i bPáras, áit a raibh sé ag obair mar iriseoir, faoin tráth gur ghlac na Gearmánaigh seilbh ar an gcathair sin i Meitheamh na bliana 1940. Ba in Oran a chuir sé tús leis an úrscéal sa mbliain 1941. Bhí sé féin ag fulaingt leis an eitinn ag an am. D’fhill sé ar an bhFrainc an t-earrach dár gcionn agus bhí sé ina bhall den Resistance agus ina eagarthóir ar an nuachtán Combat.

Ní théann Camus thar fóir agus scéal na plá á insint aige. Stíl scríbhneoireachta mar a bheadh i dtuarascáil, nó i gcáipéis dá leithéid, a úsáideann sé agus na fíricí loma á dtabhairt aige dúinn.

Tar éis na geataí a dhúnadh, tá Oran scartha amach ón domhan mór. Caithfidh longa atá ag triall ar an mbaile filleadh abhaile. Cuirtear cúpla long atá sa chalafort cheana féin ar coraintín. Ní scaoiltear aon fheithicil isteach san áit. Cuirtear srianta ar an méid bia is féidir a cheannach; déantar ciondáil ar bhreosla. Cé nach bhfuil rud ar bith fágtha i roinnt siopaí, ní stopann sin daoine ag bailiú ag na doirse. Ardaítear praghsanna gnáthearraí agus is iad lucht an airgid amháin atá ina n-acmhainn. Bíonn níos mó óil á dhéanamh.

Seacht mbliana i ndiaidh La Peste a fhoilsiú, i mí na Samhna 1954, a thosaigh an t-éirí amach san Ailgéir in aghaidh na Fraince, a bhí i réim sa tír ó 1830. Mhair an cogadh sin go dtí Márta 1962 agus bhain an Ailgéir neamhspleáchas amach. Cogadh fuilteach a bhí ann inar maraíodh na céadta mílte agus a d’fhág a lorg ar an saol sa dá thír.

I mbaile Oran, tá an oiread ag fáil bháis, go gcinneann na húdaráis na sonraí báis a chur ar fáil go laethúil ar eagla go scanródh na figiúirí móra na daoine. Mar phionós as peacaí mhuintir an bhaile atá an phlá á gcrá, a mhaíonn sagart ina sheanmóir. Cuirtear srianta coraintín níos déine i bhfeidhm. Cuirtear daoine a bhfuil an phlá orthu i gcampaí ar imeall an bhaile. Téann na míonna thart.

Ach de réir a chéile faightear an lámh in uachtar ar an ráig agus faigheann níos lú daoine bás dá barr. Faoi dheireadh, fógraítear go bhfuil an baile slán ón bplá. Coicís ina dhiaidh sin osclaítear na geataí. Filleann an pobal ar an  ngnáthshaol.

Ach ní hé sin le rá go bhfuil an saol sin thar mholadh beirte, dar le Camus.

Bronnadh an Duais Nobel sa Litríocht ar Albert Camus sa mbliain 1957. Trí bliana ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 1960, maraíodh é i dtimpiste bhóthair 105 km ó dheas de Pháras. Bhí sé 46 bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Bíonn ‘La Peste’ le Albert Camus tráthúil i gcónaí'

  • alan titley

    Is fíor nach bhfuil ‘La Peste’ i nGaeilge, ach tá ‘An Strainséara’ a d’aistrigh Diarmaid Ó Gráinne go máistriúil, agus a d’fhoilsigh Coiscéim…