Bileoga toghchán Béarla sa Ghaeltacht – Kyne le ‘breathnú’ ar réiteach dlí

Is ‘cúis aiféala’ d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael gur scaipeadh bileoga Béarla dá gcuid sa Ghaeltacht

Bileoga toghchán Béarla sa Ghaeltacht – Kyne le ‘breathnú’ ar réiteach dlí

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá Aire Stáit na Gaeltachta chun scrúdú a dhéanamh ar leasú ar an dlí teanga chun a chinntiú nach dtarlóidh sé arís go scaipfí bileoga toghcháin i mBéarla amháin sa Ghaeltacht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne an méid sin tráthnóna inné agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoi thuairisc ar an suíomh seo maidir le hábhar toghcháin i mBéarla amháin a bheith á scaipeadh sa Ghaeltacht.

Ag labhairt dó ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit gur “chúis aiféala” dó go raibh Fine Gael ar na páirtithe a scaip bileoga Béarla sa Ghaeltacht.

Dúirt sé go raibh gá réiteach a fháil ar an scéal roimh an gcéad olltoghchán eile agus go bpléifeadh sé le feidhmeannaigh a roinne an bhféadfaí dualgas reachtúil a leagan ar pháirtithe na bileoga toghcháin a bheith dátheangach ar a laghad sa Ghaeltacht feasta.

Rachaidh sé i gcomhairle na bhfeidhmeannach mar chuid den phlé atá ar bun faoi láthair faoin mbille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

D’fhéadfadh Aire na Gaeltachta foráil nua a chur sa reachtaíocht go mbeadh dualgas ar pháirtithe polaitíochta atá cláraithe go hoifigiúil a gcuid bileoga eolais a bheith i nGaeilge nó go dátheangach.

D’fhéadfadh sé freisin leas a bhaint as an reachtaíocht atá ann cheana féin chun forordú a dhéanamh faoin Acht Teanga chun páirtithe polaitíochta oifigiúla a thabhairt faoi scáth an Achta mar ‘chomhlachtaí poiblí’.

De réir na reachtaíochta, is ceadmhach don Aire é sin a dhéanamh i gcás eagraíocht ar bith a fhaigheann 50% nó níos mó dá maoiniú ón Stát.

Dúirt Stiúrthóir Toghchán Fhianna Fáil Thomas Byrne ar an gclár céanna nach raibh sé “ceart ná cóir” ag a bpáirtí bileoga toghcháin a bhí i mBéarla amháin a scaipeadh sa Ghaeltacht. Chinnteodh sé, a dúirt Byrne, nach dtarlódh sé arís.

Dúirt sé go nglacfadh sé le hathrú sa dlí chun a chinntiú go mbeadh na bileoga dátheangach feasta dá gceapfaí go mbeadh gá lena leithéid, ach bhí imní air go dtógfadh a leithéid rófhada.

Dúirt sé gur chóir do na páirtithe go léir cruinniú a bheith acu le Conradh na Gaeilge roimh an olltoghchán chun teacht ar chomhaontú a chuirfeadh deireadh leis an nós bileoga i mBéarla amháin a scaipeadh.

Fág freagra ar 'Bileoga toghchán Béarla sa Ghaeltacht – Kyne le ‘breathnú’ ar réiteach dlí'

  • An Déaghnach

    Cúis aiféala i gcónaí ‘s tada eile, feictear domsa.

  • Seán Mac Gearailt

    An sean scéal céanna ag na polaiteoirí :”caithfimid a chinntiú nach dtarlóidh sé seo (pé rud é) arís.”

  • Donla uí Bhraonáin

    Agus céard fúinne a bhfuil cónaí orainn taobh amuigh den Ghaeltacht ach a bhfuil ár n-ainmneacha, ár sloinnte, ár gcártaí vótála i nGaeilge? Gan trácht ar dhaoine eile ar mhaith leo aitheantas éigin don Ghaeilge a fheiceáil ar na bileoga?