Bhí réiteach ann, ní raibh réiteach ann… Cinntíodh an dá rialtas nach gcloisfear a leithéid arís…

Má tá lomchlár na fírinne á insint ag Mary Lou McDonald agus Arlene Foster faoi theip cainteanna Stormont, conas a tharla an mhíthuiscint agus conas is féidir a leithéid a sheachaint arís?

Bhí réiteach ann, ní raibh réiteach ann… Cinntíodh an dá rialtas nach gcloisfear a leithéid arís…

Má theastaigh cruthúnas nárbh é leas na polaitíochta i Stormont é an rúndacht, fuaireamar go soiléir é tráthnóna Déardaoin. Tráth machnaimh é don dá rialtas nach raibh ar an eolas go minic faoina raibh ag tarlú sa phlé idir an DUP agus Sinn Féin.

Baineadh siar as go leor nuair a d’fhógair ceannaire Shinn Féin go roinnfeadh an páirtí leis an dá rialtas an socrú a bhí déanta acu leis an DUP, an socrú gur loic an DUP air, dar leo.

‘Dochreidte’ barúil na coitiantachta faoin dá rialtas a bheith dall ar an margadh agus ar an margáil.

Dúirt an Tánaiste, Simon Coveney agus an Státrúnaí Karen Bradley gur theastaigh uathu a chinntiú go ndéanfaí comhréiteach agus go dtógfaí ar an mbunús réitigh a bhí ann go dtí Dé Céadaoin. Má theastaíonn dreas eile margála ón dá rialtas, an admhóidh siad go raibh na cainteanna rúnda idir an DUP agus Sinn Féin lochtach easnamhach mar phróiseas? Má éiríonn leo cainteanna a chur sa tsiúil arís an gcinnteoidh siad gur próiseas oiriúnach don fheidhm a bheidh ann? Ceann ina mbeidh a fhios ag daoine an bhfuil réiteach déanta nó nach bhfuil? Ceann le cathaoirleach neamhspleách, cuir i gcás, ó tharla go raibh doicheall ag an DUP roimh Simon Coveney agus ag Sinn Féin roimh Státrúnaí Comhach?

Ceithre huaire fichead tar éis d’Arlene Foster stop a chur leis an idirphlé, mhaígh Sinn Féin athuair go raibh dréacht de réiteach aontaithe leis an DUP an tseachtain seo caite. Dúirt uachtarán nua an pháirtí, Mary Lou McDonald, nach bhfoilseodh siad an dréacht sin ach liostáil sí ábhair a bhí ann agus nach raibh ann.

Bhí acht Gaeilge ann, a dúirt McDonald, a cheadódh go sonrach go gceapfaí coimisinéir teanga agus go gcuirfí ar ceal an toirmeasc atá ar an nGaeilge sna cúirteanna. Ní raibh tada ann faoi Ghaeilge éigeantach sna scoileanna ná faoi chuótaí Gaeilgeoirí sa státseirbhís, a dúirt McDonald. Bhí acht Ultaise ann agus acht a thabharfadh aitheantas do theangacha agus don iolrachas, ar sí. Dúirt Uachtarán Shinn Féin, nach raibh plean ann chun pósadh comhghnéis a cheadú go reachtúil ach go raibh aontas ann faoi na coinníollacha a bhainfeadh leis an achainí chásmhaireachta – srian ar úsáid an veto. Anuas air sin, bhí comhthuiscint idir Sinn Féin agus rialtas na Breataine faoi oidhreacht na dTrioblóidí.

Ag tagairt do ráiteas Mary Lou McDonald, dúirt feisire Parlaiminte an DUP, Gregory Campbell nár thángthas ar aon réiteach. Nuair a ceistíodh níos déine é, dúirt sé nach raibh sé páirteach sna cainteanna an tseachtain seo caite ach go raibh sé ar an eolas faoina raibh ar siúl. Bhrúcht gearáin faoi éilimh Shinn Féin as Campbell, ach níor shoiléirigh sé aon cheo. Labhair ceannaire an DUP, Arlene Foster le Sky News agus cheistigh sí insint Shinn Féin ar chúrsaí. Níor léir an ag iarraidh a bheith Íosánach a bhí sí, ach dúirt sí nach ndearnadh aon mhargadh a bhféadfadh sise iarraidh ar a comhghleacaithe glacadh leis. Arbh ionann sin agus a rá nach ndearnadh aon mhargadh?

Nó an amhlaidh go ndearnadh dréachtmhargadh agus gur thuig ceannaire an DUP faoin Luan gur shaothar in aisce a bheadh ann tacaíocht an pháirtí a iarraidh. Bhí an míshuaimhneas san DUP agus i measc aontachtaithe eile follasach Dé Luain. Áiféis a bhí sa scaoll a cuireadh ar dhaoine faoi na forálacha a bheadh in acht Gaeilge, ach thug sé deis do dhaoine a bhí in éadan an éilimh ar acht (nó in éadan aitheantas don Ghaeilge) cuma na réasúntachta a chur ar a seasamh.

Bheadh gá le misneach agus dánacht ó cheannaireacht an DUP chun aghaidh a thabhairt ar easaontóirí sa pháirtí féin, san UUP, sa TUV agus san Ord Oráisteach.

Má tá an mianach sin in Arlene Foster (agus ní léir sin go fóill) ní foláir nó go ndearna sí cinneadh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid i gcás na Gaeilge. Dúirt sí le RTÉ nár mhol sí an dréachtmhargadh d’ionadaithe an DUP.

Ní nach ionadh tá an dá pháirtí ag cur milleán ar a chéile faoin teip. Go dtí seo, áfach, ní raibh an lochtú chomh binbeach is a bhí in amanna eile – comhartha go bhfuil a fhios acu go gcaithfidh siad suí síos le chéile arís, uair éigin. Má tá lomchlár na fírinne á insint ag Mary Lou McDonald agus Arlene Foster conas a tharla an mhíthuiscint?

Tá cinntí tromchúiseacha le déanamh sa ngearrthéarma – buiséad do Thuaisceart Éireann agus socrú faoi na rátaí go práinneach.

Tá plé le déanamh anois idir an dá rialtas faoin gcéad chéim eile. Tá cruacheisteanna le fuascailt maidir leis an riail dhíreach agus ról an rialtais i mBaile Átha Cliath. Scrúdóimid iad sin lá eile. Ach i bhfianaise na praisí i Stormont ní mór do na rialtais an próiseas cainteanna i Stormont a athscrúdú agus a leasú. Murach a thábhachtaí is atá an scéal, chuirfeadh an céapar i Stormont na cait ag gáirí –

‘Bhí réiteach ann’… ‘ní raibh réiteach ann’. Cinntíodh an dá rialtas nach gcloisfear a leithéid arís.

Fág freagra ar 'Bhí réiteach ann, ní raibh réiteach ann… Cinntíodh an dá rialtas nach gcloisfear a leithéid arís…'