‘Bhí muid mar underdog ón tús’  – ‘An Cailín Ciúin’ á fhéachaint le heipic Netflix ag na Oscars

Tá rannóg na scannán idirnáisiúnta ag na 95ú Gradaim Oscar áirithe ar cheann de na rannóga is déine ó thaobh na hiomaíochta i mbliana

‘Bhí muid mar underdog ón tús’  – ‘An Cailín Ciúin’ á fhéachaint le heipic Netflix ag na Oscars

Níl mórán ag tabhairt seans do An Cailín Ciúin Oscar a bhuachan an Domhnach beag seo, ach sin mar a bhí riamh, a deir lucht déanta an scannáin.

Pé rud a tharlóidh tá meitheal an scannán Gaeilge is mó rath riamh, meáite ar súp a bhaint as an gcuid dheireanach dá dturas iontach go dtí Hollywood.

Is é All Quiet on The Western Front, rogha mhór na coitiantachta don ghradam don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus 1/40 an praghas atá ag na geallghlacadóirí ar an scannán cogaidh ón nGearmáin a bhfuil na milliúin caite ag Netflix á phoibliú.

9-1 atá ar fáil ar an saothar is giorra dó, Argentina,1985,  scannán faoi lucht dlí a throid in aghaidh na deachtóireachta míleata brúidiúla a bhí san Airgintín.

Tá ainnir na hÉireann An Cailín Ciúin ina dhiaidh sin ar 10-1, an praghas céanna atá ar fáil ar Close na Beilge. 20-1 atá ar EO na Polainne.

In ainneoin thuairim na coitiantachta, tá misneach i gcónaí ag lucht An Cailín Ciúin, a bhfuil gaisce gan choinne i ndiaidh gaisce gan choinne déanta acu ó taispeánadh a saothar den chéad uair breis is bliain ó shin.

“Bhí muid mar underdog ón tús,” a deir Cleona Ní Chrualaoí, léiritheoir An Cailín Ciúin le Tuairisc.

“Bhí gach duine ag rá linn gur muide an Dark Horse, ‘an Capall Dorcha’. Sin roimh an ngearrliosta agus ansin d’éirigh linn dul ar an ngearrliosta agus ag an bpointe sin, aimsir na Nollag, ní raibh muid cinnte an bhfaigheadh muid ainmniúchán.

Cloisfear Gaeilge ar an ardán má bhíonn rith an ráis le ‘An Cailín Ciúin’ ag na gradaim Oscar

“Ní raibh muid ag súil leis go cinnte. Ní fhéadfaimis á rá aon uair gurb é seo an toradh agus tá muid chomh sásta agus chomh bródúil. An chéad uair d’fhadscannán Gaeilge a bheith ainmnithe agus cuireann sin bród an domhain orainn, go háirithe mar Ghaeilgeoirí,” a deir Cleona Ní Chrualaoi.

Tá na geallghlacadóirí agus na saineolaithe ag déanamh talamh slán de gur chun na Gearmáine a rachaidh an gradam. Ach oiread leis An Cailín Ciúin, fuair All Quiet on the Western Front ardmholadh, cé gur cáineadh go géar sa Ghearmáin é as gan fanacht dílis don stair ná don úrscéal ar a bhfuil sé bunaithe.

Cuireadh i leith Patrick Berger, stiúrthóir an scannáin, ina thír dhúchais gurb amhlaidh gur ‘Oscar-Geilheit’, nó dáir chun Oscar, a bhí air.

Idir an dá linn, is léir go bhfuil comhlacht geallghlacadóireachta amháin den tuairim go bhfuil seans maith ann go gcloisfear Gaeilge ó cheann de na buaiteoirí sa Dolby Theatre an Domhnach beag seo. 4-9 atá á thairiscint ar Ghaeilge éigin a bheith le cloisteáil in óráid duine de na buaiteoirí.

Dheimhnigh Colm Bairéad, stiúrthóir agus scríbhneoir an chéad scannáin Ghaeilge a bhain áit amach ag na Oscars, do Tuairisc go mbeidh an teanga á labhairt ar an bpóidiam sa Dolby Theatre má bhíonn rith an ráis leis An Cailín Ciúin.

“Cibé rud a tharlaíonn tá muid chun an scannán féin a cheiliúradh agus gach rud atá bainte amach ag an scannán go dtí seo a cheiliúradh,” a deir Colm Bairéad.

Fág freagra ar '‘Bhí muid mar underdog ón tús’  – ‘An Cailín Ciúin’ á fhéachaint le heipic Netflix ag na Oscars'