Casadh fear orm ar scríobhadh leabhar faoi.
Nach iomaí duine a scríobhtar leabhair fúthu? a deir tú.
Ach ní beathaisnéis a bhí anseo, saothar ficsin a bhí ann. Úrscéal grafach, le bheith cruinn.
Bhí m’aird meallta ar an bpointe boise. Fearacht mórchuid scríbhneoirí eile, bunaím féin mo chuid carachtar ficseanúil ar dhaoine, nó ar mheascán daoine éagsúla, ón bhfíorshaol. Ach mar scríbhneoirí, ní fhaighimid deis go rómhinic breathnú ar an taobh eile den scéal – taobh na Bé, mar a déarfá.
Leannáin a bhíodh san fhear a casadh orm agus in údar an úrscéil ghrafaigh. Ach bhí cónaí ar dhuine amháin i dtír amháin agus ar an duine eile i dtír eile, agus tar éis bliana nó dhó theip ar an gcianchaidreamh.
‘An raibh a fhios agat sular foilsíodh an t-úrscéal sin go raibh leabhar á scríobh faoi bhur gcaidreamh ag d’iarchéile?’ a d’fhiafraigh mise. ‘An ndearna sibh aon socruithe faoi?’
‘Bhí a fhios, agus gheall sé dom go gcuirfeadh sé dréacht den saothar chugam sula bhfoilseofaí é. Rud a rinne, ach bhí an leabhar ar tí a bheith curtha i gcló faoin am sin, bhí deifir leis, agus ós rud é nach raibh an léiriú grafach a rinne sé orm céad faoin gcéad cosúil liom féin dúirt mé leis dul ar aghaidh, go raibh sé ceart go leor.’
Ach ní raibh an teanga inar scríobhadh téacs an úrscéil ghrafaigh ag an bhfear ar scríobhadh an t-úrscéal faoi, agus ní bhfuair sé amach go dtí tar éis don leabhar na liostaí mórdhíola a bhaint amach sa tír inar foilsíodh é gur aithris ghlan ar an bhfírinne a bhí sa saothar.
‘Níor athraigh sé a dhath, ní hamháin faoinár gcaidreamh, ach fúmsa mar dhuine.’
Go deimhin, bhí oiread fíricí sa leabhar gur éirigh le níos mó ná léitheoir amháin an fear a spreag an saothar a aimsiú ar Facebook agus ar Instagram.
‘Is cuma liom ar bhealach agus níl mé chun raic a tharraingt faoi. Ach níl sé mar ba chóir.’
Níl, muise, agus bhí allas le mo bhaithis féin ag éisteacht leis an scéal.
Is iomaí uair a bhunaigh mé féin carachtair fhicseanúla ar dhaoine ón bhfíorshaol. An ndearna mé dóthain athruithe? a d’fhiafraigh mé díom féin. Nó ar fhan mé ródhílis don fhírinne?
Tús maith lena chinntiú nach aithris ghlan ar fhíordhuine a bheidh i gcarachtar ficseanúil, ná an carachtar ficseanúil a bhunú ar níos mó ná duine amháin. Ar an gcaoi sin, cruthóidh ‘comhábhair’ na bpearsanachtaí agus na dtréithe fisiciúla éagsúla carachtar úrnua a spreagfaidh scéal dá chuid féin – agus sin é an bealach lena chinntiú gur saothar ficsin a bheidh agat, seachas aithris ghlan ar fhíorscéal a chothóidh baol ar chás leabhail duit lena chois.
Fág freagra ar '‘Bhí léitheoirí an úrscéil in ann mé a aimsiú ar Facebook agus Insta’'