Bhí beocht agus fiántas i bpictiúir Gertrude Degenhardt nach raibh feicthe roimhe sin

Tá cuimhne mhaith ar Ghertrude Degenhardt sa Spidéal i gConamara mar chaitheadh sí féin is a fear tréimhsí chuile bhliain ag cur fúthu i dteach ceann tuí

Bhí beocht agus fiántas i bpictiúir Gertrude Degenhardt nach raibh feicthe roimhe sin

Pictiur: Paul Müller/wita

Fear suite taobh na farraige agus é ag casadh na fidle, fear is bean ag damhsa go fiáin, bean ag seinnt na cruite.

B’in roinnt de na híomhánna a chruthaigh Gertrude Degenhardt, ealaíontóir ón nGearmáin a raibh dlúthcheangail aici le Conamara, agus atá ar shlí na fírinne.

Más radhairc sách coitianta do mhuintir iarthar na hÉireann iad ceoltóirí traidisiúnta i mbun a gceirde, ní raibh taithí acu ar an gcaoi inar chuir Gertrude Degenhardt lucht an cheoil agus daoine nach iad os a gcomhair den chéad uair leathchéad bliain ó shin.

Tá beocht agus fiántas, chomh maith le blas den osréalachas, ina cuid pictiúr nach raibh feicthe roimhe sin.

Bhí a stíl chomh neamhchoitianta sin nach bhféadfaí gan a saothar a aithint má bhí ceann nó dhó dá pictiúir feicthe cheana.

Is as éin bheo atá fráma na cruite atá á casadh ag an mbean sa bpictiúr atá luaite thuas.

I saothar eile, tá fear ag casadh na píbe agus iasc beo casta timpeall ar a mhuineál.

Rugadh Gertrude Degenhardt, née Schwell, i gcathair Nua-Eabhrac i 1940, ach d’aistrigh a muintir go Beirlín na Gearmáine le linn a hóige.

Sna 1950idí, bhogadar go Mainz, áit ar fhreastail Gertrude ar scoil na healaíne.

Faoin mbliain 1966, bhí sí ag saothrú a cuid mar ealaíontóir neamhspleách agus ba mar ealaíontóir a bhain sí slí bheatha amach an chuid eile dá saol.

Sna 1970idí a tháinig sí go hÉirinn agus go Gaillimh den chéad uair agus í ag déanamh pictiúr do chnuasach gearrscéalta le Liam Ó Flaithearta a bhí le foilsiú sa nGearmáin.

Tá cuimhne mhaith ar Ghertrude Degenhardt sa Spidéal mar chaitheadh sí féin is a fear Martin tréimhsí chuile bhliain ag cur fúthu i dteach ceann tuí i Seanadh Gharráin, cúpla míle ó thuaidh den sráidbhaile.

Bhíodh sí Tigh Hughes ar an mbaile agus ceaptar gurbh sa teach ósta cáiliúil úd a fuair sí an inspioráid do roinnt dá cuid pictiúr.

Ach más daoine a spreag a healaín, ba í a samhlaíocht a d’úsáid sí chun na híomhánna a chruthú.

Taispeánadh pictiúir le Gertrude Degenhardt sa Stone Art Gallery a bhunaigh an Spáinneach Jesus Modia (nach maireann) sa Spidéal i 1977.

Ba sa dánlann úd a taispeánadh chomh maith saothair le healaíontóirí eile a bhí ag cur fúthu sa gceantar: Pádraic Reaney, as an gCeathrú Rua ó dhúchas, agus Jay Murphy agus Brian Bourke as Baile Átha Cliath ina measc.

Is iomaí taispeántas a bhí aici i nDánlann Uí Chionnaith i nGaillimh ó na 1980idí amach.

Is leis an dánlann úd atá Gertrude Degenhardt ceangailte i gcuimhne na ndaoine agus ó fógraíodh a bás tá ómós tugtha ag go leor di ar leathanach Facebook na dánlainne.

In earrach na bliana 2023 a bhí a taispeántas deiridh – Flying Melodies – ag Gertrude Degenhardt le muintir Uí Chionnaith. Pictiúir a rinne sí thar thréimhse 40 bliain a bhí le feiceáil ansin.

Ó thús an chéid seo, d’oibrigh Dean Kelly ó Dhánlann Uí Chionnaith le Gertrude Degenhardt le taispeántais go leor léi a chur i dtoll a chéile.

Is ealaíontóir é Dean chomh maith agus dúirt sé gur fhoghlaim sé ó Ghertrude go bhfuil an cumas san ealaín a bheith caoin agus fíochmhar araon. Is iad an chrógacht agus an chneastacht na tréithe is mó atá le sonrú ina saothar, a dúirt sé.

Bhásaigh Gertrude Degenhardt i gcathair Greifswald, i dtuaisceart na Gearmáine, níos túisce an mhí seo. Bhí 85 bliain slánaithe aici.

Fág freagra ar 'Bhí beocht agus fiántas i bpictiúir Gertrude Degenhardt nach raibh feicthe roimhe sin'