Bhí an lá leis an UVF, ní an chomhairle dhaonlathach ná an PSNI

Beifear ag faire go géar ar an PSNI faoi cheannas Simon Byrne féachaint cé mar a láimhseálfaidh siad an UVF

Bhí an lá leis an UVF, ní an chomhairle dhaonlathach ná an PSNI

Príomh-Chonstábla nua an PSNI, Simon Byrne

“Tabharfaidh an PSNI aghaidh ar an UVF,” arsa an Príomh-Chonstábla nua, Simon Byrne. Bhí sé ag caint i ndiaidh na conspóide faoi thine chnámh dhílseach a thug deis don eagraíocht pharaimíleatach in oirthear Bhéal Feirste cinneadh daonlathach a chealú le himeaglú.

Bhainfeadh na póilíní leas as gach acmhainn agus cumhacht a bhfuil teacht acu orthu chun stop a chur le coiriúlacht an UVF, a dúirt Simon Byrne. Go raibh rath air leis sin! Is iomaí uair cheana a gheall póilíní sinsearacha go gceansófaí an UVF in oirthear na cathrach. D’ainneoin tascfhórsaí chun a dhul i ngleic leo áfach agus geallúintí ó scátheagraíochtaí nach mbeadh aon ghlacadh leo sin a bheadh i mbun coiriúlachta tagann an UVF chun tosaigh sa cheantar go tráthrialta.

Comhtharlúint é gur cuireadh tús le tréimhse an Phríomh-Chonstábla ag tús na seachtaine a raibh ceiliúradh bliantúil na nOráisteach ar siúl. Cúig bliana ó shin tharla sé le George Hamilton a raibh eolas maith aige ar pharáidí agus tharla sé arís an geábh seo i gcás Simon Byrne fear nach raibh aon taithí aige ar íogaireacht shéasúr na máirseála abhus.

Bhí an 12 Iúil i mbliana ar an gceann ba shíochánta le cuimhne na ndaoine agus ní dhearna na tinte cnámh an oíche roimh ré mórán damáiste. Údar sásaimh gan dabht, ach ní cheileann na fíricí sin an dúshlán a thug an UVF do phóilíneacht agus do Chomhairle na Cathrach ní áirím an t-imeaglú ar chonraitheoirí agus oibrithe.

Go bunúsach tógadh tine chnámh i gcarrchlós ionad fóillíochta ar le Comhairle na cathrach é. Ba é cinneadh na Comhairle gur ghá tine chnámh eile in aice láimhe a laghdú –agus 1,800 bonn rubair a bhaint aisti a spréach an t-aighneas. Bhí mascanna ar na hoibrithe a rinne an obair sin agus iad á dtionlacan ag an PSNI. Dá bharr sin shocraigh daoine go ‘gcosnófaí’ an tine ag an ionad fóillíochta. Scríobhadh bagairtí ar bhallaí sa cheantar ag rá le daoine ainmnithe go mbeidís i gcontúirt ‘Attack Loyalism at Your Own Risk’ a dúirt na fógraí. Maíodh gurb iad na conraitheoirí a thug oibrithe isteach ag an tine eile na daoine a ainmníodh sna fógraí. Bhí ar a laghad ainm amháin fós ar bhalla ansin De Domhnaigh seo caite.

Cuireadh bacainní ar an ngeata ag an ionad fóillíochta ionas nach bhféadfadh oibrithe ná ionadaithe na Comhairle a dhul isteach. Bhain daoine a bhí bainteach leis an tine na céadta bonn rubair aisti sin agus d’éiligh go nglacfadh an chomhairle lena bhféinriail.

Seans go bhféadfadh comhghéilleadh de chineál éigin a bheith déanta faoin am sin ach níor tharla sé. D’fhógair an PSNI agus feisire Parlaiminte an cheantair, Gavin Robinson DUP go raibh baint ag an UVF leis an tine faoin tráth sin. Dúirt na póilíní go raibh faisnéis acu go ngabhfadh an UVF ar na sráideanna le gunnaí dá leanfadh an Chomhairle lena bplean. I bhfianaise na mbagairtí dhiúltaigh conraitheoirí a dhul i ngaobhar na tine.

Da bhrí sin bhí an lá leis an UVF. Fuair sad an ceann is fearr ar Chomhairle dhaonlathach na cathrach. Fuair siad an ceann is fearr ar an PSNI.

Bhí taispeántas nirt an UVF sa cheantar suimiúil mar bhí siad i bhfolach, nó réasúnta ciúin ó d’eagraigh mná léirsithe ina gcoinne san earrach i ngeall ar mharú barbartha Ian Ogle, a batráladh chun báis ar an tsráid ar an 27 Eanáir.

Beifear ag faire go géar ar an PSNI faoi cheannas Simon Byrne féachaint cé mar a láimhseálfaidh siad an tóir ar an UVF. Níor mhór dóibh freisin a dhul i ngleic leis na taispeántais fhuatha a bhaineann leis na tinte – bratach na hÉireann agus pictiúir de pholaiteoirí de chuid Shinn Féin, an SDLP agus Alliance á loisceadh. Deir an PSNI gur choir fuatha é bratach Oráisteach a bhaint de Halla de chuid an oird agus an bhratach thrídhathach a chur ina áit – is fíor dóibh. Ach ’sé an scéal céanna é leis an ábhar a chuirtear ar thinte cnámh.

Ní anuas as an spéir a thagann na fadhbanna seo. Tá an easpa pleanála bliain i ndiaidh bliana náireach. Ní ar na póilíní an locht nach ndéanann polaiteoirí – go háirithe polaiteoirí aontachtacha – an obair riachtanach i gcaitheamh na bliana chun socruithe a dhéanamh le lucht na dtinte faoi shábháilteacht, ábhar agus ionaid dhleathacha do bhladhmann an 11 oíche.

Fág freagra ar 'Bhí an lá leis an UVF, ní an chomhairle dhaonlathach ná an PSNI'