Bhí an DUP róghnóthach freastal ar chruinniú thuaidh-theas faoi chúrsaí teanga, ach an bhfuil baghcat ar siúl acu?

Níor thaitin an ghné thuaidh-theas den phróiseas polaitíochta leis an DUP riamh ach tá dualgas dlíthiúil orthu ina taobh

Bhí an DUP róghnóthach freastal ar chruinniú thuaidh-theas faoi chúrsaí teanga, ach an bhfuil baghcat ar siúl acu?

Arlene Foster. Pictiúr: RollingNews.ie / JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY

Is minic a cluineadh in Stormont le tamall anuas gurb í paindéim an Covid-19 an crios sábhála a choinnigh na hinstitiúidí beo. Ní ligfeadh an náire d’éinne siúl amach nuair atá sláinte an phobail i mbaol. Caithfear a rá freisin nach bhfeilfeadh sé do cheachtar den dá mhórpháirtí an próiseas polaitíochta a scrios.

Mura dtarlóidh taisme cinntíonn faitíos roimh phionós na vótóirí go bhfanfaidh an DUP agus Sinn Féin i gceangal lena chéile más go doicheallach féin é. Bhain an Breatimeacht croitheadh as Comhaontú Aoine an Chéasta agus tá sé á spíonadh a thuilleadh ag an liodán fadhbanna atá ag cothú guagachta anois.

‘Tá deireadh leis an gComhaontú’, ‘GFA RIP’, ‘níl na polaiteoirí ag éisteacht’ agus ‘ní ghlacfaimid go deo leis an bPrótacal’. Díol suntais é go bhfuil an naimhdeas do Chomhaontú 1998 ina chuid bhunúsach den bhfeachtas ag an lucht agóide dílseach a d’fhill ar na sráideanna Dé Luain.

Maíonn siad le faobhar ina gcuid cainte ach gan aon fhianaise acu go bhfuil sochaí dhá leibhéal cothaithe ag an gComhaontú, ó thaobh póilíneachta, cearta agus féiniúlachta. D’achainigh an lucht eagraithe ar dhaoine a chinntiú go mbeadh na léirsithe síochánta, an chluas bhodhar a thabhairt d’éinne a bheadh á saighdeadh chun foréigin agus an brú a choinneáil ar na polaiteoirí.

Is mar fhreagra ar an mbrú ó aontachtaithe eile agus ó chuid den chosmhuintir a chuir an DUP ceann lena bhfeachtas cúig phointe in aghaidh an Phrótacail i mí Feabhra. Chomh maith lena dtacaíocht do dhúshlán cúirte Jim Allister ón TUV don bPrótacal, a n-iarrachtaí sa Pharlaimint in Westminster agus in Stormont d’fhógair an páirtí nach nglacfadh siad páirt sa Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas dá mbeadh socruithe trádála faoin bPrótacal faoi chaibidil. Bhí sé molta roimhe sin ag Jim Allister go ndiúltódh aontachtaithe aon bhaint a bheith acu leis an obair thuaidh/theas go dtí go n-athbhunófaí an caidreamh thoir/thiar – sé sin go dtí go gcuirfí deireadh leis an bPrótacal.

Séanann an DUP go bhfuil baghcat á dhéanamh acu ar chruinnithe thuaidh/theas. Mar fhianaise nach raibh fírinne ar bith i líomhaintí na bpáirtithe eile go raibh feachtas neamhfhreastail ar siúl acu, dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP leis an Tionól gur labhair sí ar an nguthán leis an Taoiseach seachtain is an Aoine seo caite.

Ní hionann sin agus páirt a ghlacadh in obair na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus ní raibh Sinn Féin, SDLP ná Alliance tógtha lena freagra. Leag siad uilig amach an taifead. Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, bhí Aire Sóisir de chuid an DUP, Gordon Lyons róghnóthach le freastal ar chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas faoin bhForas Teanga le gairid. Bhí sé róghnóthach freisin chun freastal ar chruinniú CATT faoi chúrsaí Iompair Dé hAoine seo caite. B’éigean an dá chruinniú sin a chur ar ceal.

Gordon Lyons

De réir na rúibricí níl cead ag aire aontachtach ná aire náisiúnach freastal ar chruinniú CATT gan coimhdire (nó faireoir?) ón taobh eile a bheith i láthair. Dá réir, níorbh fhéidir an cruinniú faoin bhForas Teanga a reáchtáil mar nach raibh éinne ar fáil chun an tAire Pobal, Deirdre Hargey, Sinn Féin, a thionlacan agus ba é an scéal céanna é i gcás Nicola Mallon, SDLP, an tAire Infreastruchtúir a bhí in ainm is bualadh, go fíorúil le Eamon Ryan.

I ndiaidh an dara cruinniú sin, cáineadh an DUP go géar. Mioscais ab ea é a thabhairt le fios go raibh baghcat ar siúl ag an DUP, a dúirt an Chéad-Aire, Arlene Foster sa Tionól Dé Luain. Tharlódh na cruinnithe in am trátha, a dúirt sí. Mhaígh sí níos luaithe nach raibh cúis ar bith ag Aire Infreastruchtúir Stormont, Nicola Mallon SDLP ná ag ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan a cheapadh go raibh cruinniú na seachtaine seo caite chun tarlú. Ní raibh an clár oibre aontaithe, a dúirt Arlene Foster. Ní raibh an clár oibre aontaithe mar nár shínigh Arlene Foster na cáipéisí cuí a bhí faofa ag gach duine eile, a dúirt Nicola Mallon.

Déanfar tástáil na putóige inniu, Dé Céadaoin. Gheobhaimid freagra na ceiste a bhí ag na páirtithe neamh-aontachtacha go léir. An ndéanfadh Diane Dodds, an tAire Eacnamaíochta, freastal ar chruinniú thuaidh/theas, Dé Céadaoin in éineacht le Conor Murphy, an tAire Airgeadais?

Más de bharr na conspóide é nó más amhlaidh go raibh sé pleanáilte tugadh leide go nglacfadh an tAire Dodds páirt sa chruinniú inniu. Ní hionann sin agus a rá go mbeidís sásta freastal ar gach cruinniú CATT.

Níor thaitin an ghné thuaidh/theas den phróiseas polaitíochta leis an DUP ariamh agus ní hiontas mór é drogall a bheith orthu í a chur i bhfeidhm tráth a bhfuil milleán as an bPrótacal á chur ar rialtas na hÉireann mar chuid den Aontas Eorpach. Ach is dualgas dlíthiúil í an ghné sin faoin gComhaontú agus faoi chód iompair na nAirí.

Mura mbeidh siad toilteanach dualgas reachtúil a chomhlíonadh céard a bheifear in ann a dhéanamh faoi? Is aisteach an cheist í sa bhliain inar mhian leo céad bliain de Thuaisceart Éireann a cheiliúradh ach tá a gcuid teaicticí chomh measctha sin go bhfuiltear ag fiafraí an mian leo go mbeidh rath ar Stormont nó an cluiche gan seift í seo?

Fág freagra ar 'Bhí an DUP róghnóthach freastal ar chruinniú thuaidh-theas faoi chúrsaí teanga, ach an bhfuil baghcat ar siúl acu?'