Bhainfeadh cinneadh faoi choiriúlacht san PSNI croitheadh ó bhonn as an bpóilíneacht

Agus líomhaintí tromchúiseacha curtha i leith an PSNI, is mór is fiú oifig an Ombudsman a bheith ag feidhmiú agus na struchtúir eile in aimhréidh

Bhainfeadh cinneadh faoi choiriúlacht san PSNI croitheadh ó bhonn as an bpóilíneacht

Ní suaitheadh go dtí é. Bhain an scéal a bhris maidin Déardaoin croitheadh as an bpobal. An bheirt oifigeach is sinsearaí san PSNI agus duine ón gcéad leibhéal eile den fhoireann á bhfiosrú ag Ombudsman na bPóilíní de bharr líomhaintí faoi mhí-iompar in oifig phoiblí agus coiriúlacht.

Cor nua é seo a mbeidh tionchar mór aige ar mhuinín an phobail sa phóilíneacht; eachtra chinniúnach, dar leis an Ombudsman féin.

Tá ciallachais thromchúiseacha ag baint leis an scéal don Phríomh-Chonstábla, George Hamilton, an LeasPhríomh-Chonstábla Drew Harris agus an Príomh-Chonstabla Cúnta, Mark Hamilton, ach is údar imní é an cás ar bhonn níos leithne freisin. Agus muide ag faire ó dheas ar fhadhbanna an Gharda Síochána le tamall bhí féinsásamh cuid de mhuintir an tuaiscirt follasach agus iad sásta go raibh  seirbhís phóilíneachta úrnua i dTuaisceart Éireann a bhí oiriúnach don ghnó, a bhuíochas do Choimisiún Patten agus na scothchleachtais a cuireadh in áit sa PSNI.

Bhain an cor is deireanaí creathadh as mothú sin na féinsástachta. Tá oifig Ombudsman na bPóilíní ar cheann de na cosaintí is fearr ar an dea-phóilíneacht, agus is cuid é den chreatlach a tógadh chun freagracht, oscailteacht agus iontaoibh phoiblí a chinntiú. Cruthúnas ar neamhspleáchas an Ombudsman, an Dochtúir Michael Maguire, is ea an fiosrú seo d’ainneoin na póilíní is airde céim a bheith i measc an ghrúpa ar deineadh gearáin fúthu.

Tá seisear ar an bhfoireann speisialta atá curtha i bhfeighil an fhiosraithe ag an Ombudsman. Tá comhoibriú geallta ag an bPríomh-Chonstábla George Hamilton a shéan na líomhaintí agus a dúirt go nglanfar a ainm féin agus ainm a chomhghleacaithe. Dúirt sé freisin nach mbeadh sé ag seasamh i leataobh le linn an fhiosraithe. Níor iarr an tOmbudsman ach oiread go seasfadh na hoifigigh eile i leataobh fad is a bheidís á n-iniúchadh, cinneadh a chuir iontas ar go leor. Is é An Bord Póilíneachta a roghnaíonn an Príomh-Chonstábla agus a chuireann comhairle ar an Aire Cirt i Stormont faoin gceapachán. Ach ó tá folús i Stormont níl Aire Cirt in oifig agus níl Bord Póilíneachta lánghníomhach ann mar nach bhfuil ionadaithe polaitiúla air. Fágann sin gurb í oifig an Ombudsman an t-aon chuid de na struchtúir mhaoirseachta atá ag feidhmiú i gceart faoi láthair.

D’eascair an scannal seo as fiosrúchán de chuid an PSNI in 2014, tamall gearr sula bhfuair George Hamilton ardú céime ó phost an Phríomh-Chonstábla Cúnta go post an Phríomh-Chonstábla, mar chomharba ar Matt Baggott. I mí an Mheithimh 2014 gabhadh naonúr lena gceistiú faoi conas a bronnadh conradh le feithiclí a sholáthar don PSNI. Rinneadh líomhaintí faoi bhreabaireacht agus mí-iompar in oifig phoiblí. I measc na ndaoine a gabhadh bhí Duncan McCausland, iarPhríomh-Chonstábla Cúnta a bhí éirithe as oifig agus Príomh-Chonstábla Yorkshire Thiar, Mark Gilmore (iarbhall den PSNI). Cuireadh Gilmore ar fionraí agus coinníodh McCausland i stáisiún póilíní ar feadh trí lá.

Níor cúisíodh éinne.

An bhliain dár gcionn chinn an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí nach raibh cás le freagairt acu. Cé gur glanadh a n-ainm, mhaígh McCausland gur deineadh damáiste dá cháil agus níor fhill Gilmore ar a phost riamh. D’iarr Duncan McCausland leithscéal ón bPríomh-Chonstábla agus nuair nach bhfuair sé a leithéid faoi dheireadh 2015, dúirt sé go raibh rún aige a dhul chun cúirte agus gearán a dhéanamh leis an Ombudsman. Tá seisean agus Mark Gilmore i measc an tseachtair a rinne na gearáin atá á bhfiosrú ag an Ombudsman. Tá cás cúirte tógtha freisin faoi ghabháil éagórach.

Tá siad ag maíomh gur bhain coiriúlacht agus mí-iompar leis an gcaoi a láimhseáladh an fiosrú i dtaca leis an PSNI in 2014. Maítear gur athraíodh nótaí agus comhaid go mídhleathach agus gur sáraíodh rialacha chun barántais a fháil. Ní gnáthbhotún maidir le nósanna imeachta atá faoi chaibidil anseo agus cor a bhainfeadh creathadh as an saol a bheadh ann dá gcruthófaí gur athraíodh taifid in aon turas. Ba gheall le comhcheilg chun an ceart a chur as a riocht a bheadh ansin.

Bhainfeadh cinneadh faoi choiriúlacht san PSNI croitheadh ó bhonn as an bpóilíneacht. Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh contúirteach is a bheadh a leithéid. Cúis níos mó fós a bheadh ansin lena chinntiú go bhfaigheadh an tOmbudsman tacaíocht agus comhoibriú maidir lena fhiosrúchán. Seoid luachmhar ab ea an phóilíneacht nua; róluachmhar lena cur i mbaol.

Is mór is fiú oifig an Ombudsman a bheith ag feidhmiú tráth a bhfuil na struchtúir eile in aimhréidh.

Fág freagra ar 'Bhainfeadh cinneadh faoi choiriúlacht san PSNI croitheadh ó bhonn as an bpóilíneacht'