Bernadette Devlin McAliskey agus Jeremy Corbyn ag caint ag féile Ghaeltachta

Tá an comhdháil ‘Scoil Chois Claí’ le reáchtáil in Inis Oírr amach an deireadh seachtaine seo agus léachtaí, ceardlanna, díospóireachtaí agus seisiúin cheoil ar siúl

Bernadette Devlin McAliskey agus Jeremy Corbyn ag caint ag féile Ghaeltachta

Tabharfaidh an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette Devlin McAliskey agus iar-cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Jeremy Corbyn, cuairt ar an nGaeltacht an deireadh seachtaine seo chun páirt a ghlacadh i gcomhdháil faoi chúrsaí polaitíochta.

Tá an chomhdháil ‘Scoil Chois Claí’ le reáchtáil in Inis Oírr amach ó chósta na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus léachtaí, ceardlanna, díospóireachtaí agus seisiúin cheoil ar siúl thar trí lá.

Is í seo an chéad uair den fhéile, atá eagraithe ag an ngrúpa Left Bloc, a bheith ann agus beidh thart ar scór aoichainteoir i láthair. Is i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na hócáidí á reáchtáil.

Tá béim ar leith á cur ag na heagraithe ar “chliseadh na haeráide agus ar “na chéad chórais eile” a bheith ag teastáil.

Tá an fhéile á reáchtáil in Áras Éanna, ionad ealaíne ar Inis Oírr, Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh agus tá na ticéid ar fad díolta amach cheana féin.

Beidh Bernadette Devlin McAliskey agus Jeremy Corbyn faoi agallamh oíche Dé hAoine. I measc na ndaoine eile a dhéanfaidh cur i láthair ag an bhféile, beidh an gníomhaí timpeallachta Saoirse McHugh; Sinéad Mercier, léachtóir le dlí agus comhshaol i UCD; Kerron Ó Luain ón ngrúpa Misneach; agus Victoria Sandino, idirbheartaí síochána ón gColóim.

Chomh maith leis na  léachtaí agus an chaint, beidh seisiúin cheoil ar bun freisin sna tithe tábhairne ar an oileán, Tigh Ned, Tigh Ruairí agus Óstán Inis Oírr.

Grúpa de chuid na heite clé é Left Bloc a bunaíodh in 2020 agus ceardchumannaithe, gníomhaithe timpeallachta, gníomhaithe polaitiúla agus gníomhaithe teanga atá ina mbaill de.

Fág freagra ar 'Bernadette Devlin McAliskey agus Jeremy Corbyn ag caint ag féile Ghaeltachta'

  • Eithne Uí Dhochartaigh

    Chím go bhfuil na ticéid uilig díolta amach faoi choinne na comhdhála seo. Ní raibh a fhios agam go raibh sé ar siúl. An dtig libh cuid de a tharchur ar an indirlíon, b’fhéidir ar phraghas in aghaidh an lae? Is í Bernadette Devlin an t-aon duine amháin sa Tuaisceart a choinnigh lena prionsabail…”The price of my soul” agus nár dhíol amach.

    Eithne Uí Dhochartaigh (eithnereid@gmail.com)