Tá beirt scoláirí as Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua ainmnithe ar shárfhoireann scoileanna Chonnacht sa rugbaí.
Bhain Cian Ó Scanláin, as Ros an Mhíl, agus Eoin de Buitléar, as Sruthán, an Cheathrú Rua, áit amach ar fhoireann na bliana mar gheall ar a gcuid gaiscí le foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhuaigh craobh Chonnacht an mhí seo caite.
Bhuaigh SCC ar Scoil Phobail Ghailinne as Uíbh Fhailí sa chluiche ceannais de Chraobh Shinsir Chonnacht do Scoileanna atá ag Forbairt.
Ba é de Buitléar captaen na foirne agus tá sé ainmnithe mar húcálaí ar fhoireann na bliana. Tá Ó Scanláin, a d’aimsigh dhá úd sa chluiche ceannais, roghnaithe mar phrapa.
Faoi dhó anois atá an comórtas sin buaite ag an scoil Ghaeltachta tar éis dóibh é a bhuachan den chéad uair in 2016.
Bronnadh geansaí speisialta ar gach imreoir a roghnaíodh ar sharfhoireann na bliana ag leath ama sa chluiche idir Connachta agus Cardiff Blues ar an mBóthar Beag Dé Sathairn seo caite.

Fág freagra ar 'Beirt imreoirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua roghnaithe ar shárfhoireann Chonnacht 2019'