Beirt as gach triúr ar son polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais

Léiríodh tacaíocht láidir i suirbhé nua do pholasaí nua ón Rialtas a dhíreodh ar theagasc na Gaeilge i ngach réimse den chóras oideachais

Beirt as gach triúr ar son polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais

Aontaíonn beagnach beirt as gach triúr le héileamh gur cheart don Rialtas polasaí cuimsitheach don Ghaeilge a fhorbairt sa chóras oideachais.

Is fada Conradh na Gaeilge ag éileamh a leithéid de pholasaí agus iad ag iarraidh go ndéanfaí freastal ar dhaltaí ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal.

Tá polasaí oideachais don Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á réiteach ag an Roinn Oideachais i láthair na huaire, polasaí a bheidh á fhorbairt i dteannta leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm ó 2017.

Léiríodh tacaíocht láidir do pholasaí amháin a dhíreodh ar theagasc na Gaeilge i ngach réimse den chóras oideachais.

I suirbhé a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, dúirt 63% den phobal ó dheas gur chóir go mbeadh polasaí cuimsitheach ann do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais ina iomlán – ón réamhscoil go dtí an bhunscoil go dtí an iarbhunscoil go dtí an tríú leibhéal.

Ní raibh ach 16% den bhreis is 1,000 ar cuireadh an cheist orthu i gcoinne polasaí cuimsitheach a fhorbairt. Dúirt 21% eile nach raibh a fhios acu bealach amháin nó bealach eile nó níor fhreagair siad an cheist.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge ó dheas, go bhfuil sé “thar am” a leithéid de pholasaí a fhorbairt agus go mbeidh sé ina chuid lárnach den phlé a bheidh ag an gConradh le polaiteoirí sna míonna amach romhainn.

“Tá na figiúirí seo thar a bheith láidir i dtaobh na tacaíochta do pholasaí úr cuimsitheach a nascann múineadh na Gaeilge tríd an timthriall oideachais ina iomlán.

“Nuair a bhaineann tú an líon daoine a d’fhreagair le ‘ní fios’ amach, fágann sé sin gur thacaigh 80% de na freagróirí leis an gcoincheap seo.

“I ndáiríre, tá sé thar am a leithéid de pholasaí a bheith againn faoi mar a gealladh sa chlár Rialtais, go háirithe le teacht leis an soláthar in Acht na dTeangacha Oifigúla 2021 (leasú) go mbeadh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi dheireadh 2030 inniúil sa Ghaeilge.

“Beidh seo mar mhír lárnach againn ag na laethanta stocaireachta SEAS20 agus muid ag plé le polaiteoirí ag tús Mheán Fómhair.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn roimhe seo gur chóir na polasaithe don oideachas Gaeltachta agus don Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a thabhairt le chéile chun go mbeadh an Ghaeilge á cur chun cinn ag gach leibhéal sa chóras oideachais.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais anuraidh, dúirt de Spáinn go raibh mórphlean ag teastáil seachas a bheidh ag “damhsa timpeall” ar fhadhbanna na Gaeilge sa chóras i gcónaí.

“Tinte a mhúchadh go rómhinic a bhíonn ar siúl againn in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais,” a dúirt de Spáinn.

Gheall an Rialtas polasaí cuimsitheach do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal sa chlár rialtais a foilsíodh in 2020, ach is léir anois go bhfuiltear ag díriú ar pholasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Agus í ag cur síos ar na spriocanna a bheidh ag an bpolasaí nua sin níos luaithe i mbliana, dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley go mbeadh sé mar aidhm ag an bpolasaí creat a sholáthar chun oideachas trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar i scoileanna agus i láithreacha luathfhoghlama taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt sí go mbreathnófaí sa pholasaí nua ar bhealaí ina bhféadfaí níos mó daoine le hardchaighdeán Gaeilge a chur ag obair in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge. D’fhéachfaí freisin ar conas a d’fhéadfaí níos mó deiseanna a chruthú chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a bhunú.

Mhaígh an tAire go gcuirfí le líon na ndaltaí a bheadh ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge trí thacaíocht a thabhairt do naíonraí agus freisin go ndéanfaí iarracht an nasc idir an pobal san áit agus naíonraí sa cheantar a dhéanamh níos láidre.

Dúirt an tAire Foley chomh maith go ndéanfaí “pholasaí soiléir” a fhorbairt maidir le hAonaid lán-Ghaeilge a bhunú in iarbhunscoileanna Béarla, polasaí conspóideach a bhfuil lucht an ghaeloideachais go mór in amhras faoi.

Tá críoch á cur inniu againn leis an tsraith scéalta a bhí go heisiach ag Tuairisc faoi phríomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge.

Is féidir na scéalta sa tsraith a léamh thíos.

Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé, thuaidh agus theas, ach níor cuireadh an cheist maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeilge ach ar an dream ó dheas. Roghnaíodh na rannpháirtithe ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Beirt as gach triúr ar son polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais'

  • Seán

    Suirbhé…suirbhé…suirbhê…costas…airgead an cháin íocóra….gan toradh?!

  • Mac Billings /Bilie --- Dónall Mór

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Labhair í agus mairfidh sí .
    Fógra sa Ghaeilge Comhartha don todhchaí

    Is mise le dóchas agus súil amach ag faire na bhfógraí

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

    *****************************************************************************************

  • Peadar

    Más amhlaidh leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, Go bhFóire Dia orthu!!