Beirt as gach cúigear ó thuaidh ar son reachtaíocht Ghaeilge gan mhoill

Léirigh torthaí pobalbhreithe nua an tacaíocht atá ann do chúrsaí Gaeloideachais ó thuaidh freisin

Beirt as gach cúigear ó thuaidh ar son reachtaíocht Ghaeilge gan mhoill

Tá beirt as gach cúigear den phobal ó thuaidh ar son na reachtaíochta Gaeilge atá geallta do Thuaisceart Éireann agus atá le tabhairt isteach ag Rialtas na Breataine sa bhfómhar mura ndéantar an beart roimhe sin in Stormont.

I bpobalbhreith nua atá déanta ag an gcomhlacht margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, d’aontaigh 39% díobh siúd a ghlac páirt gur cheart d’Fheidhmeannas Stormont an tAcht Teanga, mar a d’aontaigh na páirtithe é, a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Duine as gach triúr, 33%, nár aontaigh gur chóir an reachtaíocht a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Nuair a bhaintear amach freagraí na ndaoine nach raibh a fhios acu faoin cheist nó nár thug tuairim faoi sa suirbhé, tá 56% ar son na reachtaíochta Gaeilge atá geallta don Tuaisceart.

Ba cheart don Fheidhmeannas an tAcht Gaeilge, mar a d’aontaigh na páirtithe é, a chur i bhfeidhm gan mhoill

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga do Chonradh na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, gur léiriú iad na figiúirí nua ar an “tacaíocht leanúnach” atá ansin d’Acht Gaeilge.

“Sa chomhairliúchán poiblí is déanaí a rinneadh ar an ábhar in 2015, tháinig breis agus 13,000 freagra isteach chuig an Roinn. Bhí 94.7% de na freagraí sin ag tacú le cosaintí dlíthiúla don Ghaeilge. Tá na figiúirí úra seo ag teacht fosta le briseadh síos na gcomhaltaí sa Tionól, áit a bhfuil 50 as 90 CTR ag tacú lenár n-éileamh ar son reachtaíochta don Ghaeilge.

“Anois, áfach, titeann sé ar an Fheidhmeannas, agus go deimhin ar Westminster, buntáistí na reachtaíochta atá ar an bhealach a roinnt agus a phlé le daoine. Ní leor a bheith neodrach, ach mar a fheiceann muid sa Bhreatain Bheag, ba cheart don Rialtas ról gníomhach, dearfach a imirt i soláthar, i bhfeidhmiú agus i gcur chun cinn na reachtaíochta atá aontaithe acu féin,” a dúirt Nic Liam.

Gealladh reachtaíocht don Ghaeilge arís mar chuid de Chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh straitéis ann laistigh de shé mhí ón uair gur glacadh leis an gcomhaontú sin.

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar mhargadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus cultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura mbeadh an beart déanta ag lucht Stormont faoin tráth sin.

Bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire nua an DUP, ar dhuine de na daoine a thóg seasamh in aghaidh Poots mar gheall ar chás na Gaeilge, ach níl mórán ráite go poiblí ag Donaldson faoin reachtaíocht go fóill.

Tá cead tugtha ag an Ard-Chúirt i mBéal Feirste do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a lorg i dtaca le teip Fheidhmeannas Stormont straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Léirigh torthaí na pobalbhreithe nua an tacaíocht atá ann do chúrsaí Gaeloideachais ó thuaidh freisin.

D’aontaigh móramh 54% nár cheart d’aon pháiste a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil a bheith faoi mhíbhuntáiste de bharr na n-acmhainní a fhaigheann a scoil.

Níor easaontaigh ach 15% dóibh siúd a ghlac páirt sa suirbhé leis an ráiteas sin agus, nuair a chuirtear iad siúd nár thug freagra ar an gceist nó a bhí gan tuairim as, 78% a cheap nár cheart go mbeadh daltaí Gaelscoile faoi mhíbhuntáiste.

Níor cheart d’aon pháiste a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil a bheith faoi mhíbhuntáiste de bharr na n-acmhainní a fhaigheann a scoil

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go raibh “dúshláin chórasacha” le sárú go fóill ag earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, agus go bhfuil plean cuimsitheach ag teastáil chun go dtarlódh seo.

“Tá an Gaeloideachas ag fás ag ráta níos gaiste ná earnáil ar bith eile ó thuaidh. Le deich mbliana anuas, tháinig méadú 69% ar líon na ndaltaí atá ag fáil oideachais trí Ghaeilge. Tá níos mó agus níos mó tuismitheoirí ar lorg rogha an ghaeloideachais de bharr buntáistí an dátheangachais agus an t-ardchaighdeán oideachais atá á sholáthar sna scoileanna.

“In ainneoin na bhforbairtí iontacha seo, tá dúshláin chórasacha fós le sárú, go háirithe i dtaca le cúrsaí cóiríochta – tá 60% de Ghaelscoileanna i gcóiríocht shealadach – tacaíocht sainriachtanais, soláthar áiseanna agus múinteoirí, i measc rudaí eile. Tá sé thar am go raibh plean cuimsitheach i bhfeidhm ag na húdaráis chuí leis na dúshláin seo a aithint agus a shárú agus léiríonn suirbhé Kantar, a rinneadh i gcomhar le Conradh na Gaeilge, go bhfuil tacaíocht shoiléir ón phobal lena leithéid de chuir chuige a théann i ngleic le míbhuntáiste san earnáil.”

Léirigh anailís a rinne Tuairisc le gairid go bhfuil méadú tagtha ar chéatadán agus ar líon na ndaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge ó thuaidh le cúig bliana anuas.

1.4% de líon iomlán na ndaltaí ó thuaidh a fuair a gcuid oideachais i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge in 2020, i gcomparáid le 1.2% de na daltaí in 2016.

Ardú 17% idir 2016-2020 a bhí i gceist le líon na ndaltaí bunscoile a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna ó thuaidh agus ardú 40% a tháinig ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair oideachas lán-Ghaeilge.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc.ie mar shraith scéalta an tseachtain seo.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Rinneadh roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Fág freagra ar 'Beirt as gach cúigear ó thuaidh ar son reachtaíocht Ghaeilge gan mhoill'