Beidh tionchar an fheachtais seo ar Fhianna Fáil níos fadtréimhsí ná a bheidh go leor eile de na ciallachais a bheidh aige

Beidh cúpla mea culpa eile ann faoin mbealach ar láimhseáladh an toghchán seo san athbhreithniú atá beartaithe ag Fianna Fáil ach beidh sé spéisiúil an gcuirfear an locht ar aon duine

Beidh tionchar an fheachtais seo ar Fhianna Fáil níos fadtréimhsí ná a bheidh go leor eile de na ciallachais a bheidh aige

Foilseofar an t-athbhreithniú ar fheachtas tubaisteach toghchánaíochta Fhianna Fáil taobh istigh de cheithre seachtaine. Rinne an páirtí plé arís an tseachtain seo ar na botúin a rinneadh le roghnú Jim Gavin mar iarrthóir agus d’fhógair siad gurb é an t-abhcóide Ciarán O’Loughlin a bheidh i mbun an athbhreithnithe. Beidh roinnt de bhaill an pháirtí parlaiminte páirteach san athbhreithniú freisin; na Teachtaí Éamonn Scanlon agus Tom Brabazon chomh maith leis an Seanadóir Margaret Murphy O’Mahony.

Tá sé i gceist go ndíreodh an t-athbhreithniú ar aithint agus roghnú iarrthóirí do thoghcháin uachtaránachta chomh maith leis an mbunús a bhí ag ceannaire an pháirtí Micheál Martin le roghnú Jim Gavin. Léirigh an Teachta James O’Connor, atá glórach agus cáinteach ó thit feachtas an pháirtí as a chéile, go bhfuil imní air go bhfuil an t-athbhreithniú taobh le comhairle dlí inmheánach.

Cúrsaí airgid a bhí ag déanamh tinnis don Teachta Pat the Cope Ó Gallchóir, fear eile atá glórach faoi méid botún a rinneadh sa scéal seo. Meastar go mbeidh suas le leathmhilliún euro ar fad caillte ag Fianna Fáil mar thoradh ar fheachtas Gavin. Go deimhin féin, agus an páirtí ag déanamh a machnaimh faoina bheith san iomaíocht sa toghchán seo i rith an tsamhraidh, labhraíodh go minic ar an gcaiteachas a bhainfeadh leis agus an baol go mbeadh an páirtí briste ag an bhfeachtas. Níl seans dá laghad ann go bhfaighidh siad na costais a bheadh dlite dóibh ar ais anois ó d’éirigh Gavin as.

Beidh sé spéisiúil an gcuirfear an locht ar aon duine nuair a bheidh an t-athbhreithniú seo curtha le chéile. An mbeidh na daoine atá ina bhun ag leagan an mhilleáin ar Ardoifig Fhianna Fáil agus ar an gceannaire agus a chuid comhairleoirí? Nó an ndéanfaidh siad soiléir é mar a rinne an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, nuair a tháinig an scéal chun cinn an chéad lá go gcreideann an páirtí gur ar Jim Gavin an milleán faoin bpraiseach ar fad? Níor fhreagair sé na ceisteanna iniúchta ar fad a cuireadh air, a dúradh linn, agus d’fhág sin Fianna Fáil sa bhfaopach.

Bí cinnte go gcuirfear sraith moltaí chun cinn faoi roghnú iarrthóirí amach anseo. Déarfar go leor faoi thrédhearcacht agus oscailteacht, gan trácht ar thábhacht an phróisis dhaonlathaigh. Beidh cúpla mea culpa eile ann faoin mbealach ar láimhseáladh an toghchán seo.

Ní gá mar sin féin ach súil a chaitheamh ar an gcúpla toghchán seo caite le samplaí eile a fháil d’iarrthóirí a tugadh isteach mar gheall ar an gclú a bhí orthu. D’oibrigh sé i gcás Cynthia Ní Mhurchú i dtoghchán na hEorpa ach ní fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Alison Comyn agus Gráinne Seoighe san olltoghchán anuraidh.

Tá pobal na hÉireann críonna sna roghanna a dhéanann siad i dtoghcháin. B’fhacthas do dhaoine ón tús nach n-éireodh le feachtas Jim Gavin. Feachtas a bhí go hiomlán faoi smacht agus stiúir cheannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, agus a rinne dochar d’Fhianna Fáil. An mbeifear sásta é sin a rá go hoscailte san athbhreithniú seo?

Agus cuid de na ceisteanna eile atá á gcur anois faoi cheannaireacht Mhicheál Martin ar an bpáirtí tar éis beagnach chúig bliana déag? Beidh tionchar an fheachtais seo ar an mórpháirtí nach bhfuil san iomaíocht níos fadtréimhsí ná a bheidh go leor eile de na ciallachais a bheidh aige.

Fág freagra ar 'Beidh tionchar an fheachtais seo ar Fhianna Fáil níos fadtréimhsí ná a bheidh go leor eile de na ciallachais a bheidh aige'