Beidh praghas ard le híoc againn ar an an mbagairt atá á déanamh ar an Rúis

Go fóill beag tá ag teip ar chainteanna idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe, ach tá an cogadh bolscaireachta faoi lán seoil cheana féin

Beidh praghas ard le híoc againn ar an an mbagairt atá á déanamh ar an Rúis

Tá a lán cainte ann na laethanta seo faoi chúrsaí cogaíochta, agus Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, ag rá go bhfuil an Rúis ar tí dul isteach san Úcráin.

Ag an am céanna tá an Rúis ag rá nach féidir leo glacadh le timpeallú na Rúise ag NATO is go mbeidh orthu beart a dhéanamh lena chinntiú nach bagairt dóibh an Úcráin.

Go fóill beag tá ag teip ar chainteanna idir an Rúis agus na Stáit Aontaithe, ach tá an cogadh bolscaireachta faoi lán seoil cheana féin.

Tá na Stáit Aontaithe, agus an tAontas Eorpach ag sodar ina ndiaidh, ag bagairt dianbhac ar an Rúis má théann siad isteach san Úcráin.

Ach cá bhfágann an t-aighneas seo go léir neodracht na hÉireann, más ceadmhach labhairt faoi sin níos mó?

Abhus in Éirinn faigheann muid an scéal ó naimhde na Rúise, agus is dócha go gcreideann cuid mhór dínn gur ar an Rúis atá an milleán as an teannas atá faoi láthair ann.

Ach féach air: dá mbeadh ionaid diúracáin ag NATO in oirthear na hÚcráine, ní thógfadh sé ach deich nóiméad go sroichfeadh na diúracáin sin Moscó. Smaoinigh dá mbeadh a leithéid deich nóiméad ó Washington. Cén dearcadh a bheadh ag na Stáit Aontaithe faoi?

Tá a fhios againn cén seasamh a ghlac na Stáit Aontaithe sna seascaidí nuair a bhí ionaid den chineál seo i gCúba.

Ach tá sé á thabhairt le fios gurbh í an Rúis atá ag bagairt ar a cuid comharsan.

Ó thaobh dhearcadh na Rúise, a mhalairt atá fíor.

Agus tá éilimh shimplí acu leis an teannas a mhaolú. Geallúint atá uathu nach nglacfar leis an Úcráin nó leis an tSeoirsia isteach i NATO, is nach mbeidh aon ionaid diúracáin ar theorainneacha na Rúise.

Tá NATO ag rá gur sárú ar fhlaitheas na hÚcráine nó stáit eile a leithéid, ach is léir gur bagairt atá ann don Rúis.

Maíonn NATO gur eiseamláir dúinn ar tharla sa gCrimé. Ach déanann siad dearmad go raibh an Chrimé ina cuid den Rúis go dtí 1954 nuair a thug Khrushchev don Úcráin í, agus go bhfuil móramh ag na Rúisigh sa gceantar, agus go bhfuil móramh mór de na ciníocha éagsúla go léir ansin ar son filleadh ar an Rúis.

Mar an gcéanna maidir leis an Donbass. Thacaigh an ceantar seo leis an iar-rialtas a cuireadh as oifig de bharr coup ar na sráideanna (coup, dar leo, a bhí maoinithe is eagraithe ag na Meiriceánaigh).

Is beag aird a bhíonn ag NATO ina gcuid ráiteas faoin Úcráin ar na mianta sin.

Is fiú a thabhairt faoi deara gur fágadh an tAontas Eorpach taobh amuigh den idirbheartaíocht, in ainneoin ghaisce an Aontais agus iad ag iarraidh iad féin a chur i lár an aonaigh ar an stáitse domhanda.

Ach má tharlaíonn cogadh smachtbhannaí agus bacanna diana mar atá geallta beidh tionchar mór aige ar an Aontas agus orainne mar bhallstát.

Mar a tharlaíonn, tá na Rúisigh á réiteach féin do réimeas dianbhac le roinnt blianta, agus maíonn siad anois go bhfuil siad i ndiaidh atheagar a chur ar an eacnamaíocht sa gcaoi nach féidir le dianbhacanna eacnamaíocht an tír a scrios.

Cheana tá comhoibriú na Rúise leis an tSín, agus le tíortha eile atá faoi bhagairt ag na Stát Aontaithe ar nós na hIaráine, ag dul i méid, is tá éileamh mór taobh amuigh den Eoraip ar an ngás a dhíolann an Rúis faoi láthair leis an nGearmáin agus le tíortha eile.

Tá sé admhaithe ag Angela Merkel na Gearmáine agus ag Mario Draghi na hIodáile go ndéanfadh briseadh caidrimh idir an Rúis agus an Eoraip níos mo dochair don Eoraip, mar gheall ar chomh riachtanach is atá gás Rúiseach d’eacnamaíocht an Aontais.

Agus tá sé tugtha le fios ag na Rúisigh go gcuirfidís stop le gás a thabhairt don Eoraip i gcás bacanna diana den chineál a bhfuiltear ag caint fúthu.

B’fhéidir gur chóir dúinn ár dtraidisiún mar thír neodrach a úsáid ar mhaithe le réiteach síochánta a aimsiú sa scéal seo, réiteach a chinnteodh sábháilteacht na Rúise agus a cuid comharsan.

Ach níl na comharthaí go maith mar tá an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, ag cloí go docht le scéal an Iarthair i dtaobh na faidhbe seo.

Ach tá an domhan á scrios ina dhá leath – leath amháin atá faoi cheannas na Stát Aontaithe, agus an leath eile brúite le chéile mar gheall ar an naimhdeas polaitiúil is an naimhdeas trádála atá á gcleachtadh ag Meiriceá.

Tá baol mór ann go n-íocfaimid go daor as an aighneas in Éirinn. Ach chluas bhodhair atá á tabhairt ag ár gceannairí don chiall.

Fág freagra ar 'Beidh praghas ard le híoc againn ar an an mbagairt atá á déanamh ar an Rúis'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Labhrann Eoin faoin neodracht na tíre seo amhail is go bhfuil sé féin neodrach. Is leithscéalaí é don Rúis agus do Putin.

    Mar shampla déanann Eoin leithscéal don Rúis faoin mbealach ar thóg an Rúis seilbh ar Crimea le lámh láidir ar an mbonn go raibh an Chrimé “ina cuid den Rúis go dtí 1954 nuair a thug Khrushchev don Úcráin í…..”

    So what? Bhí Éire ina cuid den UK sula thug Lloyd George 26 contae do mhuintir na hÉireann 100 bliain ó shin. Agus nach bhfuil muid ag déanamh argóint i gcónaí nár cheart go ngéillfí do mhianta na nAondachtóirí sna 6 contae, a chonnigh an Bhreatain ar an gcúis go raibh móramh na ndaoine sna contaethe sin ina Bhreathnaigh.

    Ní iontas ar bith go bhfuil tíortha a bhíodh in Impireacht Sóivéideach na Rúise faiteach agus ag iarraidh a bheith páirteach i NATO, nuair a cheapann Putin gur féidir leis bagairtí míleata a dhéanamh ar a gcuid teorainn.

    Bhí ar Shasana seasamh suas do Hitler i 1939 nuair a thóg an Ghearmáin faoina cheannas seilbh ar leath den Phólainn, th’éis do Hitler tíocht ar shocrú faoin tír sin a roinnt le laoch eile de chuid Eoin, Stalin. Tá súil agamsa go mbeidh sé de mhisneach ag NATO seasamh suas do bhagairtí Putin mar a sheas An Bhreatain suas do Hitler.

    Má ciallaíonn neodrachas go mba cheart seasamh ar leath taobh nuair atá bullaíocht idirnáisiúnta á dhéanamh ag tír mór cumhachtach, nílim neodrach, cuma liom an Meiriceá, an tSin, An Bhreatain nó An Rúis atá ag déanamh an bhullaíochta.

  • Yaroslav Kozak

    Ta cogadh bolscaireachta ar siúil go deimhin agus is cuid de é an t-alt aistreach sin. Ni dhéanann an t-údar a anailís féin ar bith ach déanann sé cóip den státbholscaireacht na Rúise go simplí.

    Tá NATO ag rá gur sárú ar fhlaitheas na hÚcráine nó stáit eile a leithéid, ach is léir gur bagairt atá ann don Rúis.
    Cén bhagairt atá ann? Níl pleananna ag an NATO a ballraíocht a dhéanamh don Ucráin anois cé go mbíonn an Ucráin ag iarradh faoi go buan.

    B’fhéidir gur chóir dúinn ár dtraidisiún mar thír neodrach a úsáid ar mhaithe le réiteach síochánta a aimsiú sa scéal seo, réiteach a chinnteodh sábháilteacht na Rúise agus a cuid comharsan.
    Bhíodh an Ucráin neodrach freisin roimh 2014. Agus tá airm na Rúise i trí cheann dena ‘cuid comharsan’: san Ucráin, san Moldóiv agus san Seoirsia. Tá sé ró-dhéanach a sábháilteacht a chinnteodh.

    Tá a fhios againn cén seasamh a ghlac na Stáit Aontaithe sna seascaidí nuair a bhí ionaid den chineál seo i gCúba.
    Cuireann an t-údar an Ucráin i gcomparáid le Cuba. Tá mise in ann comparáidí a dhéanamh chomh maith. Bhí Gorta mór san Ucráin i 1932-1933 agus dhá ghorta ‘níos lú’ i 1922-1923 agus 1946-1947. Crosadh an Ucráinis sna scoileanna agus ollscoileanna i rith Impireachta na Rúise. Agus anois tá críochdheighilt dhílis ag an Ucráin, an chríochdheighilt a dtacaíonn an t-údar í. An bhfuil reacht ag an Rialtas Aontaithe, mar shampla, Éire a dul isteach chun ‘Béarlóirí a chosaint’? I ndiaidh gach ní, tá níos mó Béarlóirí in Éirinn ná Rúseoirí san Ucráin mar chéatadán an daonra…

    Is beag aird a bhíonn ag NATO ina gcuid ráiteas faoin Úcráin ar na mianta sin.
    Agus cad faoi mianta na hUcráine? An bhfuil reacht ag Putin todhchaí na tíre uile (de 40 milliún daoine) a dheachtú?

    Mar an gcéanna maidir leis an Donbass. Thacaigh an ceantar seo leis an iar-rialtas a cuireadh as oifig de bharr coup ar na sráideanna (coup, dar leo, a bhí maoinithe is eagraithe ag na Meiriceánaigh).
    Bhí dhá thoghchán san Ucráin tar éis an ‘coup’ sin. Is as oirthear na tíre an t-uachtarán atá ann, tá an rialtas an-dhifriúil ag an Ucráin anois ná sa bhliain 2014.

    Rugadh san Donbass mise, tógadh mé ann agus tá mo thuismitheoirí ina gcónaí ann faoi láthair. Tá sé an-bhrónach dom an t-alt seo a léamh agus tá dóchas orm nach n-ionadaíonn sé tuairimí phobail na Gaeilge. I mo thuairim, is rud geanasach fiúntach é seasamh rialtais na hÉireann. Ní seolann Éire airm don Ucráin ach taispeánann sí dlúthphártíocht leis an Ucráin agus tíortha eile an oirthir Eorpa a feiceann an bhagairt atá ag an Rúis. Ní hionann é a bheith neodrach agus ionsaitheoirí a mhisniú.

    P.S. Leithscéal faoi mo chuid Gaeilge, níl ach foghlaimeoir ionam.

  • Aodán Mac Séafraidh

    an-alt ar fad