Beidh na Gaeil róchríonna agus ródhíocasach do na Francaigh

Cluiche Ceannais Chorn na gCuradh: Má éiríonn le Cúige Laighean imirt fiú leath chomh maith agus a d'imir siad i gcoinne Scarlets beidh an lá leo i gcoinne Racing 92 i dTír na mBascach inniu

Beidh na Gaeil róchríonna agus ródhíocasach do na Francaigh

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Is ar Bhilbao príomhchathair réigiún na mBascach atá aird dhomhan an rugbaí inniu do chluiche ceannais Chorn na gCuradh idir Cúige Laighean agus Racing 92 na Fraince.

Seo an an dara babhta in imeacht trí bliana ag Racing a bheith ag imirt i gcluiche ceannais rugbaí na hEorpa. Chaill siad i gcoinne Saracens i Lyon in 2016.

Ní hionann an scéal ag Cúige Laighean. Seo é an tríú babhta acusan imirt sa gcluiche ceannais agus bhí an bua acu chuile bhabhta. Mar sin féin, níor éirigh leo an staid seo den chomórtas a bhaint amach ón mbliain 2012. Níor éirigh le Racing greim a fháil ar an gcorn seo oiread agus uair amháin fós. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil seanchleachtadh ag lucht bainistíochta fhoireann Chúige Laighean ar chluichí ceannais na hEorpa. Is é Leo Cullen an bainisteoir atá acu faoi láthair. Ba é a bhí ina chaptaen orthu in 2008, 2011 agus 2012 nuair a d’ardaigh siad an corn. Má bhíonn an lá le Cúige Laighean ar an Satharn, beidh Cullen ar an gcéad duine ariamh a bhuaigh an comórtas mar imreoir agus mar chóitseálaí. Ach má bhíonn an lá le Racing, beidh an churiarracht chéanna ag Laurnet Travers atá ina chomh-chóitseálaí acu. D’imir seisean le Brive i 1997 nuair a d’ardaigh siadsan an corn seo. 

Níor éirigh ach le foireann amháin, Toulouse, an corn seo a ardú ceithre bhabhta. Má bhíonn an lá le fir Chúige Laighean beidh siadsan ar comhscór leo. Ag Cúige Laighean agus Toulon atá trí bhua sa chomórtas faoi láthair. Má éiríonn leo beidh ceathrar as Cúige Laighean, Cian Healy, Rob Kearney, Johnny Sexton agus Devine Toner cothrom le beirt imreoirí eile, Cedric Heymans agus Frederic Michalak, a bhuaigh an chraobh seo ceithre bhabhta freisin. 

Sea go deimhin, níl aon easpa spreagtha ar cheachtar den dá fhoireann seo. Is iad na Gaeil rogha na coitiantachta don choimhlint mhór. Níor theip orthu in aon cheann de na hocht gcluiche a bhí acu sa gcomórtas go dtí seo. Chaill Racing faoi dhó. Ní hamháin sin, ach bhí an lámh in uachtar ag Cúige Laighean ar an dá ócáid inar imir siad Racing roimhe seo.

Tá mise ag tuar bua do Chúige Laighean, go háirid má éiríonn leo imirt fiú leath chomh maith agus a d’imir siad i gcoinne Scarlets sa gcluiche leathcheannais. Má tharlaíonn sin, ní bheidh Racing, ná imreoirí ar nós Dhonnacha Ryan agus Dan Carter in ann seasamh leo.

Mar sin féin, léirigh Racing agus iad ag tabhairt greadadh do Chúige Mumhan sa gcluiche leathcheannais go bhfuil spiorad agus tallann ag baint leo. Níor mhór do Leo Cullen a bheith san airdeall.

Seans go mbeidh na Gaeil róchríonna agus ródhíocasach do na Francaigh. Seans freisin gur acu a bheas an tromlach sna seastáin sa San Mamés.

Fág freagra ar 'Beidh na Gaeil róchríonna agus ródhíocasach do na Francaigh'