‘Beidh ‘lavender menace’ agus ‘gay panic’ ar foclóir.ie, má tá lámh agam féin san obair!’

Tá súil ag meitheal téarmaíochta téarmaí a bhaineann leis an saol LADTAIÉ+ a chur chun cinn

‘Beidh ‘lavender menace’ agus ‘gay panic’ ar foclóir.ie, má tá lámh agam féin san obair!’

‘Lavender menace’ and ‘gay panic’ will be on focloir.ie if I have anything to do with it!’

Bhí an méid sin le rá ag an ealaíontóir Karen Donnellan, atá ina cónaí i gcontae Shligigh, in agallamh a foilsíodh ar an irisleabhar GCN le deireanas. Bhí Donnellan faoi agallamh ag a comhghleacaí Bill Harris faoina cleachtas ealaíne.

Dúirt Donnellan, atá ina ball den chomharghrúpa ealaíon AerachAiteachGaelach go bhfuil sí ina “todhchaíochaí” agus go bhfágann sé sin go mbíonn sí ag cuimhneamh ar an nGaeilge agus an chaoi a gcuirtear síos ar théamaí aiteacha inti.

“Is todhchaíochaí mór mé ar bhealach, agus bíonn mé ag smaoineamh faoi chúrsaí teanga agus faoin teanga aiteach as Gaeilge. Bíonn mé ag obair leis an Meitheal Téarmaíochta agus tá muid ag aistriú teanga aiteach le haghaidh focloir.ie agus teanglann.ie.

“Tá smaointe agam, mar sin, le haghaidh ‘celesbian’! Agus beidh ‘lavender menace’ agus ‘gay panic’ ar foclóir.ie, má tá lámh agam féin san obair, agus tá! Mar sin, airím go bhfuil na rudaí sin thar a bheith spreagúil agus dearfach,” a dúirt sí san irisleabhar don phobal LADT in Éirinn.

Chuir AerachAiteachGaelach an Mheitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin ar bun an bhliain seo caite “le focail a bhailiú agus a chumadh, paimfléid eolais a aistriú agus a scaipeadh, agus an Ghaeilge a aitiú ar bhealach comhintinneach”.

Tagann an mheitheal le chéile go tráthrialta le ceisteanna téarmaíochta agus aistriúcháin a phlé. Níl aon ról oifigiúil ag an Meitheal i dtaobh cumadh agus ceapadh téarmaí i nGaeilge ach seolann siad a gcuid moltaí féin ar aghaidh chuig an gCoiste Téarmaíochta.

Is iad an Coiste Téarmaíochta a fhaomhann na téarmaí nua a bhíonn ar Téarma.ie. Níl aon cheangal, áfach, ar lucht na bhfoclóirí nua – An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, An Foclóir Nua Gaeilge-Béarla, agus An Foclóir Gaeilge – glacadh le moltaí an Choiste Téarmaíochta. Ní chuirtear iontrálacha nua le teanglann.ie mar is leaganacha digitithe de Foclóir Gaeilge-Béarla (1977), English-Irish Dictionary (1959) agus An Foclóir Beag (1991) atá ar an suíomh sin.

Ba é Tadhg Mac Eoghain, eagarthóir an dara heagrán de An Foclóir Aiteach a bhí ina stiúrthóir ar an Meitheal Téarmaíochta agus Aistriúcháin nuair a bunaíodh i mí Aibreáin 2024 é. Is é Jamie Murphy atá i mbun an chúraim ó thús na bliana seo i leith.

Is iad an dá sprioc atá ag an meitheal ná “téarmaí a bhaineann leis an saol LADTAIÉ+ i nGaeilge a phlé, a bhailiú, agus a cheapadh” agus “cáipéisí a bhaineann le seirbhísí tacaíochta agus seirbhísí sláinte don phobal a aistriú go Gaeilge”.

Ó reáchtáladh céad chruinniú na meithle i lár mhí Aibreáin 2024 tá siad tar éis teacht le chéile ceithre huaire. Tá an chéad chruinniú eile beartaithe don 23 Iúil. Chomh maith leis sin, reáchtáil beirt bhall den mheitheal, Eoin Mc Evoy agus Jill McMahon, ceardlann faoin téarmaíocht LADTA+ agus an amhránaíocht ag an bhféile Faoin Tuath i gcontae an Chláir agus labhair Jamie Murphy faoi obair na meithle ag comhdháil Translation Studies Network Ireland in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath [DCU].

Fág freagra ar '‘Beidh ‘lavender menace’ agus ‘gay panic’ ar foclóir.ie, má tá lámh agam féin san obair!’'

  • Pádraig

    Agus na daoine is inniúla chun na hoibre sin fostaithe acu??