Beidh lá mór ag lucht peile Chorca Dhuibhne cois Laoi ar an 3 Eanáir agus cluichí Dhaingean Uí Chúis agus Chumann Caide na Gaeltachta i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann le himirt an lá céanna i bPáirc Uí Chaoimh.
Tá sé deimhnithe gur ar an gcéad Satharn den bhliain nua a bheidh seaimpíní na Mumhan agus seaimpíní Laighean ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcraobhacha sinsir agus idirmheánach peile na hÉireann. Tá an dá chluiche le craoladh ar TG4.
Imreofar an cluiche idir An Ghaeltacht agus na Solláin ó Chill Dara ag 1.15pm i bPáirc Uí Chaoimh.
Bhuaigh na Solláin ar churaidh na hIarmhí, Tobar Chláir, i gcluiche ceannais Laighean Dé Domhnaigh. Bhí na foirne ar comhscór agus deich nóiméad le himirt ach scóráil na Solláin dhá chúl san am a bhí fágtha chun an cluiche a bhuachan, 2-11 in aghaidh 2-4.
Thug an Ghaeltacht Craobh Idirmheánach na Mumhan leo den dara huair riamh níos luaithe an mhí seo nuair a bhuadar ar Achadh Bolg. Chaill an Ghaeltacht in aghaidh an Mhaí i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann in Eanáir 2018.
Sa gcraobh shinsir, is in aghaidh Bhaile Buadáin, Naomh Éanna a bheidh an Daingean ina gcluiche leathcheannais. Cuirfear tús leis an gcoimhlint sin ag 3.15pm.
Thug an Daingean craobh an chúige leo den chéad uair cúpla seachtain ó shin nuair a bhí bua drámatúil acu ar Chumann Barra Naofa ó Chorcaigh. Cic saor dhá phointe ó Conor Geaney a chinntigh an bua leis an gcic deireanach.
Bua seacht bpointe a bhí ag Baile Buadáin ar Bhaile Átha í an deireadh seachtaine céanna. Beidh an cumann ón bpríomhchathair ag imirt i mbabhtaí leathcheannais peile na hÉireann den tríú huair agus Craobh na hÉireann buaite in 2016.
Naomh Bríd ó Ros Comáin agus an Bhoth ó Mhuineachán a bheidh sa gcluiche leathcheannais eile sa gcraobh shinsir. Imreofar an cluiche sin Dé Domhnaigh, 4 Eanáir.
Béal na mBuillí ó Ros Comáin agus Gleann an Iolair ó Dhoire a bheidh le chéile sa dara cluiche leathcheannais sa gcraobh idirmheánach Dé Sathairn.
Fág freagra ar 'An Daingean agus An Ghaeltacht ag triall ar Pháirc Uí Chaoimh an lá céanna do chluichí leathcheannais na hÉireann'