Beidh ar Thír Eoghain a bheith réidh do chuairt Dhoire ar Ómaigh

Cuirfidh peileadóirí na Mí tús freisin lena bhfeachtas craoibhe inniu agus iad ag iarraidh Cill Mhantáin a chloí

Beidh ar Thír Eoghain a bheith réidh do chuairt Dhoire ar Ómaigh

Tír Eoghain v Doire – Páirc Uí Éilí, 4pm (Beo ar RTÉ)/[infobox]

Ní raibh seaimpíní na hÉireann 2021 thar mholadh beirte ina gcéad chluiche i gcraobh na bliana seo ach d’éirigh le peileadóirí Thír Eoghain an ceann is fearr a fháil ar Fhear Manach sa chéad bhabhta i gCraobh Uladh coicís ó shin agus seans go seasfaidh an taithí sin dóibh inniu in aghaidh Dhoire.

Tá dul chun cinn déanta ag Dore le cúpla bliain anuas faoi cheannas Rory Gallagher ach b’ábhar díomá an chaoi gur tháinig deireadh lena bhfeachtas sraithe. Bhí a gcéad cheithre chluiche buaite ag Doire i Roinn 2 agus bhí mí-ádh orthu nár bhuail siad Ros Comáin i mBabhta 5. Ach nuair a bhuail Gaillimh greadadh orthu sa chéad chluiche eile, bhí an seans a bhí acu ardú céime a fháil imithe.

D’fhág sin go bhfuil cúig seachtaine ann ó d’imir Doire agus cé gur thug an briseadh sin neart ama do Gallagher plean a réiteach chun aghaidh a thabhairt ar Thír Eoghain, beidh le feiceáil an gcuirfidh fad an tsosa isteach orthu.

Cinnte, thóg sé tamaillín ar Thír Eoghain teacht isteach ar an gcluiche in aghaidh Fhear Manach. Bhí siad leamh go maith sa chéad leath agus cé go raibh tréimhse ceannasaíochta ar feadh 20 nóiméad nó mar sin sa dara leath, beidh Feargal Logan agus Brian Dooher ag súil le I bhfad níos mó uathu inniu.

Bhí Darren McCurry, Conor Meyler agus Conn Kilpatrick an mhaith sa tréimhse sin ina raibh an lámh in uachtar ag Tír Eoghain ach ba é an bheocht a léirigh Conor McKenna nuair a tháinig sé isteach an spreagadh is mó a bhí acu. Dea-scéal a bhí ann do Thír Eoghain nach mbeidh McKenna, a fuair cárta dearg in Inis Ceithleann, ar fionraí do chluiche an lae inniu.

B’fhéidir go bhfeicfí McKenna ag imirt ón tús inniu ae an Ómaigh. Buntáiste eile dóibh go mbeidh Peter Harte ar fáil arís tar éis dó an chluiche in aghaidh Fhear Manach a chailliúint. Bhí an cluiche sin coicís ó shin tábhachtach do Brian Kennedy agus Conor McShane agus iad ag filleadh tar éis dóibh a bheith gortaithe.

Níl biseach tagtha ar Mattie Donnelly go fóill ach beidh roinnt imreoirí in easnamh ar Dhoire freisin, Oisín McWilians agus an bheirt Downey, Enda agus Matthew ina measc. Buille eile dóibh go bhfuil Ciaran McFaul tar éis an scuad a fhágáil an mhí seo.

Bhí bua stairiúil ag Doire ar Thír Eoghain in 2006, agus fir na láimhe deirge ina sheaimpíní uile-Éireann ag an am freisin. Ach ní raibh ansin ach ceann den dá chluiche craoibhe atá buaite ag Doire in aghaidh Thír Eoghain ó thús na mílaoise. Seacht mbua a bhí ag Tír Eoghain le linn na tréimhse céanna. Seans gur ocht mbua a bheidh ann roimh dheireadh an lae.

[infobox]An Mhí v Cill Mhantáin – Páirc Tailteann, 2pm

Bua 28 pointe a bhí ag fir na Mí ar Chill Mhantáin nuair a chasadar ar a chéile i gCraobh Laighean dhá bhliain ó shin ach ba cheart go mbeadh an bhearna idir na foirne inniu i bhfad níos lú ná sin.

Tá sé deacair léargas a fháil ar díreach cé chomh maith, nó cé chomh holc, is atá foireann seo na Mí faoi láthair. I Roinn 2 na sraithe bhí siad cuid mhaith chun deiridh ar na foirne is fearr sa roinn ach díreach sách maith gan a bheith i mbaol rómhór.

Rud nach raibh Andy McEntee ag iarraidh ná go mbeadh siad ag dul chun páirce den chéad uair sa chraobh in aghaidh foirne a bheidh lán de mhuinín.

Bhí bua iontach ag Cill Mhantáin an deireadh seachtaine seo caite agus an ceann is fearr faighte acu ar Laois i gcluiche suaithinseach, 5-15 in aghaidh 4-12. Scóráil Kevin Quinn trí chúl agus fuair Mark Kenny cúig phointe ón imirt. Níor tháinig Alan Costello agus Gary Duffy isteach mar bhainisteoirí ar an bhfoireann go dtí an mhí seo caite nuair a d’fhág Colin Kelly an post, ach is cinnte go bhfuil tús maith déanta acu.

Ábhar imní dóibh, áfach, líon na seansanna a ghéill siad an tseachtain seo caite. Scóráil Laois ceithre chúl agus d’fhéadfadh go mbeadh ar a laghad ceithre cinn eile faighte acu. Tá tosaithe cumasacha ag an Mhí, leithéidí Chillian O’Sullivan, Jordan Morris agus Shane Walsh, beidh thiar ar Chill Mhantáin má thugann siad an iomarca spáis dóibh,

An uair dheireanach gur chas An Mhí agus Cill Mhantáin ar a chéile san Uaimh i gcluiche craoibhe, ní raibh ach ceithre phointe idir na foirne. Bhí an bua ag contae na Mí, 2-19 in aghaidh 3-12, in 2015, agus d’fhéadfadh go mbeadh coimhlint dhian eile eatarthu inniu. Is cinnte go mbeidh coimhlint níos déine ann ná mar a bhí dhá bhliain ó shin.

Mar sin féin, níl ach aon chluiche craoibhe buaite riamh ag Cill Mhantáin in aghaidh contae na Mí agus b’shin i 1957. Scéal mór a bheadh ann dá gcuirfí ceann eile leis an mbua sin inniu.

Fág freagra ar 'Beidh ar Thír Eoghain a bheith réidh do chuairt Dhoire ar Ómaigh'