‘Beatha páiste as an gCeathrú Rua curtha i mbaol de bharr moill le hotharcharr’

Tá an Seanadóir neamhspleách Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh ar an Aire Sláinte Simon Harris fiosrúchán a chur ar bun faoi chás páiste as Conamara a mhaíonn an Seanadóir gur cuireadh a bheatha i mbaol de dheasca moill a bheith ar an otharcharr

‘Beatha páiste as an gCeathrú Rua curtha i mbaol de bharr moill le hotharcharr’

Tá iarrtha ag an Seanadóir neamhspleách Trevor Ó Clochartaigh ar an Aire Sláinte Simon Harris agus ar an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr fiosrúchán a chur ar bun faoi chás páiste as Conamara a mhaíonn an Seanadóir gur cuireadh a bheatha i mbaol de dheasca moill a bheith ar an otharcharr ar cuireadh fios air ar bhonn práinne.

Mhaígh an Seanadóir Gaeltachta go mb’éigean an páiste dhá bhliain d’aois as an gCeathrú Rua a athbheochan faoi dhó agus é á thabhairt ag a mhuintir chun bualadh leis an otharcharr, a dúradh leis an teaghlach a bhí ar an mbealach.

“Glaodh ar otharcharr ar an Aoine seo caite do leanbh dhá bhliain d’aois, a raibh deacrachtaí análú aige, ar an gCeathrú Rua. Dúradh leis an teaghlach go raibh otharcharr ar an mbealach, ach nuair nach raibh aon dé air sin shocraigh siad an páiste a chur sa gcarr chun bualadh leis an otharcharr ar an mbealach.

“Fuair siad carr Gardaí chun cabhrú leo ar An Spidéal agus chas siad leis an otharcharr ar deireadh i Rathún, i bhfoisceacht cúpla nóiméad don ospidéal.  Tuigtear dom gurbh éigean an leanbh a athbheochan ar a laghad faoi dhó ar an mbealach agus go bhfuil an t-ádh leo gur mhair sé. Tá sé ag teacht chuige féin anois,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt an Seanadóir go “n-ardaíonn an cás seo ceisteanna iontach tromchúiseach” maidir leis an soláthar seirbhís otharcharr sa cheantar.

“Cén fáth ar thóg sé chomh fada sa chás seo ar an otharcharr teacht suas leis an bpáiste? Bhí sé uair a chloig sular tháinig an t-otharcharr chomh fada leis an leanbh agus bheadh tú ag caint ar beagnach dhá uair a chloig dá bhfanfadh an chlann ina gcónaí.

“Cén fáth nach raibh an t-otharcharr ach i Rathún nuair a tháinig an chlann suas leo? Cé as a dtáinig sé agus cén fáth nach raibh seirbhís otharcharr ar fáil ón stáisiún ar an gCeathrú Rua féin, nach bhfuil ach cúpla nóiméad ó theach an linbh?” a dúirt Ó Clochartaigh.

Mháigh an Seanadóir go raibh ar a laghad otharcharr amháin ag stáisiún na Ceathrún Rua ag an am ar tharla an eachtra.

“Caithfear ceisteanna a chuir freisin, faoi na prótacail atá in úsáid, nuair a dhéanann daoine glaonna éigeandála. Shílfeá go dtabharfaí le fios do dhaoine cé as a bhfuil otharcharr ag teacht agus cén fhad measta a bheidh sé ar bhóthar. Má tá lucht seirbhíse éigeandála eile ar fáil sa gceantar, nár chóir iad sin a chur amach chomh maith?

“Tuigtear dom go raibh an Bhriogáid Dóiteáin ar an gCeathrú Rua ar fáil ag an am agus go bhféadfaidís sin a bheith ar an láthair i bhfad níos tapúla, dá mbeadh glaoch faighte acu.”

Dúirt an Seanadóir go raibh sé “ag impí” ar an Aire Sláinte Simon Harris an cás seo a fhiosrú agus athbhreithniú a dhéanamh “ar chur chuige agus prótacail na seirbhísí éigeandála” i gConamara agus i gceantair eile.

Dúirt sé go raibh foirne den scoth ag obair leis na seirbhísí éigeandála, ach go gcaithfí a chinntiú go bhfuil acmhainní á n-úsáid “ar an mbealach is éifeachtaí”.

“Ní chreidim gur amhlaidh atá i láthair na huaire,” a dúirt an Seanadóir.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin scéal seo.

Fág freagra ar '‘Beatha páiste as an gCeathrú Rua curtha i mbaol de bharr moill le hotharcharr’'