Beannacht na nAirí faighte ag Foras na Gaeilge do scéim pobail ar fiú €4 mhilliún í

Deineadh an cinneadh inniu ag Cruinniú Comhairle na Comhaireachta i Muineachán go bhféadfaí dul chun tosaigh le fógairt an ‘Scéim Pobal Gaeilge’ a bhfuil leasuithe déanta uirthi

Foras Doc

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys agus an tAire Cultúir ó thuaidh, Carál Ní Chuilín, a mbeannacht inniu d’Fhoras na Gaeilge scéim pobail a fhógairt ar fiú €4 mhilliún í d’eagraíochtaí teanga pobail thar thréimhse ceithre bliana.

Deineadh an cinneadh inniu ag Cruinniú den Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas i Muineachán go bhféadfaí dul chun tosaigh le fógairt ‘Scéim Pobal Gaeilge’ an Fhorais a bhfuil athbhreithniú déanta uirthi. Tiocfaidh an scéim leasaithe i bhfeidhm ón 1 Iúil 2016.

Faoin ‘Scéim Pobal Gaeilge’, dáilfear €4 mhilliún ar eagraíochtaí teanga pobail ar fud na tíre a mbeidh oifigigh forbartha lánaimseartha i bhfeighil orthu.

As seo amach is scéim ceithre bliana a bheidh i gceist seachas scéim trí bliana mar a bhí ann roimhe seo, agus déanfar maoiniú ar suas le 26 eagraíocht.

19 eagraíocht ar fud na tíre a bhíodh ag fáil maoinithe cheana faoin scéim.

Bhí amhras faoina raibh i ndán do scéim pobail an Fhorais le tamall de bhlianta anuas agus tugadh síneadh ama do na heagraíochtaí a bhí ag baint leasa aisti fad is go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim.