B&B gan aon bhricfeasta? Is iomaí cineál ‘bean an tí’ atá anois ann…

Bhí uair ann nuair a bhíodh fonn orm fanacht in óstáin agus gan a bheith ag cabaireacht le bean tí faoi céard a bhí ar bun agam…

B&B gan aon bhricfeasta? Is iomaí cineál ‘bean an tí’ atá anois ann…

Bhí tráth nuair a thuigfeá go maith céard a bhí i gceist le ‘B agus B’ – fuair tú leaba agus bricfeasta agus labhair tú le bean an tí. Fuair sise amach cá raibh tú ag dul, cérbh í do sheanmháthair, cén obair a bhí ar bun agat. Fuair tusa chuile eolas faoin gceantar, faoi áit le greim le hithe a fháil, faoin mbóthar is fearr amach as an mbaile.

Cén uair a d’athraigh an leagan amach sin? Diabhal a fhios agamsa. Ach anois is iomaí ‘B’ nach bhfuil an dara ‘B’ acu cé go dtugann siad ‘B and B’ fós orthu féin. Agus ní féidir talamh slán a dhéanamh d’aon rud agus tú ag caint le bean (nó fear) an tí.

Sa Phortaingéil ar dtús a thosaigh sé liomsa – bhí gach rud in ord agus nuair a chas mé timpeall, bhí Jorge, fear a’ tí, imithe leis. Bhí píosa páipéir i mo láimh agam i gcomhair bricfeasta Tigh Fernando gach maidin – an caifé trasna an bhóthair.

Sa Spáinn cúpla lá ina dhiaidh sin, rinneadh cur síos ar gach ar bhain leis an teach agus arís, bhí an bhean glanta léi – go dtí a teach féin amuigh faoin tuath. Fuaireamar an dara ‘B’ ansin ceart go leor nuair a tháinig an fhoireann isteach maidin lá arna mhárach.

Bíonn cosúlacht ‘AirBnB’ orthu ach ní shin é a thugann siad orthu féin. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, d’fhan mé in dhá B agus B éagsúla i nGaillimh. Ceann acu – ba ghnáththeach lóistín a bhí ann. Bhí bean an tí go hálainn, fuair mé bricfeasta maith agus nuair a d’fhág mé léine i mo dhiaidh – bhí sí fillte suas i mála plaisteach ag fanacht orm an tseachtain ina dhiaidh sin.

Ach mo léan, le linn na Féile Ealaíon, bhí gach áit plódaithe. Bhí na hóstáin ag gearradh os cionn €200 ar oíche amháin do dhuine amháin!

Ar deireadh, agus ar inn ar éigean, fuair mé leaba ar €80 in áit a thug ‘B agus B’ air féin.

Chaith mé súil ar na ‘léirmheasanna’ ar fad ar an suíomh idirlín. Bhí gach rud go breá -ach ní raibh aon tagairt do bhricfeasta. Níor dúradh NACH raibh bricfeasta ann – ach cá raibh an léirmheas air? Ar deireadh ag scinneadh trí gach ceann, chonaic mé – ‘Níl  aon bhricfeasta ar fáil – ach níl sin ráite.’

Ní raibh an dara rogha agam – bhí dráma curtha in áirithe agam agus b’éigean dom fanacht ann. B’éigean ‘clárú’ i dteach eile áit a raibh bean as an bPolainn ag glacadh le sonraí agus íocaíocht.  Ba gheall le dul isteach in ‘A & E’ é. Ansin fuair mé an eochair agus rinne mé mo bhealach go dtí an teach eile – ach ní raibh dé ar éinne ag tabhairt aire don áit.

Bhí cuma ‘garáiste’ athchóirithe ar an seomra – ballaí éadroma, fuinneog mhór (faoi ghlas, gan aon eochair), cuirtíní a ceannaíodh sna seachtóidí, leaba gan aon lampa, agus leaba gan aon chlár cloiginn nárbh fhéidir a chur in aghaidh an bhalla. (Bhí píosa troscáin sa mbealach air). Liosta le háireamh na rudaí a bhí dochreidte faoin áit.

Bhí Rásaí na Gaillimhe ann an tseachtain ina dhiaidh. An bhfuil cúrsaí chomh dona sin anois gur féidir rud ar bith a dhéanamh i mbarr an tséasúir agus táille a ghearradh dá réir?

Chuala mé lucht lóistín ag clamhsán ar an raidió ar maidin faoina laghad turasóirí atá ag teacht chun na tíre. Bhí trácht ar Bhaile Átha Cliath agus chomh maith is atá cúrsaí ansin. Ní féidir é a chur i gcomparáid le bailte thíos faoin tír, a dúradar.

Agus ansin an taobh eile den scéal, i mbaile Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine.

€80 ar sheomra do bheirt agus bricfeasta den scoth le fáil ann. Citeal agus stuif le haghaidh tae agus caife sa seomra freisin.

Mar an gcéanna i mBaile Ui Fhiacháin seachtain ó shin – leaba agus bricfeasta den scoth ar €80, gar don bhaile. Ceann traidisiúnta a bhí ann agus bean an tí chomh cairdiúil sin gur dheas liom fanacht arís ann.

Bhí uair ann nuair a bhíodh fonn orm fanacht in óstáin agus gan a bheith ag cabaireacht le bean tí faoi céard a bhí ar bun agam. Anois tá athrú poirt agam anois – bím ag tóraíocht duine áitiúil a bhfuil eolas maith aige nó aici ar an gceantar – na háiteacha le dul ag ithe, na siopaí lámhcheardaíochta agus mar sin de.

Agus ar ndóigh, bíonn corrchomhrá spéisiúil agam…

Casadh beirt as an Ríocht Aontaithe orm – lánúin sna seachtóidí ag baint taitneamh as Dún na nGall. Ach ansin fuair mé amach nach lánúin phósta ar chor ar bith iad. Agus tagann siad ar cuairt deireadh seachtaine gach mí nó mar sin. Smaoinigh mé gur baintreacha a bhí iontu beirt ach nár mhian leo pósadh ag an aois a raibh siad. Ach téann siad ar ‘saoire’ bheag gach mí le bheith seal in éineacht.

Agus ansin, i mbun comhrá le bean tí i Maigh Eo agus muid ag trácht ar a fear céile a bhíonn ag casadh ceoil ar an mbaile ag an deireadh seachtaine, dúirt sí go bhfuil cónaí airsean i mBaile Átha Cliath. Níl siadsan pósta ach an oiread – dhá theach acu – duine acu i Maigh Eo agus an duine eile i mBaile Átha Cliath.

Agus mar fhocal scoir agus mar ‘casadh ‘ eile ar an scéal, d’admhaigh bean Dhún na nGall nach léi an B&B ar chor ar bith. Tá cónaí uirthi amuigh faoin tuath agus tógann sí an teach lóistín ar cíos don séasúr.

Agus níl mé cinnte an raibh sí ansin thar oíche ach an oiread leis an ‘scenario’ lenar thosaigh mé.

Tá mearbhall orm fós th’éis an méid sin.

Ach nach iomaí cineál ‘bean an tí’ atá anois ann?

Fág freagra ar 'B&B gan aon bhricfeasta? Is iomaí cineál ‘bean an tí’ atá anois ann…'