Barbarthacht ar an tsráid i mBéal Feirste – mura bhfuiltear sásta cur suas leis caithfear labhairt amach

Tá marú Michael McGibbon cáinte ag gach páirtí polaitíochta. Níos tábhachtaí, seans, chuir an t-ionsaí alltacht ar mhuintir na cathrach

Michael-McGibbon

Ní breitheamh ná giúiré a bhí ag fanacht le Michael McGibbon ar chúlsráid in Ard Eoghain ach céastúnach, duine a ghlac chuige féin ceart daortha. Scaoil fear gunna trí philéar leis an bhfear tacsaí as tuaisceart Bhéal Feirste. Fágadh é ina luí ar an tsráid ag spalpadh fola ó artaire, é gonta go marfach. D’ainneoin iarrachtaí a mhná Joanne, banaltra fuair se bás taobh istigh de chúpla uair an chloig san ospidéal.

Bhí Michael McGibbon 33 bliain d’aois, e pósta le Joanne agus ceathrar clainne acu. Bhí sé sa bhaile oíche Déardaoin seo caite nuair a tháinig beirt fhear ag an doras ag éileamh go ngabhfadh sé amach chucu. Dhiúltaigh sé agus thug se tuairisc don PSNI faoin imeaglú. Lá arna mhárach nuair a bhí sé ag bailiú duine de na páistí ón scoil rinneadh teagmháil leis arís agus socraíodh coinne don deich a chlog oíche Dé hAoine i bPlás an Bhuitléirigh, lána in aice láimhe.

Bhí a fhios ag a bhean Joanne go raibh Michael ag dul amach le bualadh leis na heasaontóirí poblachtacha a bhí ag bagairt air. Ní raibh sé imníoch dar le Joanne mar chreid sé go raibh gealltanas aige nach ngortódh siad é. Má bhí, níor comhlíonadh an gealltanas. Tar éis tamaill chuir Joanne fios ar chara chun aire a thabhairt do na gasúir agus chuaigh sí amach ar a lorg. Tháinig sí air sa lána agus drochbhail air.

Ar easaontóirí poblachtacha, an tIRA Nua, a cuireadh an milleán. Ní fios an raibh sé ar intinn acu é a mharú nó ar pionós amháin a bhí beartaithe. Cibé aidhm a bhí acu, marú nó ‘lámhach sa ghlúin’ bhí sé brúidiúil, do-ghlactha. Barbarthacht ab ea an cleachtas nuair a rinne an tIRA Sealadach, an UDA agus an UVF é agus is barbarthacht é i gcónaí.

Dúirt an PSNI nach raibh baint ná páirt ag Michael McGibbon le coiriúlacht, nár cuireadh coir ina leith ariamh gan trácht ar chiontú. Cibé cúis a bhí ag an ngrúpa poblachtach lena bhfearg leis, maítear nach raibh ann ach rud fánach. Ach fiú dá mbeadh mórchúis acu ina choinne ní bheadh sé de cheart acu é a ionsaí. ‘Siad an PSNI an t-údarás póilíneachta; tá siadsan agus na cúirteanna neamhspleách, inmhuiníne.

Cuid lárnach ghránna de shaol Thuaisceart Éireann ab ea ionsaithe pionóis agus ‘lámhach sa ghlúin’ le linn na dTrioblóidí. Bhí na gortaithe glún chomh coitianta sin gur thuill speisialtóir in Ospidéal an Royal Victoria cáil domhanda as teicníc mháinliachta a aimsiú chun déileáil leo. Léirigh scrúdú a rinne an suíomh The Detail anuraidh go ndearna paraimíleataigh os cionn 6,000 ionsaithe phionóis idir 1973 agus 2014 –dílseoirí freagrach as beagán níos mó díobh ná poblachtánaithe. Tá cúpla céad eile curtha leis an liosta ó shin.

Bhíodh sé ina leithscéal ag an IRA Sealadach nach raibh muinín ag an bpobal náisiúnach as an RUC agus go n-iarrtaí orthusan daoine a ‘smachtú’. Le himeacht aimsire áfach d’admhaigh siad go raibh an cleachtas do-ghlactha. Is é an sórt céanna leithscéil a chloistear ó na heasaontóirí mar nach nglacann siadsan leis an PSNI. Ach sí fírinne an scéil gur tíorántacht ab ea é agus is ea é, daoine féincheaptha ag iarraidh ceannas a choinneáil ar a bpobal féin.

Tá marú Michael McGibbon cáinte ag gach páirtí polaitíochta. Níos tábhachtaí, seans, chuir an t-ionsaí alltacht ar mhuintir na cathrach. Cuireann ionsaithe de bharr iompar fhrithshóisialta déistin ar dhaoine ach ní chorraíonn siad an pobal go hiondúil. Bhí sé le braistint an t-am seo go rabhthas imithe thar fóir. Tá an PSNI ag achainí ar dhaoine eolas a sholáthar – sin é an rud is lú atá tuillte ag bean agus ceathrar páiste Michael McGibbon. Muna bhfuiltear sásta cur suas le barbarthacht feasta caithfear labhairt amach.

Fág freagra ar 'Barbarthacht ar an tsráid i mBéal Feirste – mura bhfuiltear sásta cur suas leis caithfear labhairt amach'

  • padraig

    barbarthacht, neamh-mheabhair, uafás, neamh-thrócaire agus DIABLAÍOCHT

  • Bearnaí Ó Doibhlin

    Barbarthacht gan amhras. Mharaigh an IRA col ceathair liom, Raymond Devlin, as iompar frithshóisialta blianta fada ó shin ar Bhóthar Fionnachaidh Thuaidh agus níor ciontaíodh éinne as a dhúnmharú riamh. Bhí lúb ar lár ag an bhfear óg agus cóir leighis ag teastáil uaidh, seachas pílear sa chloigeann.