Iarrfaidh an grúpa feachtais Bánú ar Chomhairle Contae na Gaillimhe tithe atá ar díol in Eanach Mheáin agus i Ros an Mhíl i nGaeltacht Chonamara a cheannach agus a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Bhí cruinniú ag Bánú i gConamara an tseachtain seo leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht a phlé. Shocraigh an eagraíocht go seolfaí litir chuig príomhfheidhmeannach na Comhairle agus chuig an stiúrthóir tithíochta “ag iarraidh orthu breathnú ar na féidearthachtaí éagsúla a bhainfeadh leis na tithe”.
Mhaígh an eagraíocht go bhféadfadh an t-údarás áitiúil airgead a fháil ón Roinn Tithíochta leis na tithe atá á ndíol ag Tearmann Éanna “a cheannach agus a réiteach” le cur ar fáil do dhaoine atá ag fanacht ar thithe i gCeantar na nOileán agus i gCois Fharraige.
“Tá súil ag Bánú go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe sásta breathnú ar na bealaí is fearr a bhféadfaí úsáid a bhaint as na scéimeanna éagsúla tacaíochta atá ar fáil don Chomhairle le cur leis an soláthar tithíochta do dhaoine ón bpobal áitiúil a dteastaíonn tithíocht uathu,” a dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa.
Maíodh freisin go bhféadfaí na tithe a athchóiriú agus a dhíol faoi bhun luach an mhargaidh “mar thithe inacmhainne” do mhuintir na Gaeltachta.
“Is é an feall é dá mbeadh na tithe díolta le dream nach mbeadh aon spéis acu freastal ar riachtanais tithíochta an cheantair, ach na tithe seo sa Ghaeltacht a chur ar Airbnb,” a dúradh.
Socraíodh ag an gcruinniú céanna go ndéanfaí coinne le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin agus le cathaoirleach Bhord an Údaráis, Siobhán Ní Ghadhra le ceist na tithíochta sa Ghaeltacht a phlé. Deir an eagraíocht gur diúltaíodh dá n-iarratas casadh le Bord an Údaráis “ina iomlán” ach gur tugadh cuireadh dóibh casadh le hÓ Síocháin agus le Ní Ghadhra.
Dúirt cathaoirleach Bhánú, Donncha Ó hÉallaithe, go dtabharfaidh an cruinniú deis don eagraíocht “soiléiriú a fháil” ón Údarás faoi na téarmaí tagartha a bhaineann leis an gconradh a socraíodh le Tuairisg Consulting chun ‘plean tithíochta an Údaráis a fhorbairt agus a bhainistiú’.
“Tá súil ag Bánú go mbeifear in ann breathnú ar na bealaí is fearr, is leithne agus is éifeachtaí le tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa gcuid den Ghaeltacht ina bhfuil an teanga fós in úsáid ag sciar suntasach den phobal,” a dúirt Ó hÉallaithe.
Deir Bánú nach mbeifear in ann “mórán a dhéanamh” faoin ngéarchéim thithíochta mura gcuirtear “airgead caipitil breise ar fáil don Údarás” le dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá iarrtha ag an eagraíocht ar Dara Calleary €15m breise a chur ar fáil don Údarás le tús a chur le suíomhanna ar thalamh de chuid na heagraíochta a réiteach.
Fág freagra ar 'Bánú ag iarraidh ar chomhairle contae tithe sa Ghaeltacht a a cheannach'