Banc éadaigh cumann carthanachta aistrithe ó shéipéal ar ordú sagart Gaeltachta le linn an reifrinn

Dúirt an tAthair Patrick O’Connor atá ina shagart i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí go raibh ‘díomá’ air nár ghlac Cumann Naomh Uinseann de Pól seasamh i reifreann an Ochtú Leasú

D’ordaigh sagart paróiste Gaeltachta do chumann Naomh Uinseann de Pól banc éadaigh dá gcuid a thógáil as carrchlós séipéil i nDún Búinne i gcontae na Mí toisc nach raibh an cumann carthanachta sásta vóta ‘Níl’ a mholadh i reifreann an ghinmhillte.

Dúirt an tAthair Patrick O’Connor atá ina shagart i Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí, ach atá ag aistriú go Dún Búinne go luath, go raibh “díomá” air gur shocraigh Cumann Naomh Uinseann de Pól gan labhairt amach in aghaidh aisghairm an Ochtú Leasú.

 “Le linn fheachtas an reifrinn, bhí díomá orm faoin easpa ráiteas ar son na beatha ó chumann Naomh Uinseann de Pól. Anois agus an feachtas thart, tá teagmháil déanta agam leis an gcumann áitiúil SVP chun go gcuirfí an banc éadaigh ar ais agus tá mé sásta oibriú leis an gcumann sa pharóiste,” a dúirt an tAthair O’Connor leis an Irish Independent.

Meastar go gcosnóidh aistriú an bhainc éadaigh ó Shéipéal Naomh Peadar agus Pól €200, agus dúirt an sagart Gaeltachta go gcúiteodh sé féin aon chaillteanas a bhí ar an gcumann. 

Cháin an comhairleoir contae de chuid Fhine Gael Maria Murphy cinneadh an tsagairt le linn an reifirnn. Dúirt sí go raibh an banc ansin le blianta agus é ina chuidiú mór ag muintir na háite. Dúirt sí gur chóir “meas” a léiriú ar pé seasamh a ghlacann aon eagraíocht “i sochaí dhaonlathach”.

Dúirt urlabhraí de chuid oifig Deoise na Mí nár thug an Eaglais aon treoir d’aon pharóiste banc éadaigh a bhogadh agus nach raibh an tEaspag Michael Smith ar an eolas faoi ordú an Athar O’Connor.

Tá an tAthair O’Connor ina shagart i bparóiste Ráth Chairn agus Átha Buí, ach ceapadh le déanaí é mar shagart paróiste i nDún Búinne.

De réir lucht teailí, vótáil 61% de mhuintir Ráth Chairn ar son aisghairm an Ochtú Leasú, móramh a bhí níos lú ná an meán i gContae na Mí, 69.2%.

Fág freagra ar 'Banc éadaigh cumann carthanachta aistrithe ó shéipéal ar ordú sagart Gaeltachta le linn an reifrinn'

  • Seán Mac Gearailt

    Seans go raibh an sagart ag feidhmiú de réir a choinsias; ba leor é sin mar leithscéal ag roinnt mhaith de na daoine a vótáil ar son aisghairm an Ochtú Leasa.