Baintear ‘arm’ na mbreoslaí iontaise as lámha Putin

AN SAOITHÍN AERÁIDE: B’ionann gníomh ar son na haeráide agus gníomh ar son an daonlathais agus ar son shábháilteacht na Mór-Roinne 

Baintear ‘arm’ na mbreoslaí iontaise as lámha Putin

Ach oiread le chuile dhuine eile nach bhfuil faoi anáil bholscaireacht shlítheánta Putin agus Lavrov chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin an tseachtain seo caite samhnas ar an Saoithín Aeráide. 

Tá trua ag an Saoithín Aeráide ní hamháin do na héin agus do na coiníní a ndéanfaidh buamaí agus urchair smidiríní díobh agus don chré a thruailleofar nuair a bhuailfear scaglanna ola agus stáisiúin chumhachta, ach do mhuintir na hÚcráine ina hiomláine agus, leis, do na déagóirí Rúiseacha atá á gcur go béal an chatha ag a n-uachtarán mire.

Mar sin féin – tá an Saoithín ar a mhíle dícheall gan dul i muinín an natha úd faoin néal agus an gealán – tá an chosúlacht ar an scéal gur casphointe a bheidh sa chogadh seo sa chath i gcoinne athrú na haeráide.

Ina gcodladh ar feadh blianta fada a bhí polaiteoirí na hEorpa nuair a lig siad dá dtíortha a bheith spleách ar ghás agus ar ola na Rúise.

Dall, freisin, óir ba léir ón mbliain 2006 ar aghaidh, nuair a dhún Putin na píblínte gáis go dtí an Úcráin den chéad uair, nach raibh drogall ar bith aige úsáid a bhaint as spleáchas thíortha eile ar acmhainní nádúrtha na Rúise mar arm polaitiúil.

Agus, anuas ar chuile shórt eile, bhí an Eoraip bómánta: céard eile, seachas na mílte milliún euro a d’íoc saoránaigh na Mór-Roinne le Gazprom agus comhlachtaí (leath)stáit Rúiseacha eile, atá ag íoc as an gcogadh atá á fhearadh ag Putin ar an Úcráin anois?

Ach dhúisigh an Eoraip thar oíche.

Deireadh curtha leis an togra Nord Stream, a mhéadódh spleáchas na Mór-Roinne ar ghás na Rúise tuilleadh.

Ardú as cuimse ar scaireanna na gcomhlachtaí a thógann muilte gaoithe.

Murar leor argóint athrú na haeráide inti féin, is cinnte go bhfuil cúis ag muintir na hEorpa anois droim láimhe a thabhairt do bhreoslaí iontaise ar an bpointe boise agus iompú ar an bhfuinneamh inathnuaite.

Beidh polaiteoirí ann a bheidh ag iarraidh stáisiúin chumhachta núicléacha a thógáil.

Ní gá dul níos faide ná an cogadh atá ar siúl san Úcráin faoi láthair lena mheabhrú dúinn gur drochrogha a bheadh ansin.

Déardaoin seo caite, tháinig ardú suntasach ar na leibhéil radaíochta timpeall ar Chernobyl nuair a ghabh trúpaí Rúiseacha an ceantar. Nuair a tharlaíonn tubaiste núicléach, bíonn na hiarmhairtí linn ar feadh na nglúnta, agus ar feadh na nglúnta ina dhiaidh sin arís.

Lena chois sin, idir phleanáil, chásanna dlí agus an tógáil féin, thógfadh sé 10 mbliana ar a laghad chun stáisiún cumhachta núicléach nua a thógáil. Níl an t-am sin ag an bpláinéad, ná ag muintir na hEorpa má theastaíonn uathu arm an gháis Rúisigh a bhaint as lámha Putin.

Painéil ghréine a chur ar chuile dhíon sna cathracha agus sna bailte móra, agus tuath agus muir a líonadh le muilte gaoithe: gníomh ar son an daonlathais agus ar son shábháilteacht na hEorpa a bheadh ansin, chomh maith le gníomh ar son na haeráide. Agus géarghá leis, mar a mheabhraigh tuarascáil nua ó Phainéal Idirnáisiúnta Idir-Rialtasach um Athrú Aeráide na Náisiún Aontaithe, dúinn Dé Luain.

Caithfear ‘an fhaill bheag ghairid’ atá againn a thapú chun an domhan a shábháil

Fág freagra ar 'Baintear ‘arm’ na mbreoslaí iontaise as lámha Putin'