‘Bainfear díoltas amach’ a deir comharba Suleimani san Iaráin

Tá sé ina imní mhór ó maraíodh Ginearál Suleimani na hIaráine go ngéaróidh ar an aighneas idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin agus go gcuirfear go mór le míshocracht an Mheánoirthir

Tá ráite ag an té a thiocfaidh i gcomharbacht ar Qassim Suleimani san Iaráin go mbainfear díoltas amach ar Stáit Aontaithe Mheiriceá as an nginearál a mharú.

Ag labhairt dó ag sochraid Suleimani, a maraíodh in ionsaí dróin Dé hAoine in Baghdad, gheall an té a thiocfaidh i gcomharbacht air, Esmail Ghaani, go mbainfí díoltas amach ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

“Tá geallta ag Dia uilechumhachtach go mbainfidh sé díoltas amach,” a dúirt Esmail Ghaani, an ginearál a thiocfaidh in áit Suleimani mar cheannaire ar fhórsa míleata Quds na hIaráine.

Dúirt Esmail Ghaani nach raibh aon amhras ann ach go ndéanfaí gníomh i leith mharú Qassim Suleimani.

Tá ráite ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go ndéanfar “mórghníomh díoltais” má shocraíonn rialtas na hIaráine dul i mbun ionsaithe buille ar bhuille mar fhreagra ar mharú an ghinearáil a bhí áirithe ar an dara duine is cumhachtaí sa tír.

Tá sé ina imní mhór ó maraíodh Suleimani go ngéaróidh ar an aighneas idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin agus go gcuirfear go mór le míshocracht an Mheánoirthir.

Tá ráite ag rialtas na hIaráine nach mbeidh siad ag cloí a thuilleadh le socrú a rinneadh in 2015 go n-éireoidís as úráiniam a dhéanamh agus tá bagairt déanta ag Trump go n-ionsófar láithreacha cultúrtha san Iaráin. 

Bhí sráideanna Tehran plódaithe do shocraid Qassim Suleimani mar ar chaoin Ayatollah Ali Khamenei, an ceannaire is airde san Iaráin, bás an ghinearáil.

Mhaígh lucht Stáit Aontaithe Mheiriceá gur ordaigh Suleimani go ndéanfaí ionsaithe ar Mheiriceánaigh san Iaráic agus sa tSiria agus go raibh rabharta ionsaithe eile á bheartú aige.

Ba laoch ag go leor daoine san Iaráin é Suleimani.

Idir an dá linn, deir parlaimint na hIaráice gur chóir trúpaí Mheiriceá ar fad a dhíbirt as an tír sin.

Dúirt Donald Trump go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Iaráic dá ndéanfaí a leithéid.

Fág freagra ar '‘Bainfear díoltas amach’ a deir comharba Suleimani san Iaráin'