Bac Stormont ar straitéis don Ghaeilge ‘mídhleathach’ 

Maíodh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste inniu gur blocáladh 26 iarracht a rinne an tAire Pobal de chuid Shinn Féin, Deirdre Hargey, straitéis don Ghaeilge a phlé

Bac Stormont ar straitéis don Ghaeilge ‘mídhleathach’ 

Maíodh san Ard-Chúirt inniu go raibh Feidhmeannas Stormont d’aon turas agus go neamhdhleathach ag cur bac ar iarrachtaí straitéis don Ghaeilge a chur chun cinn. 

Mhaígh abhcóide Chonradh na Gaeilge go raibh na feidhmeannaigh in Stormont ag déanamh neamhaird den chinneadh breithiúnach gur sárú ar a ndualgas dlí a bhí ann gan glacadh le treoirphlean.

Maíodh chomh maith gur blocáladh 26 iarracht a rinne an tAire Pobal de chuid Shinn Féin, Deirdre Hargey straitéis a phlé.

Tá ordú cúirte á lorg ag Conradh na Gaeilge anois a chuirfeadh d’iallach ar an bhFeidhmeannas gníomhú ar an gcás.  

Tá aighneas ar siúl le fada maidir le gealltanais a rinneadh faoin nGaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a chomhlíonadh.  

In 2017 cinneadh san Ard-Chúirt gur sárú ar an Acht um Thuaisceart Éireann 1998 a bhí san easpa dul chun cinn ar na gealltanais sin agus dhearbhaigh breitheamh go raibh an Feidhmeannas ag sárú a dhualgas dleathach.

Gealladh straitéisí nua don Ghaeilge agus don Ultais i Ré Nua Cur Chuige Nua, socrú a chuir feidhmeannas roinnt na cumhachta ar siúl arís in 2020. 

Agus an mhoill agus an easpa gnímh á gcáineadh acu, chuaigh Conradh na Gaeilge i muinín na gcúirteanna chun an scéal a bhrostú. Dúirt a n-abhcóide, Karen Quinlivan QC, go bhfuil neamhaird á déanamh de chinneadh na cúirte deireanaí.

“Is léir go bhfuil an Feidhmeannas ag cur as d’Alt 28D den acht agus go bhfuil aon éifeacht a bhí leis bainte de aige,” a dúirt sí.

Dúradh sa chúirt gur scaip Deirdre Hargey cáipéis faoin straitéis don Ghaeilge mí na Samhna anuraidh agus go ndearna sí go leor iarrachtaí é a chur ar chlár chruinnithe an Fheidhmeannais sna míonna ó shin. 

“26 uair ar fad a thug sí faoi ach níor éirigh leis dul ar aon clár cruinnithe,” a dúirt an t-abhcóide.  

“Is léir go ndearna an tAire a bhí freagrach as a dícheall an cás seo a chur chun cinn. 

“Is léir chomh maith gur chuir an Feidhmeannas bac ar a hiarrachtaí d’aon turas agus gur sárú a bhí ansin ina ndualgas dlíthiúil.” 

Mhaígh Karen Quinlivan go raibh dualgas ar an bhFeidhmeannas clár ama a shocrú do na straitéisí don Ghaeilge agus don Ultais taobh istigh de thrí mhí. 

Ghlac sí leis go raibh tionchar ag an bpaindéim ar obair Stormont ach dúirt sí gur ghá ordú mandamus a fháil ón gcúirt anois toisc a dúirt sí “go bhfuil Feidhmeannas againn anois a dhéanann neamhaird ar an reachtaíocht agus ar bhreith na hArd-Chúirte”.

“Tuigimid go bhfuil daoine sa bhFeidhmeannas nach mian leo an straitéis don Ghaeilge agus don Ultais a chur chun cinn. Ach is chuige sin a rinne an Pharlaimint dualgas di. D’aithin sí go raibh sé conspóideach agus dúirt go raibh in am cinneadh a dhéanamh agus cúrsaí a bhogadh ar aghaidh.” 

Mhaígh lucht dlí an Fheidhmeannais go raibh sé róluath le dhul I muinín an dlí arís. 

Cuireadh in iúl don Bhreitheamh Scoffield go raibh obair á déanamh ar an straitéis agus go raibh dhá phainéal comhairleacha ceaptha ag Deirdre Hargey chun moltaí a dhéanamh. 

Cuireadh cinneadh na cúirte ar athló.

Fág freagra ar 'Bac Stormont ar straitéis don Ghaeilge ‘mídhleathach’ '