Ba mhór idir iompar maslach Boris Johnson agus dínit mhuintir Bhaile Uí Mhurchú

Ghoill iompar amscaí an Phríomh-Aire go mór ar mhuintir Bhaile Uí Mhurchú – masla i gceann na héagóra ab ea é a dúradar

Ba mhór idir iompar maslach Boris Johnson agus dínit mhuintir Bhaile Uí Mhurchú

Ba mhór idir an phraiseach a rinne Príomh-Aire na Breataine dá fhreagra ar ionchoisne shléacht Bhaile Uí Mhurchú agus dínit ghaolta an deichniúir a maraíodh.

Ba mhór idir amscaíocht Boris Johnson i ndiaidh an bhreithiúnais faoin sléacht agus iompar David Cameron i ndiaidh fhiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola.

Faoiseamh do na teaghlaigh ab ea breithiúnas an Chróinéara, an Breitheamh Ard-Chúirte Siobhan Keegan, Dé Máirt, go raibh an deichniúr a maraíodh i ‘sléacht Bhaile Uí Mhurchú’ neamharmtha, agus neamhchiontach. Níorbh chontúirt iad d’aon duine agus d’úsáid na saighdiúirí fórsa iomarcach. Bhí a fhios sin acu i gcónaí ach anois, tar éis leathchéad bliain, tá sé ar an taifead oifigiúil agus tá ainmneacha na n-íobartach glanta.

Ar an taifead freisin, tá an scéal gur mharaigh paratrúpaí Arm na Breataine naonúr, máthair ochtair agus sagart ina measc, deireadh seachtaine an 9-11 Lúnasa 1971 nuair a cuireadh tús leis an imtheorannú gan triail.

Ní raibh dóthain fianaise le fáil ag an gCróinéir, an Breitheamh Keegan, chun a rá cé a mharaigh an deichiú duine, a bhí neamhchiontach freisin. Cháin sí go géar an fiosrú easnamhach nó easpa fiosraithe ag an am.

Ba í an reisimint chéanna de na paratrúpaí a bhí i mBaile Uí Mhurchú an deireadh seachtaine sin a bhí i nDoire sé mhí níos deireanaí ar Dhomhnach na Fola. Ní dhéanfaidh aon duine a bhí i gCearnóg Halla na Cathrach i nDoire ar an 15 Meitheamh 2010 dearmad ar sceitimíní an tslua nuair a ghabh Príomh-Aire na Breataine leithscéal. Ba é sin an lá ar foilsíodh tuarascáil an Bhreithimh Saville ar Dhomhnach na Fola a ghlan ainmneacha na n-íobartach.

Ar an scáileán mór chonaic an slua David Cameron ina sheasamh sa Pharlaimint ag gabháil leithscéil thar ceann an rialtais agus é ag fógairt gur maruithe gan chúis a bhí ann agus go raibh an méid a tharla éagórach agus do-chosanta.

Tá a fhios ag an saol go raibh a lochtanna ar Cameron mar Phríomh-Aire ach rinne sé a dhualgas go honórach an lá sin. Aon duine a bhí ag súil lena leithéid ón bPríomh-Aire Johnson bhí thiar air.

Ar shíl Boris Johnson agus a chomhairleoirí in Sráid Downing gur iompar cuí é ráiteas a eisiúint tráthnóna Dé Céadaoin ag maíomh gur ghabh sé leithscéal le muintir Bhaile Uí Mhurchú le linn comhrá le Arlene Foster agus Michelle O’Neill? Maíomh atá séanta ag Sinn Féin agus nach raibh tagairt ar bith dó i ráitis a sheol An Chéad-Aire, Arlene Foster agus an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill i ndiaidh an chomhrá.

Arbh é breithiúnas Uimhir 10 tar éis machnaimh a dhéanamh ar an scéal gurb é sin an freagra cuí? Nó an í an fhírinne nár deineadh machnamh ar bith ar an scéal?

Bhí an beart chomh tútach sin gur mhaith le daoine a mheas gur freagairt mheargánta faoi bhrú ab ea é seachas cinneadh a ndearnadh é a mheá.

Pé cúis a bhí leis an mbrachán ar an gCéadaoin, rinneadh iarracht Déardaoin cuma níos fearr a chur ar an scéal. Rinne Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, ráiteas foirmeálta sa Pharlaimint in Westminster chun brón an rialtais a chur in iúl faoi na heachtraí a tharla i mBaile Uí Mhurchú agus an fhad a bhí ar na gaolta fanacht le freagraí.

Ní raibh an Príomh-Aire sa Pharlaimint don ócáid ach cúpla nóiméad sular sheas Brandon Lewis chun labhairt fuair dlíodóir na dteaghlach, Pádraig Ó Muirigh litir do na gaolta ó Boris Johnson.

Theastaigh uaidh a bhrón a chur in iúl go pearsanta faoinar tharla sna laethanta uafásacha sin i mBaile uí Mhurchú agus faoina raibh fulaingthe ag na teaghlaigh san leathchéad bliain ó shin a dúirt sé sa litir. Is é dualgas an stáit na caighdeáin is airde a leagan síos dó féin agus tá sé riachtanach dá réir go n-aithnímid an crá croí agus an díobháil a dhéantar nuair a loiceann siad ar na caighdeáin sin, ar sé. Díol suntais ab ea é gur d’eachtraí Bhaile Uí Mhurchú seachas do mharuithe a thagair an Príomh-Aire agus an Státrúnaí.

Iarracht in aisce ab ea an litir agus ráiteas Brandon Lewis. Ghoill iompar amscaí an Phríomh-Aire go mór ar mhuintir Bhaile Uí Mhurchú. Masla i gceann na héagóra ab ea é a dúradar.

Theastaigh uathu a chur in iúl dó go raibh an plean atá luaite leis an rialtas chun faoiseamh ó chúiseamh nó reacht na dtréimhsí a chur i bhfeidhm chun stop a chur le cásanna cúirte do-ghlactha.

Le linn na díospóireachta a lean ráiteas Brandon Lewis sa Pharlaimint, dúirt an Státrúnaí go raibh go leor foghlamtha ó rinneadh comhshocrú Stormont House. Ba í an chiall a baineadh as sin go raibh an Bhreatain ag iarraidh na coda a aontaíodh maidir le bailiú eolais agus cothú athmhuintearais a fheidhmiú ach go gcaithfí i dtraipisí aon phlean le haghaidh fiosruithe agus cúisimh.

Thug na Tóraithe geallúint go spárálfaí iarshaighdiúirí ó chúiseamh, cor a cheaptar a thabharfaidh faoiseamh do pharaimíleataigh freisin. Treascairt ar chearta íobartach arís eile. Níl aon ghlacadh ag muintir Bhaile Uí Mhurchú, ná páirtithe in Stormont ná rialtas na hÉireann, leis sin. Ní léir cé mhéid airde a thabharfaidh Boris Johnson ar an teachtaireacht sin ón Taoiseach Micheál Martin ná ó íobartaigh nó polaiteoirí abhus.

Fág freagra ar 'Ba mhór idir iompar maslach Boris Johnson agus dínit mhuintir Bhaile Uí Mhurchú'