‘Ba mhór an t-údar misnigh a shaothar do mo leithéidse a bhí ag útamáil le focail Ghaeilge’

Chuaigh saothair Aoidh Uí Chanainn go mór i bhfeidhm ar ár gcolúnaí, agus scríbhneoir ón mbaile céanna leis i nDoire ag scríobh i nGaeilge chraicneach faoi áiteanna a bhí siúlta aige féin agus faoi chineálacha daoine a raibh aithne aige orthu

‘Ba mhór an t-údar misnigh a shaothar do mo leithéidse a bhí ag útamáil le focail Ghaeilge’

Saol fada torthúil a bhí ag Aodh Ó Canainn agus is mór an chomaoin a chuir sé ar phobal na Gaeilge lena linn.

I gCúil Raithin a rugadh é, sa bhliain 1934, ach is i gcathair Dhoire a d’fhás sé aníos. Ba sa nead scríbhneoirí úd, Coláiste Cholm Cille, a fuair sé a chuid meánscolaíochta. Bhain sé céimeanna amach san innealtóireacht agus sa bhainisteoireacht agus ba dheas mar a rinne sé an dá thrá a fhreastal – an saol gairmiúil agus saol na héigse.

Chuir sé dúil sa Spáinnis le linn dó a bheith ag obair i Maidrid, gur thosaigh sé ar théacsanna liteartha sa teanga sin a aistriú go Gaeilge. In 1991, d’fhoilsigh Coiscéim Mise agus Platero, an t-aistriúchán ealaíonta a rinne Aodh ar Platero y Yo le Juan Ramón Jiménez. Is dán fada próis é seo mar gheall ar an chairdeas idir scríbhneoir bocht agus a asal, Platero. Ach oiread lena lán seoda eile de chuid litríocht na n-óg, tá caolchúis agus doimhneacht fealsúnachta sna heachtraí beaga a bhaineann don bheirt. Faigh cóip más féidir leat ar chor ar bith é; tá sé ar leabhar chomh pléisiúrtha is a léifidh tú i mbliana.

Bhí Aodh ag tarraingt ar a thaithí bhainistíochta san úrscéal Tearmann na gColúr (1999), scéal faoi aighnis thionsclaíocha agus corraíl pholaitiúil i nDoire agus i nGaeltacht Dhún na nGall sna 1960idí. ‘Ó Canainn has a sharp eye for detail and a sharp ear for hypocrisy,’ a scríobh léirmheastóir an Irish Times. B’fhíor sin, ach ba é Léine Ghorm (1984) an saothar ficsin ab fhearr a tháinig ó pheann Aodha. Is iontach an t-athchruthú a rinne sé ar theannas polaitiúil na 1930idí, ar an chríochdheighilt agus ar an deighilt idir an dá phobal ó thuaidh.

Chuaigh Léine Ghorm i bhfeidhm ormsa ar bhealach eile: seo duine a rugadh i mo bhaile dúchais féin ach féach go raibh sé ag scríobh i nGaeilge chraicneach faoi áiteanna a bhí siúlta agam féin agus faoi chineálacha daoine a raibh aithne agam orthu. Ba mhór an t-údar misnigh é sin do mo leithéidse a bhí ag útamáil le focail Ghaeilge. Údar eile misnigh a bhí sa taighde a rinne Aodh faoi ‘iar-Ghaeltacht’ Uladh: ceantar Bhaile na Scríne i gcás Ag Teacht den tSliabh Tráthnóna (2006) agus ceantar Inis Eoghain i gcás Scian a Caitheadh le Toinn (1990), cnuasach scéalta béaloidis a bhailigh a chomrádaí Cosslett Quinn.

Fágfaidh mé faoi chomhghleacaithe agus faoi dhlúthchairde cuimhní pearsanta ar Aodh a scríobh. Measaim nach miste dom a oiread sin béime a chur ar a shaothar liteartha, mar ní áit thánaisteach a bhí ag an fhocal scríofa i saol an duine chéanna. D’aontódh sé le focail Marin Sorescu, file Rómánach ar chuir Aodh Gaeilge ar dhánta leis, a foilsíodh faoin teideal Dánta Deireadh Saoil (2000). Agus an bás ag teannadh leis, scríobh Sorescu faoin bhuaireamh ba mhó a bhí air:

An rud is mó a ghoilleann orm

Nach mbeidh mé in inmhe

Caidreamh le leabhair,

Seasamh os a gcomhair ar maidin

Mar a bheinn ar bhruach na mara,

Do mo mhuirniú ag leoithne dhiamhrach

Ó na seilfeanna.

Ó tharla nach mbeidh mé gar dóibh,

Tá súil agam nach gcealófar, a Thiarna,

Sult na léitheoireachta i measc na réalt

Ar a laghad uair sa tseachtain

De réir sceidil greamaithe de néal.

Áiméan!

Fág freagra ar '‘Ba mhór an t-údar misnigh a shaothar do mo leithéidse a bhí ag útamáil le focail Ghaeilge’'

  • alan titley

    An-chruinn, an-cheart, thóg an píosa seo toise an duine, oibrí dícheallach agus fear comhrá agus cainte a bhíodh i gcónaí spreagúil nuair a chasfadh sé ort. Is cuimhin liom é ag ceardlann scríbhneoireachta in Eanach Mhic Dheirg, agus chuireadh sé sprioc áirithe focal roimhe a scríobh gach lá! Agus dhéanadh! Murab ionann agus cách eile. Tá súil agam gur fada a mhairfidh a shaothar.

  • Brendan Keane

    Leaba i measc na Naoimh aige. Ómós mór tugtha dó san tuairisc seo; beidh mé ag léamh a shaothar i ndiadh.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ar dhis Dé go raibh a Anam uasal