Ba mhilse an bhláthach féin ná an drochscéal go mbeidh samhradh gan aon chluichí againn

Faraor a chara, is amhlaidh a mhéadóidh do phiansa agus mo phiansa de réir mar atá an samhradh á chaitheamh

Ba mhilse an bhláthach féin ná an drochscéal go mbeidh samhradh gan aon chluichí againn

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá lántuiscint an scéil anois faoi dheireadh againn. Os cionn sé seachtaine caite agus gan againn ach mar a bhíonn duine a mbeadh muigín mór de bhainne géar nó de bhláthach le n-ól acu – barúil againn nach dtaitneoidh an nuacht linn nuair a thiocfaidh sé ach ag súil má chaitheann muid fada go leor ag breathnú air nach mbeidh an blas ina mbéal chomh searbh, míthaitneamhach agus atá.

Ba mhilse an bhláthach féin ná an phurgóid a d’fhógair an tAire Sláinte an tseachtain seo agus é ag fógairt deireadh le haon dé dóchais a bhí againn nach gcuirfeadh Cóvid-19 isteach chomh mór agus a bhíothas a thuar ar chúrsaí spóirt.

Sula dtáinig sé chomh fada linn beag ná mór bhí ár saol athraithe ag an aicíd dhíobhálach seo a bhfuil éalang fágtha aici ar chuile ghné dár saol agus gan í leathbhliain d’aois. Íochtarach go maith ar an liosta atá an tábhacht a bhaineann lena rian ar spórt i gcomparáid leis na créatúir a chuaigh ar Shlí na Fírinne dá barr, nó iad siúd a d’fhágadar ina ndiaidh. Daoine go leor freisin atá buailte ó thaobh fostaíochta, airgid, uaignis agus meanma.

I gcomparáid leo siúd déarfá gur dream atá gar go maith dóibh féin iad an méid againn atá agus a bheidh ag caoineadh na gcomórtas agus na gcluichí ar a mbeadh muid dírithe as seo go Fómhar. Ach mura bhfuil ann ach seantreabhsar a bhfuil a thóin amuigh, nó péire bróga atá ag ligean uisce isteach, is mór leat uait iad nó go dtiocfaidh tú i gcleachtadh na mball a frítheadh ina n-áit.

Deir siad gurb é an bainne leamhnachta is fearr leis an gcat ach as seo go deireadh an tsamhraidh is cosúil nach mbeidh an bhláthach féin ar fáil againne ar suim linn spóirt agus tart chráite i ndán dúinn d’uireasa na dtearmann Domhnaigh a chleachtann muid.

Ardtráthnóna an lae sin as seo go faoithin do chos ní leagfaidh tú taobh istigh de thairseach Pháirc Mhic Éil, Mhic Cumhaill, Mhic Dhiarmada ná Mhic Gearailt. Is beag an imní a dhéanfaidh sé duit an bhfuil Garda ina sheasamh ag an gcúlbhealach a d’aimsigh tú blianta ó shin go Páirc Semple agus a shábhálfaidh ceathrú uaire siúil duit chomh fada leis na geataí ansiúd. Ní chuirfidh tú na seacht mallacht ar Choiste Contae Chorcaí faoi Pháirc Uí Chaoimh a thógáil in áit a bhfuil oiread d’anró ag baint lena sroichint agus atá le barr Chruach Phádraig.

I leaba a bheith ag sacadh agus ag baint as an mbodach mór as contae aduain atá dearg le fearg le d’ais agus d’fhoireann ag tabhairt liúradh dá cheann siúd, beidh tú i ngreim i bpáipéar an Domhnaigh (nach mbeidh ann ach 8 leathanach agus gan caint ar bháire in aon cheann acu) den tríú huair ó mhaidin agus é meabhraithe do bhean an tí agat chomh minic céanna nach bhfuil suim soip agat a dhul amach ag siúl.

I gcás an mhuigín bláthaí, laghdaíonn a ghéire agus tuairim leath de ólta agat. Faraor a chara, is amhlaidh a mhéadóidh do phiansa agus mo phiansa de réir mar atá an Samhradh á chaitheamh. Rásaí na Gaillimhe, na Mórchomórtais Ghailf, Húicéirí, Báid Mhóra agus Gleoiteoga ag treabhadh na farraige, ní áirím an ócáid bheag spóirt a bhí le bheith ar siúl in Tóiceo i gceartlár shéasúr na saoire.

Léargas orthu siúd ar fad goidte uainn ag namhaid nach bhfuil aon amharc ag an tsúil air.

I leaba a bheith ag éirí i lár an mheán oíche ag breathnú ar phlúr lúthchleasaithe an domhain agus ag guí Dé go dtabharfaidh Katie Taylor bonn eile abhaile léi, beidh an seachtú piocadh déag déanta ar fhiailí an ghairdín agamsa agus agatsa, gearradh lena chois sin tugtha don phlásóg agus fuinneoga an tí chomh glan gléineach le scáthán bearbóra.

Ag péinteáil an tí freisin a bheas Ger Canning agus Dara Maloney. Cloisim garraí fataí a bheith curtha ag Des Cahill agus ag Seán Bán. Ag foghlaim le cairdín a chasadh a chaithfidh Antoine Ó Conghaile an lá agus faoin am a dtiocfaidh oíche Shamhna is cainteoir líofa Sínise a bheas i Joanne Cantwell. Faoin tráth sin freisin beidh orlach dusta ar na cathaoireacha gáifeacha ar a suíonn anailísithe dea-ghléasta The Sunday Game.

Tá seans beag ann go bhfuil sé tugtha faoi deara agat faoin tráth seo a léitheoir go bhfuil beagán trua agam dom féin (agus duitse) an mhaidin Domhnaigh seo. Níl neart air.

Tuigim in áit na cnáimhseála gur chóra dom lámh a leagan ar mo chroí agus buíochas a thabhairt go bhféadfadh an scéal a bheith níos measa, ach ní dochar ach an oiread racht a chur díot. Nuair a chuimlíonn fear an mhuigín a bhéal agus an bhláthach slogtha aige, thabharfadh sé an Leabhar gur milis a bhí sí.

An taobh crua den leaba is an chuid chaol den bheatha atá romhainn go ceann tamaill ach le cúnamh Dé tiocfaidh cor sa mbóthar.

Tosóidh arís an díospóireacht cois cuntair, déanfar ceapairí agus flascanna tae, coinneoidh cótaí báistí cruas an choncréit ó thóineanna boga agus in áit éicint, lá éicint cloisfear duine ag cur na ceiste “Bhfuil aon ticéad agat?”.

Mar a déarfadh mo sheanchara agus mo chomharsa Feistí Ó Conluain, trócaire air, ‘Beidh Éirinn fós ag Cáit Ní Dhuibhir’.

Fág freagra ar 'Ba mhilse an bhláthach féin ná an drochscéal go mbeidh samhradh gan aon chluichí againn'