Ba é rogha an dá dhíogha é ‘barántas na mbanc’ a thabhairt isteach – Cowen

Dúirt an tIar-Thaoiseach go raibh eolas á scaipeadh ar chúla téarmaí a chinntigh nach raibh an dara rogha ag an Rialtas ach glacadh le clár tarrthála an IMF

Screen Shot 2015-07-08 at 11.06.33

Ba é rogha an dá dhíogha é an ‘barántas bainc’ a thabhairt isteach seachas náisiúnú a dhéanamh ar Anglo Irish Bank, a dúirt an an tIar-Thaoiseach Brian Cowen leis an bhfiosrúchán bainc ar maidin.

Dá scaoilfí Anglo Irish Bank le sruth, chlisfeadh ar an gcóras bainc agus dhéanfaí dochar don gheilleagar nach bhféadfaí a leigheas, a dúirt sé.

Dúirt sé nár shaill gan fiacha a bhí in aon cheann de na roghanna a bhí ag an Rialtas ag an am, agus nach raibh aon fhreagra ar an ngéarchéim a bhí ‘100% ceart’.

Thug an tIar-Thaoiseach le fios chomh maith nach raibh an tIar-Aire Airgeadais Brian Lenihan i láthair nuair a tógadh an cinneadh gan sealbhóirí bannaí a fhágáil ar an bhfán mar chuid de bharántas na mbanc.

Bhí Lenihan imithe abhaile faoin am a tógadh an cinneadh toisc go raibh go leor cúraimí air an mhaidin dár gcionn.

Mhaígh Cowen go ndúradh go neamhbhalbh leis an Rialtas nach ligfí dóibh dul isteach i gclár an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (IMF) mura seasfaidís leis na sealbhóirí. Dúirt sé chomh maith go raibh eolas á scaipeadh ar chúla téarmaí ag Banc Ceannais na hEorpa a chinntigh nach raibh an dara rogha ag an Rialtas ach glacadh le clár tarrthála an IMF.  Ní fhéadfaí ‘glacadh’ lena leithéid de chleachtadh, arsa Cowen.

Maidir leis an gcruinniú ar an 30 Meán Fomhair 2008 ag ar pléadh an barántas bainc, dúirt Cowen gur chúis aiféala dó nach raibh aon chuntas scríofa cruinn cuimsitheach ann faoin méid a tharla ann. Dúirt sé gur air féin a bhí an locht sa chás sin toisc gurbh é a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú.

‘Ba chun tairbhe an uile dhuine’ a bheadh sé dá mbeadh a leithéid de chuntas ann.

Bhí aithreachas air chomh maith nár fhan sé go dtí a sé a chloig ar maidin chun cruinniú ‘ceart’ a reáchtaíl faoi cheist an bharántais.

Ceistíodh an tIar-Thaoiseach chomh maith faoi chluiche gailf a d’imir sé ar an 23 Iúil 20o8 le Fintan Drury, iarstiúrthóir ar Anglo Irish Bank, Seánie Fitzpatrick, iarchathaoirleach an bhainc chéanna, agus daoine eile. Dúirt Cowen gur teacht le chéile neamhfhoirmeáilte a bhí ann chun cúrsaí eacnamaíochta a phlé. Níor pléadh cúrsaí baincéireachta in aon chor le linn an teacht le chéile, a dúirt sé. B’shin í ‘fírinne an scéil’, a dúirt sé, agus ba bheag a d’fhéadfadh sé a dhéanamh faoi aon ‘teoiric comhcheilge’ a bheadh ag duine.

“As God as my witness, I wasn’t discussing banking, I was discussing the economy,” a dúirt an tIar-Thaoiseach.

Fág freagra ar 'Ba é rogha an dá dhíogha é ‘barántas na mbanc’ a thabhairt isteach – Cowen'

  • frainc

    Ha ha ha ha ha ha haaaaaaaaaaaaaaaaaaaaaaa………haaaaaaaaaa……………..

    ‘…go raibh eolas á scaipeadh ar chúla téarmaí ag Banc Ceannais na hEorpa a chinntigh nach raibh an dara rogha ag an Rialtas ach glacadh le clár tarrthála an IMF. Ní fhéadfaí ‘glacadh’ lena leithéid de chleachtadh, arsa Cowen.’

    ‘Ceistíodh an tIar-Thaoiseach chomh maith faoi chluiche gailf a d’imir sé ar an 23 Iúil 20o8 le Fintan Drury, iarstiúrthóir ar Anglo Irish Bank, Seánie Fitzpatrick, iarchathaoirleach an bhainc chéanna, agus daoine eile. Dúirt Cowen gur teacht le chéile neamhfhoirmeáilte a bhí ann chun cúrsaí eacnamaíochta a phlé’…………………………………. hahhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhhaaaaaaaaa

  • alan

    Agus díogha gach díogha é Biffó agus ardú pinsin faighte aige le gairid ó 136000 euro pa go dtí 138000 pa. Nach maith atá sé tuillte aige agus dar ndó’ ní féidir faic a dhéanamh ó thaobh na reachtaíochta de chun an léirslad seo a stop, murab ionann agus na cumhachtaí ar fad a tugadh do Uisce Éireann.

  • sean o rathaille

    Nior chuir na brustocairi bainc aon bhru ar Cowen maiidr le rathaiocht bainc san iliomad cruinniu, coisir etc a bhi aige leo? Go hairithe Anglo Irish? Cad tuige a raibh se suas agus anuas leo chomh minic sin, go hairithe S Fitzpatrick?