Ba chóir eochracha an ghluaisteáin a bhaint de Joe Biden

Má thoghtar Donald Trump mar gheall ar Joe Biden a bheith mar mhalairt rogha, is ar an bPáirtí Daonlathach a bheidh an milleán

Ba chóir eochracha an ghluaisteáin a bhaint de Joe Biden

Joe Biden. Pic: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Dá mba é Joe Biden d’athair nó do sheanathair agus dá mbeadh sé ag maíomh go bhfuil sé lánmhuiníneach as a chumas tiomána bheadh tú fós ag iarraidh eochracha an ghluaisteáin a bhaint uaidh.  

Is dócha go bhfuil taithí ag gach duine atá á léamh seo ar sheanduine nach raibh tuiscint réalaíoch acu ar a gcumas tiomána fhéin, nó a chumas maireachtáil go neamhspleách. Beidh mé fhéin mar an gcéanna lá éigin. Fiú má tharraingíonn duine de mo pháistí amach an t-alt seo i gceann tríocha bliain ag iarraidh a chur ina luí orm bhfuil sé in am an seanToyota a thabhairt suas, is dócha gur an chluas bhodhar a thabharfaidh mé dóibh. Sin é an fáth go mbíonn ar dhaoine os cionn 75 bliain d’aois teastas dochtúra a fháil chun a gceadúnas tiomána a athnuachan. Ach tá muid in ainm creideamh i maíomh Biden go bhfuil sé lán-ábalta d’uachtaránacht na tíre is cumhachtaí ar domhan?  

Nuair a bhreathnaíonn tú ar an difríocht idir Biden ceithre bliana ó shin agus Biden anois agus má shamhlaíonn tú an meath sin ag leanúint ar aghaidh ar feadh ceithre bliana eile, níl aon tslí ar domhan go mbeidh sé folláin go leor leis an dara téarma uachtaránachta a chríochnú. Ach i bhfianaise iompar Biden agus na ndaoine thart air go dtí seo, tá amhras dlisteanach cruthaithe an féidir brath airsean ná orthu siúd é sin a aithint agus a bheith ionraic leis an bpobal faoi. Níl aon tslí go bhfostófá Joe Biden anois chun seastán nuachtán a bhainistiú ach táthar ag iarraidh ar phobal Mheiriceá conradh ceithre bliana a bhronnadh air mar Phríomhfheidhmeannach Mheiriceá Teoranta. 

Ceann de na gearáin dhlisteanacha atá ag Daonlathaigh i gcoinne Donald Trump is ea gur dílis dó féin ar dtús atá sé seachas do chumas, dea-cháil, ionracas agus leas na tíre, ná fiú leas an pháirtí Phoblachtaigh.  

Deir Barack Obama agus daoine mór le rá eile sa Pháirtí Daonlathach linn gur bagairt gan fasach do dhaonlathas Mheiriceá é Donald Trump. Ach seo anois iad ag cur a ndílseacht phearsanta do Joe Biden chun tosaigh ar an mbagairt sin.  

Is ionann agus dul sa seans an ridire a athrú chomh déanach seo sa rás, a déarfar linn. Déarfar linn go léiríonn an stair nach n-éiríonn le hiarrthóir mura mbíonn an páirtí aontaithe taobh thiar den iarrthóir míonna roimh an toghchán.  

Ach tá dhá fhadhb leis an argóint sin.  

Ní féidir a rá go bhfuil an páirtí aontaithe taobh thiar de Biden nuair atáthar ag ceistiú ar chúla téarmaí, agus go hoscailte i gcásanna áirithe, an bhfuil sé ábalta don jab. Agus an rud eile faoi ná seo – ní iarrthóir láidir é Donald Trump. De réir na bpobalbhreitheanna níl, ar an meán, ach 53.5% de Mheiriceánaigh fabhrach leis. Is féidir buachan ar Donald Trump ach rogha éigin a thabhairt don phobal seachas seanfhear nach ligfeá dó gluaisteán a thiomáint.  

Ní chuirfeá an milleán, áfach, ar an seanfhear nach bhfuil sásta éirí as an tiomáint. Bheadh trua agat dó. Is ar a dhochtúir agus ar a mhuintir a bheadh an fhreagracht é fhéin agus daoine eile ar na bóithre a chosaint. Má thoghtar Donald Trump mar gheall ar Joe Biden a bheith mar mhalairt rogha, is ar an bPáirtí Daonlathach a bheidh an milleán. Mura mbaineann siad na heochracha de Joe Biden, déanfaidh pobal Mheiriceá é sin ag na bothanna vótála i mí na Samhna.

Fág freagra ar 'Ba chóir eochracha an ghluaisteáin a bhaint de Joe Biden'