‘Ba chóir do RTÉ smaoineamh ar bhogadh isteach le TG4 i nGaeltacht Chonamara’

Dúirt an Teachta Dála Ciarán Cannon go bhféadfadh an craoltóir náisiúnta a ceannáras i mBaile Átha Cliath a dhíol agus bogadh siar go dtí Gaeltacht na Gaillimhe

‘Ba chóir do RTÉ smaoineamh ar bhogadh isteach le TG4 i nGaeltacht Chonamara’

Tá ráite ag Teachta Dála gur chóir do RTÉ smaoineamh ar cheannáras an chraoltóra a bhogadh taobh le campas TG4 i mBaile na hAbhann.

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Meán ag a raibh RTÉ i láthair, dúirt an Teachta Dála Ciarán Cannon go bhféadfadh an craoltóir náisiúnta a cheannáras i Montrose i mBaile Átha Cliath 4 a dhíol agus bogadh siar go dtí Gaeltacht na Gaillimhe.

“Nílim ag magadh nuair a chuirim an cheist seo, tá mé lán-dáiríre, ar smaoiníodh riamh cén fáth go gcaithfidh RTÉ a bheith lonnaithe i mBaile Átha Cliath?” a d’fhiafraigh an Teachta de chuid Fhine Gael d’Ard -Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst.

Dúirt Cannon go raibh iliomad áiteanna sa tír ina bhféadfadh RTÉ lonnú, ach mhol sé cathair na Gaillimhe nó taobh thiar di go sonrach.

“Tá obair den scoth á déanamh ag TG4 ann. Mar a tharlaíonn sé, d’fhéadfaí TG4 agus RTÉ a chomhshuí ar an suíomh céanna.”

Mhaígh Cannon go bhféadfadh an dá chraoltóir leas a bhaint as a leithéid de shocrú.

Dúirt Kevin Bakhurst go magúil go mbeadh Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord RTÉ a bhí taobh leis ag an chruinniú, i bhfabhar RTÉ a bhogadh go Gaillimh.

Chomh maith le bheith ina hiarchathaoirleach ar Bhord TG4, bhí Ní Raghallaigh ar dhuine den mheitheal a bhunaigh an stáisiún.

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Dúirt Bakhurst go raibh RTÉ ag díriú ar níos mó ball foirne agus níos mó léiriúchán a bhogadh amach ó Bhaile Átha Cliath. Dúirt sé go ndéantar go leor d’ábhar RTÉ ar fud na tíre agus go rabhthas ag iarraidh níos mó a bhogadh amach ón phríomhchathair.

Dúirt Bakhurst níos luaithe ag an gcruinniú nach mbeadh aon rogha ag RTÉ ach a gcampas go léir in Montrose nó cuid de a dhíol.

Luaigh an Teachta Cannon Aerfort na Gaillimhe, taobh thoir den chathair, mar shuíomh eile a d’fhéadfadh RTÉ a úsáid mar cheannáras nua.

“I láthair na huaire i gcathair na Gaillimhe, tá aerfort againn atá ina shuí ansin agus is leis na cáiníocóirí é. Tá 115 acra i gceist, d’fhéadfadh tú ceithre RTÉ a lonnú ar an suíomh, agus tá sé suite i gcathair a bhfuil traidisiún fada aici sa drámaíocht, sa scannánaíocht agus i léiriú ceoil,” a dúirt Cannon, atá ina Theachta Dála do Ghaillimh Thoir.

Bhí RTÉ i dTeach Laighean chun an chaoi ar caitheadh airgead poiblí a phlé.

Tá RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh siad i mí an Mheithimh go raibh an pá a íocadh le Ryan Tubridy, idir 2017-2022 €345,000 níos airde ná mar a thuairiscigh RTÉ go poiblí.

Tá ciste eatramhach €34.5 milliún á iarraidh ag RTÉ ón Rialtas.

Fág freagra ar '‘Ba chóir do RTÉ smaoineamh ar bhogadh isteach le TG4 i nGaeltacht Chonamara’'