Ní bheidh aon rogha ag RTÉ ach a gcampas go léir in Montrose nó cuid de a dhíol, a deir Ard-Stiúrthóir an chraoltóra.
Ag labhairt dó ag Coiste Oireachtais na Meán tráthnóna, dúirt Kevin Bakhurst, nach rogha dáiríre a bhí ag RTÉ gan aon chuid den suíomh 23.5 acra a dhíol.
Bhí “gach rogha” á bplé agus dúirt gurb iad na roghanna sin – cuid den suíomh i mBaile Átha Cliath 4 a dhíol, é ar fad a dhíol nó “gan tada a dhéanamh”.
Dúirt Bakhurst ansin nach raibh an tríú rogha sin acu dáiríre i bhfianaise na ndeacrachtaí airgid atá ag an gcraoltóir.
Tá luacháil á déanamh ar an gcampas faoi láthair agus bheadh an obair sin curtha i gcrích faoi cheann roinnt seachtainí, a dúirt sé.
Bhí scéal na luachála beagáinín níos casta mar gheall ar fhoirgnimh liostaithe a bheith ar an gcampas, rud a d’fhéadfadh baint dá luach.
D’fhógair Kevin Bakhurst níos túisce inniu go raibh cosc á chur láithreach ag RTÉ ar earcaíocht agus ar chaiteachas neamhriachtanach.
Dúirt Bakhurst le baill foirne gur cúis aithreachais dó na ciorruithe mar gurb é sceideal an chraoltóra, cúrsaí trealaimh agus forbairtí digiteacha a bheidh thíos leis.
“Mar gheall ar an laghdú mór ar ioncam an cheadúnais teilifíse agus an éiginnteacht faoi mhaoiniú eatramhach stáit, is é sin [na ciorruithe] an t-aon rud stuama is féidir linn a dhéanamh.”
Shéan Bakhurst go raibh RTÉ “ar tí a bheith bancbhriste”. Dúirt sé go raibh “dúshláin mhóra airgeadais” roimh an gcraoltóir agus go gcaithfí a bheith fíorchúramach faoi chaiteachas.
Tá RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh iad i mí an Mheithimh go raibh an pá a íocadh le Ryan Tubridy, idir 2017-2022 €345,000 níos airde ná mar a thuairiscigh RTÉ go poiblí.
Tá ciste eatramhach €34.5 milliún á iarraidh ag RTÉ ón Rialtas.
Ag cruinniú an lae inniu, dúirt Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord RTÉ, go raibh an eagraíocht faoi bhrú mór ó go leor taobhanna.
Dúirt sí gur gearr go mbeidh Athbhreithniú Straitéiseach ullmhaithe ag an eagraíocht agus go mbeadh sin mar bhunús le plean athstruchtúraithe caiteachais.
Caithfear cinntí “crua” a dhéanamh ionas go mbeidh craoltóir seirbhíse poiblí againn a bheidh “oiriúnach dá fheidhm”, arsa Siún Ní Raghallaigh.
Fág freagra ar '‘Níl aon rogha ag RTÉ ach Montrose go léir nó cuid de a dhíol’ – Bakhurst'