Moltar i dtuarascáil nua faoi Fhoras na Gaeilge gur cheart don eagraíocht trasteorann féachaint lena thuilleadh dá chúraimí a aistriú go dtí na sé cheanneagraíocht Ghaeilge chun baint d’ualach oibre an Fhorais féin.
D’fhágfadh sin tuilleadh acmhainní ag an bhForas le díriú ar a chuid aidhmeanna, a deirtear sa tuarascáil a rinne na comhairleoirí Baker Tilly don eagraíocht teanga.
Moltar go n-aistreofaí cuid de chúraimí an Fhorais chuig na ceanneagraíochtaí “san áit a mbeadh a leithéid cuí” agus ar an dtuiscint go gcinnteofaí ar dtús go mbeadh sé de chumas ag na heagraíochtaí an obair a dhéanamh.
Meastar go bhféadfaí cuid de na scéimeanna atá ag an bhForas a aistriú chuig na ceanneagraíochtaí gan cur as do na dualgais reachtúla atá ar an eagraíocht trasteorann.
Deirtear sa tuarascáil nua faoi Fhoras na Gaeilge gur chóir don eagraíocht díriú níos mó ar chur chun cinn na Gaeilge seachas a bheith róghafa le bainistiú agus dáileadh deontas.
Is iad na sé cheanneagraíocht Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Glór an nGael agus Gaeloideachas.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go raibh an próiseas maidir le scagadh a dhéanamh ar an bhForas “easnamhach”, bunaithe ar an méid a tuairiscíodh faoi go dtí seo.
“Bunaithe ar a bhfuil ráite sna meáin, tá rud an-tábhachtach in easnamh ar an bpróiseas seo –is é sin tuairimí na n-eagraíochtaí atá maoinithe ag an bhForas agus tuairimí an phobail. Aon phróiseas atá in ainm is breathnú ar obair Fhoras na Gaeilge agus luacháil a dhéanamh ar an eagraíocht bheimis ag súil go gcuirfí san áireamh na tuairimí sin – céard a cheapann na custaiméirí, más maith leat,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Maidir leis an moladh i dtaobh aistriú cúraimí ón bhForas go dtí na ceanneagraíochtaí, dúirt Julian de Spáinn go mbeifí lánsásta a leithéid a phlé ach na “hacmhainní cuí” a bheith ar fáil.
Deirtear i dtuarascáil Baker Tilly gur gá “athnuachan” a dhéanamh ar Fhoras na Gaeilge agus gur cosúil é le “heagrais bheaga” éagsúla a bheadh faoin aon díon.
Moltar i dtuarascáil na gcomhairleoirí Baker Tilly go ndéanfaí athruithe radacacha struchtúracha ar an eagraíocht.
Ar na hathruithe sin bhunófaí oifig an Phríomhfheidhmeannaigh san eagraíocht le ceannas a ghlacadh ar ghnóthaí polasaí.
Deirtear sa tuarascáil go bhfuil deacrachtaí ag Foras na Gaeilge maidir leis an easpa úsáide a bhaintear as acmhainní áirithe agus an ró-úsáid a bhaintear as acmhainní eile. Maítear chomh maith go mbíonn doiléire ann maidir le róil bhaill foirne agus le ról an Fhorais féin agus go mbíonn an iomarca freagrachtaí ar bhaill foirne áirithe.
Moltar tiomantas agus obair na foirne agus na bainistíochta sa tuarascáil ach maítear go bhfuil fís straitéiseach an Fhorais lag. Moltar daoine san eagraíocht as a bheith sásta obair laistigh de “struchtúr lochtach”.
Deirtear go bhfuil laigí eile ann i dtaca le cúrsaí cumarsáide agus go mbíonn “easpa aontachta” i gceist le cur chuige na heagraíochta. Deirtear sa tuarascáil gur cosúil an Foras sa mhéid sin le scata “eagras beag”.
Thuairiscigh Nuacht TG4 an tseachtain seo gur cuireadh in iúl d’fhoireann Fhoras na Gaeilge mí an Mhárta go raibh cúraimí cumarsáide, margaíochta, agus feasachta na heagraíochta aistrithe ón rannóg seirbhísí forbartha chuig an rannóg seirbhísí corparáideacha.
Cuireadh in iúl don fhoireann gurb é seo an chéad chéim maidir lena chinntiú go mbeadh struchtúr an Fhorais oiriúnach do na haidhmeanna atá aige.
Tuairiscítear go bhfuil míshásamh i measc bhaill foirne na heagraíochta faoin athstruchtúrú sin a bheith déanta gan dul i gcomhairle le lucht na gceardchumann.
Gheall Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, don fhoireann níos túisce an mhí seo go bpléifí aon athruithe eagraíochtúla eile leis na ceardchumainn agus leis an bhfoireann sula ndéanfaí aon athruithe eile dá leithéid.
Fág freagra ar 'Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge cuid dá gcúraimí a aistriú go dtí na ceanneagraíochtaí – tuarascáil'