Ba chóir siollabas Gaeilge na Sraithe Sóisearaí a chaitheamh i leataobh agus tosú arís – tuarascáil

I dtuarascáil ag Coiste Oireachtais na Gaeilge faoin tsonraíocht T2 don tSraith Shóisearach, deirtear gur chóir go mbeadh 90% de dhaltaí na sraithe sóisearaí líofa sa Ghaeilge tar éis trí bliana

Ba chóir siollabas Gaeilge na Sraithe Sóisearaí a chaitheamh i leataobh agus tosú arís – tuarascáil

Tá molta ag coiste Oireachtais go leagfaí níos mó béime ar an nGaeilge labhartha sa tSraith Shóisearach in áit na scríbhneoireachta agus na léitheoireachta agus go bhféachfaí chuige go mbeadh 90% de dhaltaí líofa sa teanga faoin am go mbeadh an tríú bhliain san iarbhunscoil críochnaithe acu.

Tá an moladh sin ar cheann de bheagnach fiche moladh atá déanta i dtuarascáil nua atá foilsithe ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir leis an tsonraíocht T2 do chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.

Tháinig na siollabais nua don Ghaeilge – T1 do scoileanna lán-Ghaeilge agus T2 do scoileanna eile – isteach ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí in 2017, ach deir an coiste nach bhfuiltear sásta leis an tsonraíocht T2, atá dírithe ar dhaltaí i scoileanna dara leibhéal a fheidhmíonn trí Bhéarla. Ba chóir a deirtear I dtuarascáil an choiste an cúrsa T2 atá faoi láthair ann “a chur ar leataobh agus tosú an athuair”.

Tá an coiste ag moladh go n-aithneofaí “gurb é an toradh is tábhachtaí atá sa chóras T2 ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí ná go mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag na daltaí nuair a chuirfidh siad an leibhéal sin díobh”. Deirtear gur cheart go mbeidh Gaeilge líofa ag 90% de na daltaí a chríochnaíonn an T2 as seo amach.

Chun an sprioc seo a bhaint amach, tá moladh déanta go dtabharfaí béaltriail ar ais don scrúdú Gaeilge sa tSraith Shóisearach.

Deir an coiste gur chóir cuid den Mheasúnú Rangbhunaithe a chaitheamh i dtraipisí agus an bhéaltriail a chur i bhfeidhm arís agus go mbeadh 40% de mharcanna iomlána na Gaeilge ag gabháil di.

Moltar go ndéanfaí athbhreithniú agus anailís chuimsitheach ar an gcur chuige is fearr le measúnú a dhéanamh ar na míreanna éagsúla den bhéaltriail ó thaobh an tsoláthair múinteoirí mar scrúdaitheoirí don scrúdú cainte. Moltar gur cheart dul i mbun cainteanna le ceardchumainn na múinteoirí chun teacht ar an réiteach is fearr do mhúinteoirí agus iad ag tabhairt faoin gcineál seo oibre, cúrsaí ama agus íocaíochta san áireamh.

Tá an coiste ag iarraidh chomh maith go laghdófaí líon na dtéacsanna a mbíonn ar dhaltaí staidéar a dhéanamh orthu agus molann siad go ndéanfaí ailíniú idir an tsonraíocht agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach.

Moladh eile atá sa tuarascáil go mbeadh dualgas ar gach uile iarbhunscoil sa Stát, a fheidhmíonn i mBéarla, cúrsaí Gaeilge T1 agus T2 a chur ar fáil dá gcuid daltaí.

Réitíodh an tuarascáil tar éis don choiste sraith cruinnithe a reáchtáil le páirtithe leasmhara – an tAire Oideachais, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) agus múinteoirí Gaeilge ina measc.

“Ba léir don Chomhchoiste go raibh an iomarca béime ar an litríocht sa tsonraíocht nua T2, agus gur fágadh tábhacht na Gaeilge labhartha in áit na leathphingine – gan trácht ar na comhpháirteanna measúnachta nach dtugann a dóthain aitheantais don Ghaeilge labhartha,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

“Mar gheall air sin, mhol an Comhchoiste gurb é an toradh is tábhachtaí ar an gcóras T2 ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí go mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag na daltaí tar éis dóibh an cúrsa sin a chur díobh. Caithfear tascanna agus measúnachtaí a fhorbairt agus a chinntiú go mbeidh siad réadúil don spriocghrúpa T2.

“Mar chuid den athbhreithniú sin, ní mór líon na dtéacsanna a laghdú, ach a chinntiú ag an am céanna go mbeidh réimse leathan ábhar léitheoireachta ann do dhaltaí. Is é an rud is tábhachtaí go molann an Comhchoiste go dtabharfaí ar ais an scrúdú béil, agus go mbeidh 40% de na marcanna iomlána don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach ag gabháil leis an scrúdú sin.”

Tá athbhreithniú ar bun i láthair na huaire ar chur i bhfeidhm na sonraíochtaí Gaeilge ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí.

Bhí sé beartaithe sonraíochtaí T1 agus T2 a thabhairt isteach ag leibhéal na Sraithe Sinsearaí ach d’fhógair an CNCM anuraidh go rabhthas ag éirí as forbairt na gcúrsaí nua go dtí go dtabharfaí faoi thaighde breise.

Fág freagra ar 'Ba chóir siollabas Gaeilge na Sraithe Sóisearaí a chaitheamh i leataobh agus tosú arís – tuarascáil'

  • CriostóirÓS

    Níos mó tuisceana agus céille ag an gComhchoiste ar chúrsaí Gaolainne ná mar atá ag lucht dhearadh na gcúrsaí Gaolainne seo. Do bheadh sé spéisiúil do Tuairisc fiosrú cérbh iad siúd a dhear na cúrsaí nua nach dtuig gur teanga í an Ghaolainn. Freagraí de dhíth ar phobal na Gaolainne.

  • Gearóid Ó D.

    Is cuma faoin tsonraíocht i ndáiríre an chonstaic is mó atá ann ná an córas measúnaithe agus cur chuige na múinteoirí. Tá an dá cheann fite fuaite lena chéile ag leibhéal na meánscoile.

    Ba cheart do Choimisiún na Scrúduithe Stáit dul i gcomhairle le TEG in Ollscoil Mhá Nuad. Tá córas scrúdaithe ceart acu a dhéanann measúnú ar chumas ceart an iarrthóra. Ní féidir dallamullóg a chur ar scrúdaitheoirí TEG nó ligeann ort féin go bhfuil Gaeilge líofa agat trí aistí agus seanfhocail a fhoghlaim de ghlanmheabhar.

    Déanann an t-uafás múinteoirí neamhaird ar an tsonraíocht nó siollabas agus díríonn siad an iomarca airde ar na daltaí a ullmhú don mheasúnú, cur chuige atá bun os cionn.

    Ní mhúintear Gaeilge mar theanga bheo labhartha ach cén chaoi le ceisteanna scrúdaithe a fhreagairt as Gaeilge. Mura mbeadh fhios acu na ceisteanna a bheadh ar an bpáipéar bheadh orthu díriú ar fhorbairt na scileanna teanga féin.

    Dá dtabharfaí isteach córas measúnaithe mar TEG d’fheicfí titim damanta (ach léiriú fíor!) sna gráid a bhronntar, laghdódh sé an brú ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí ailt fhada a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Gach seans nach mbeadh múinteoirí sásta leis áfach mar bheadh orthu scileanna teanga i bhfad níos ginearálta a mhúineadh seachas díriú ar pháipéar a bhfuil na ceisteanna céanna air beagnach chuile bhliain.

  • Edel Uì Dhùill

    Caithfidh tuiscint a bheith ann nach bhfuil ach dhà rang Gaeilge in aghaidh na seachtaine ag daltaì anois i scoileanna le clàrama le ranganna uair a chloig . Caithfear a bheith fìoréalaíoch le bèim a chur ar an nGaeilge labhartha i mòdh fiùntach spraoiùl atá indéanta le just dhá rang sa tseachtain.

  • Fionnuala Larrigan

    Agus súil a chaitheamh ar a bhfuil ag tarlú ag leibhéal na bunscoileanna freisin. Ba cheart go mbeidh líofacht bainte amach ag na daltaí ag deireadh Rang a Sé tar éis dóibh ocht mbliana a chaitheamh sa chóras oideachais. Is roimh na déaga (gan trácht ar an luathoideachas) atá an seans is fearr do dhaoine teanga a shealbhú ar bhealach nádúrtha… ach iad a bheith faoi chúram cainteoirí maithe.