Ba cheart tuarascáil atá déanta faoi struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta a fhoilsiú – Ó Cuív

Ba é an t-athbhreithniú ar an PSO d’aersheirbhís Oileáin Árann an tuarascáil chomhairleoireachta is costasaí a choimisiúnaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cúig bliana anuas

Udaras1

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Heather Humphreys nach bhfuil aon chinneadh déanta fós faoi cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar tuarascáil neamhspleách faoi struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta, tuarascáil atá ina cnámh spairne idir lucht bainistíochta agus lucht ceardchumainn na heagraíochta fiontraíochta.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur cheart an tuarascáil a fhoilsiú agus gur “fíordhroch-chleachtas” a bhí ann tuarascálacha dá leithéid “a fhágáil caite thart sa Roinn agus gan aon deis ag daoine iad a scrúdú”.

Idir an dá linn, ba é an t-athbhreithniú ar an PSO d’aersheirbhís Oileáin Árann an tuarascáil chomhairleoireachta is costasaí a choimisiúnaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cúig bliana anuas.

Foilsíodh an tuarascáil a rinne an comhlacht EY i dtaobh na haersheirbhíse in 2014.

De réir eolas a cuireadh ar fáil d’Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, chaith an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta €127,000 ar naoi gcinn de thuarascálacha ó chomhlachtaí comhairleoireachta ó 2011 i leith.

€41,795 a chosain an tuarascáil faoin aersheirbhís. Bhí an tuarascáil a rinne Public Affairs Ireland ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta, a chosain €17,617, ar an dara ceann is costasaí de na tuarascálacha a choimisiúnaigh an An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta mar a thugtar anois uirthi.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá an tuarascáil faoin Údarás ina cnámh spairne idir bainistíocht agus lucht ceardchumainn na heagraíochta fiontraíochta Gaeltachta.

I meamram ceardchumainn atá curtha faoi bhráid Bhord Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, maítear go bhfuil sé aontaithe ag ardbhainistíocht an Údaráis agus Roinn na Gaeltachta go gcuirfí moltaí na tuarascála sin i bhfeidhm “láithreach”, cur chuige, dar le lucht an cheardchumainn, nach bhfuil “ag luí leis na moltaí sin ná le spiorad na tuairisce”.

Tá sé i gceist ag lucht bainistíochta an Údaráis moltaí na tuarascála a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo.

Thug an tAire Heather Humphreys le fios d’Ó Cuív nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar an t-athbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta a rinneadh le linn na bliana seo caite.

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne.

Moltar sa tuarascáil struchtúr nua a thabhairt isteach a bheadh ag cur leis na dualgais is mó atá ar an eagraíocht sna réimsí, Fiontraíocht agus Fostaíocht, Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail, agus Rialachas Corparáideach.

Luaitear i dtéarmaí tagartha na tuarascála na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a chuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil amach anseo.

Fág freagra ar 'Ba cheart tuarascáil atá déanta faoi struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta a fhoilsiú – Ó Cuív'