‘Ba cheart ciall a bheith ag scoileanna atá ag eagrú turas chuig Oileáin Árann’

Tuairiscíodh an tseachtain go bhfuil ar a laghad trí iarbhunscoil i nGaillimh tar éis turais go dtí Inis Mór a eagrú an tseachtain seo agus gur beagnach 200 dalta a bhí i gceist

‘Ba cheart ciall a bheith ag scoileanna atá ag eagrú turas chuig Oileáin Árann’

Tá ráite ag Teachta Dála i nGaillimh gur chóir “beagáinín céille” a bheith ag scoileanna atá ag eagrú turas do dhaltaí chuig Oileáin Árann.

Tuairiscíodh go raibh daltaí ó ar a laghad trí iarbhunscoil i nGaillimh ar thurais scoile go dtí Inis Mór an tseachtain seo. Suas le 200 dalta a bhí i gceist san iomlán.

Nuair a pléadh an scéal ar Galway Talks le Keith Finnegan ar Galway Bay FM ar maidin, dúirt Mairéad Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, gur chóir do scoileanna agus príomhoidí athmhachnamh a dhéanamh ar thurais chuig na hoileáin, fiú má bhíonn siad ceadaithe faoi na srianta Covid-19.

Dúirt Farrell go raibh difear idir grúpaí daltaí a thabhairt ar thuras chuig áit éigin faoin tuath agus iad a thabhairt amach go dtí oileán. Dúirt sí gur cheart labhairt le grúpaí pobail ar na hoileáin sula ndéanfaí cinneadh grúpa mór daltaí a thabhairt amach.

An Teachta Dála Mairéad Farrell

Tuigtear gur thug suas le 75 dalta ó scoil amháin i nGaillimh cuairt ar Inis Mór Dé Máirt. Thug príomhoide na scoile, nár ainmníodh, le fios gur tógadh rothair amach ar cíos ar feadh an lae, gur thug na daltaí lón leo agus nach ndeachaigh siad isteach sa siopa ná in aon ghnó eile. Dúradh go raibh comhairle faighte ag an scoil ón nGarda Síochána maidir leis an turas agus go raibh sé ag teacht leis na srianta atá i bhfeidhm.

Tuairiscíodh gur thug suas le ceithre scór dalta eile le cuairt ar an oileán inné agus go raibh grúpa 80 dalta eile le teacht inniu.

Thug Comharchumann Inis Mór le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon ghearán faighte acu ó mhuintir na háite maidir le daltaí a bheith ar cuairt ar an oileán.

Fág freagra ar '‘Ba cheart ciall a bheith ag scoileanna atá ag eagrú turas chuig Oileáin Árann’'