Tá Kneecap, an banna rap aitheanta a bhunaigh triúr cainteoirí Gaeilge as an Tuaisceart, thar a bheith sásta go bhfuil a scannán roghnaithe ag IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar i mbliana.
Scannán leathbheathaisnéise é Kneecap a insíonn scéal an bhanna rap a bhíonn ag ceol i nGaeilge agus i mBéarla agus a bhfuil cáil bainte amach ar fud an domhain acu.
“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le IFTA as ár scannán a phiocadh mar rogha na hÉireann do na Gradaim Oscar … tá sibh sound,” a dúirt Mo Chara (Liam Óg Ó Hannaidh).
Dúirt sé gurb iontach an rud é go mbíonn tionchar éigin ag scannáin i nGaeilge ar dhaoine agus luaigh sé An Cailín Ciúin ar éirigh leis áit a bhaint amach ag na gradaim Oscar féin anuraidh.
“Cultúr a cuireadh faoi chois go brúidiúil chomh fada sin, ba bheag bídeach nár maraíodh ar fad an teanga, féach anois í ar an ardán is mó ar domhan agus is iontach go deo an onóir é sin,” arsa Mo Chara.
Dúirt Móglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin) gur scannán é Kneecap faoin nGaeilge in Éirinn, faoi dhaoine óga ag cur eolas ar an teanga arís agus “ag cur a stampa fhéin” ar an teanga sin.
“Rud amháin a thugamar faoi deara i Meiriceá go dtéann an scéal sin i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na cruinne. Scéal idirnáisiúnta atá ann agus spreagann sé daoine lena machnamh a dhéanamh ar a gcultúr agus a dteanga féin, agus amharc arís ar an gcaidreamh atá acu lena dteanga dhúchais féin.
“Tá seo ag tarlú tráth a bhfuil daoine ag tóraíocht rud éigin atá beagán níos fiúntaí, rud éigin níos tairbhí. Sin an rud is deise faoin scannán seo, táimid ag casadh le gach sórt duine agus téann an scannán i bhfeidhm orthu agus fágann siad an scannán agus iad bródúil as a bhféiniúlacht s’acu féin.”
Dúirt DJ Provaí (JJ Ó Dochartaigh) gur mór an onóir don bhanna gur roghnaíodh Kneecap. Agus scéal á dhéanamh dá bharúil aige, le teann magaidh ghabh DJ Próvaí buíochas chomh maith le lucht IFTA “as ucht an Oscar!”.
Bhí ardmholadh ag Príomhfheidhmeannach Acadamh IFTA, Áine Moriarty don scannán.
“A leithéid de scannán cumhachtach, lena scéalaíocht dhána neamheaglach agus an aisteoireacht bhríomhar réadúil. Riamh cheana níor chonacthas an Ghaeilge agus an ceol le chéile mar seo i scannán a léiríonn dúshlán ceannairceach na hóige,” arsa ceannasaí Acadamh IFTA.
Dúirt scríbhneoir agus stiúrthóir an scannáin Rich Peppiatt: “Ó thús na bliana seo nuair a léiríodh Kneecap ar dtús ag féile Sundance, chuaigh an grá atá don scannán seo ar fud an domhain go croí ionainn. Ach níl aon sárú ar an bhfáilte a cuireadh romhainn anseo sa bhaile in Éirinn.”
Dúirt na léiritheoirí Trevor Birney, Jack Tarling agus Patrick O’Neill “go dteastaíonn baile le leanbh a thógáil” agus go bhféadfaí “an rud céanna a rá faoi scannán a léiriú”.
Saoirse Ní Ghiobúin
Ní cheapaim go bhfuil sí ag laghdú in aon chor.
Tá daoine in Éirinn ag lorg Gaeilge ina saoil. Is aoibhinn linn í a fheiceáil taobh amuigh de na modhanna coinbhinsiúnacha agus i gcomhthéacsanna difriúla. Sílim go n-aithníonn daoine le Kneecap. Cuireann siad ár dteanga chun chinn le bród agus fonn don athraithe.
Carraig
An ainm sin ‘kneecap’?