Athrú buan ar an gcogadh sa Úcráin mar gheall ar thoradh an toghchán uachtaránachta

Seans go dtiocfaidh sos chogaidh i bhfeidhm am éigin i rith 2025, ach is í a cheist is mó ná an mairfidh sé

Athrú buan ar an gcogadh sa Úcráin mar gheall ar thoradh an toghchán uachtaránachta

Ba í an raic i gComhdháil na Stát Aontaithe faoi thacaíocht don Úcráin a thug an misneach ba mhó do na Rúisigh ag tús na bliana. Mar gheall ar an raic sin fágadh na hÚcránaigh gan cúnamh míleata ar feadh níos mó ná seacht mí agus ní raibh drogall ar bith ar na Rúisigh ionsaithe a ghéarú fud fad na líne coimhlinte agus an deis a thapú chun níos mó talún a ghabháil.

D’éirigh leo cathair Avdiivka san oirdheisceart a ghabháil tar éis dóibh í a ionsaí ar feadh míonna, d’oscail siad an ais siar ón gcathair agus thug siad a n-aghaidh ar Pokrovsk. Cé go raibh clú ar roinnt áiteanna mar ‘bhailte straitéiseacha’, rud nach raibh tuillte acu, i gcás Pokrovsk is mol iompair thar a bheith tábhachtach í agus má éiríonn leis na Rúisigh í a ghabháil beidh an chuid eile de chúige Donetsk i mbaol gabhála.

Bhunaigh na Rúisigh fronta nua timpeall chathair Kharkiv i mí na Bealtaine chomh maith, chun ‘crios maolánach’ a bhunú. D’éirigh leo stráice beag talún a ghabháil ach cé gur tháinig an feachtas seo aniar aduaidh ar na hÚcránaigh bhí siad in ann na Rúisigh a stopadh.

In áiteanna eile ar an líne choimhlinte, d’éirigh leis na Rúisigh dul chun cinn a dhéanamh beagán ar bheagán gan briseadh tríd go hiomlán. Ach mar gheall ar líon na n-ionsaithe Rúiseacha agus an brú a bhí orthu, thug na hÚcránaigh faoi inlíocht mheabhail isteach i gCúige Kursk sa Rúis chun faoiseamh a thabhairt dá dtrúpaí i láithreacha cogaidh eile.

Cé gur éirigh leo talamh a ghabháil níor éirigh leo an sprioc a bhí acu a bhaint amach go hiomlán, is é sin na Rúisigh a mhealladh ó láithreacha cogaidh eile, go háirithe ón ais i dtreo Pokrovsk. Tá talamh fós faoina seilbh agus tá an chuma ar chúrsaí go n-úsáidfidh siad é seo mar chárta margáintíochta in aon chainteanna a d’fhéadfadh a bheith ann as seo amach.

Ionsaithe ón aer – 2024

Ní hamháin gur chuir na Rúisigh leis na hionsaithe ar an talamh i rith na bliana, ach rinne siad géarú ar a n-ionsaithe ón aer chomh maith toisc go raibh monarchana dróin ionsaithe na Rúise in ann na mílte drón a mhonarú gach mí. Sheol siad a thrí oiread níos mó drón (thart ar 9,000) i mbliana, suas go dtí mí na Samhna, ná mar a sheol siad ó thús an ionraidh go dtí deireadh 2023.

Ach bhí dea-scéal ag na hÚcránaigh ó thaobh líon na ndrón a d’éirigh leo a thabhairt chun talaimh. Roimh 2024 níor éirigh leo ach thart ar 70% de na dróin ionsaithe a thabhairt go talamh ach mar gheall ar fhorbairtí i gcosaintí leictreonacha is féidir leo níos mó ná 95% a scriosadh faoi láthair.

In ainneoin na bhforbairtí sin, nuair a rinne na Rúisigh ionsaithe drón agus diúracán le chéile d’éirigh leo an-damáiste a dhéanamh do líonra áiseanna giniúna leictreachais na hÚcráine. De réir Ionad an Léinn Oirthearthaigh tá an Úcráin tar éis 90% den ghiniúint cumhachta teirmí agus níos mó ná leath den ghiniúint cumhachta hidrileictrí a chailleadh. Meastar go bhfuil níos mó ná leath d’acmhainn giniúna cumhachta na tíre ar fad scriosta.

Sheol na hÚcránaigh i bhfad níos mó drón i mbliana chomh maith agus meastar gur scrios siad thart ar 14% d’acmhainn scagtha ola na Rúise faoi dheireadh an tsamhraidh. Bhí na hionsaithe chomh héifeachtach sin gur thug comhairleoir slándála náisiúnta na Stát Aontaithe, Jake Sullivan, cuairt ar Kyiv agus tuairiscíodh gur chuir sé iallach ar na hÚcránaigh na hionsaithe a stopadh, ar eagla go mbeadh tionchar acusan ar phraghsanna ola roimh thoghchán na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe. Chomh luath agus a bhí cuairt Sullivan thart, ní dhearnadh aon ionsaithe eile ar scaglanna Rúiseacha.

2025

Bhí tionchar ag cúrsaí polaitíochta sna Stáit Aontaithe ar dhul chun cinn an chogaidh i rith 2024, ach beidh athrú buan ar an gcogadh as seo amach mar gheall ar thoradh an toghchán uachtaránachta thall. Faoi dheireadh mhí Feabhra 2025, beidh an cogadh ar siúl ar feadh trí bliana ach i bhfianaise thoradh an olltoghcháin i Meiriceá, ní dóigh go mbeidh sé ina chogadh dearg ar feadh trí bliana eile.

Tar éis do Donald Trump an t-iarghinearál Kellogg a cheapadh le déanaí mar thoscaire nua don Úcráin agus don Rúis, tá plean na Meiriceánach ag teacht chun solais beagán ar bheagán.

Ar dtús déanfaidh siad iarracht na céilí comhraic a mhealladh chun glacadh le sos cogaidh. Mura nglacfaidh na hÚcránaigh leis, cuirfear deireadh leis an gcúnamh míleata dóibh. Mura nglacfaidh na Rúisigh le sos, tuairiscítear go bhfuil na Meiriceánaigh ag bagairt go gcuirfear cúnamh míleata breise ar fáil do na hÚcránaigh.

Beidh drogall ar na hÚcránaigh glacadh le sos cogaidh go dtí go mbeidh siad in ann a chinntiú roimh ré go bhfaighidh siad barántas slándála as seo amach, bíodh sin mar bhallstát de NATO, mar bhallstát comhlachaithe de chineál éigin nó trí shocruithe slándála docht daingean éigin eile.

Toisc go bhfuil na Rúisigh céim chun tosaigh sa gcuid is mó de na láithreacha cogaidh, beidh drogall orthu glacadh le sos cogaidh  go dtí go ndíbreoidh siad na hÚcránaigh ó chúige Kursk sa Rúis agus go ngabhfaidh siad an Donbas ar fad.

Ach seans go dtiocfaidh sos chogaidh i bhfeidhm am éigin i rith 2025, ach is í a cheist is mó ná an mairfidh sé.

Toisc go bhfuil na Rúisigh céim chun tosaigh ar an talamh, toisc go bhfuil na diúracáin acu chun cur leis an gcogadh diúracáin agus toisc go bhfuil na hacmhainní acusan, cuirfear an cathú orthu leanúint leis an ionradh.

Tá an chuma ar dhaoine éagsúla sa chomhaireacht nua i Meiriceá gur comhghuaillithe de chuid na Rúise iad, seans go gcuirfidh sé seo leis an gcathú ar na Rúisigh.

Má ghéilleann na Rúisigh don chathú beidh ceist eile le freagairt ansin; an gcuirfidh na Meiriceánaigh na bagairtí chun cúnamh breise a thabhairt don an hÚcránaigh i gcrích? Nó an dtabharfaidh siad neamhaird air agus iad den tuairim gur bhain siad a sprioc amach, sos cogaidh a chur i bhfeidhm, agus nach gá dóibh aon rud eile a dhéanamh?

Idir an dá linn cuirfear leis na hionsaithe ar an talamh agus ón aer chun na buntáistí is mó a bhaint amach roimh aon sos cogaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.

Fág freagra ar 'Athrú buan ar an gcogadh sa Úcráin mar gheall ar thoradh an toghchán uachtaránachta'