Tugadh le fios in alt ar Tuairisc.ie an lá eile go ndúirt an Taoiseach, Enda Kenny, sa Dáil Dé Máirt seo caite ‘go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt i gceantair áirithe i mBaile Átha Cliath ná i gceantair áirithe Ghaeltachta’.
An ceart aige.
Sin mar atá.
Ach in áit déileáil leis an gceist ar bhealach ciallmhar, rinne an rialtas deireanach, faoi cheannas Enda Kenny, an scéal a dhéanamh níos measa, le hAcht na Gaeltachta 2012. Faoi Acht na Gaeltachta tá faoin rialtas airgead poiblí agus fuinneamh an phobail a chur amú ar phleanáil teanga i gceantair Ghaeltachta oifigiúla, ceantair nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu i measc an phobail le fada an lá, ar nós Achréidh na Gaillimhe.
Tá faitíos orm go gceaptar anois i Roinn na Gaeltachta agus in Údarás na Gaeltachta gur ‘maide draíochta’ teangeolaíochta í an phleanáil teanga agus nach bhfuil le déanamh ach plean teanga a réiteach do cheantar agus –bingo! – tá ceantar ceart Gaeltachta agat. Cuid de na limistéir teanga atá ainmnithe mar cheantair ina bhfuil plean teanga Gaeltachta le réiteach, tá níos lú Gaeilge á labhairt iontu ná atá á labhairt i gCluain Dolcáin, Contae Átha Cliath, i gCluainín Uí Ruairc, i gContae Liatroma, nó Carn Tóchair i gContae Dhoire.
Tá an Ghaeilge imithe le fada an lá as an gcuid is mó de Gaeltacht Mhaigh Eo. Níl aon chúis go mbeadh aitheantas Gaeltachta ag Tirellan Heights i gCathair na Gaillimhe. Timpiste tíreolaíochta ba chúis le stádas Gaeltachta a bheith ag an eastát tithíochta sin, agus roinnt mhaith eastáit tithíochta eile ar imeall na cathrach, an chéad lá. Bhí na heastáit seo i gceantair tuaithe ar tugadh aitheantas Gaeltachta dóibh i 1956, tráth a raibh Gaeilge ó dhúchas ag sciar maith den phobal tuaithe i gCnoc na Cathrach, Claí Bán, Baile an Bhriotaigh, Mionlach srl.
Sin mar atá, ach in áit déileáil leis an bhfadhb seo, cloistear ó am go ham gligíní de pholaiteoirí – ceannaire an Lucht Oibre, Brendan Howlin, an duine is deireanaí acu – agus iad ag maíomh gurb é réiteach na faidhbe stádas Gaeltachta a thabhairt do cheantar cosúil le Cluain Dolcáin ‘sa chás go gcruthófaí go raibh dóthain Gaeilgeoirí ann’. Ar ndóigh is iontach mar atá líon na nGaeilgeoirí méadaithe i gCluain Dolcáin, i Leamhcán, i Léim an Bhradáin, i Maigh Nuad agus i mbruachbhailte agus bailte eile thart ar Bhaile Átha Cliath, agus ní ag caitheamh anuas orthu atá mé nuair a deirim gur fada iad ó cheantar Gaeltachta iad, sa chiall theangeolaíoch.
Má tá an Taoiseach Enda Kenny sásta a admháil go bhfuil fadhb le teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta, fáiltím roimhe sin. Ach an mbeadh an Taoiseach agus a rialtas sásta aon cheo a dhéanamh leis an bhfadhb a réiteach? Sin ceist eile.
Mar is fada polaiteoirí ó na páirtithe móra polaitíochta ag útamáil leis an gceist seo. Fógraíonn siad go ndéanfar critéir shoiléire theangeolaíocha a leagan síos agus go gcuirfear an scéal ina cheart ach nuair a chuireann na saineolaithe na critéir chéanna ar fáil dóibh cailleann siad misneach agus déanann siad neamhaird ar an scéal. Níor mhiste cuid den scéal ó aimsir Éamoin Uí Chuív a ríomh. Is cóir a rá nár thosaigh an útamáil seo nuair a bhí Éamon Ó Cuív ina Aire Gaeltachta, ach ní hé cúram an ailt seo dul siar rófhada sa stair.
1999: Dúirt Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív sa Dáil ar an 29 Aibreán go raibh “issues as regards Gaeltacht boundaries on which we will have to bite the bullet”. Chuige sin bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus Peadar Mac an Iomaire ina chathaoirleach air.
2002: Foilsítear tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus moltar critéir agus próiseas faoina bhféadfaí teorainneacha na Gaeltachta a athrú. Ach ní tharlaíonn aon cheo seachas coiste comhairleach a bhunú.
2004: Tugtar conradh do NUIG an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar an nGaeltacht a dhéanamh agus mar chuid den obair sin iarrtar orthu “athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta”.
2007: Foilsítear an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ina bhfuil critéir shoiléire leagtha síos, bunaithe ar Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) agus ar thorthaí daonáirimh. Moltar na ceantair Ghaeltachta a rangú i dtrí chatagóir Ghaeltachta, A, B agus C. Céard a dhéantar mar gheall ar na moltaí ach coiste eile rialtais a bhunú. Sé mhí a thóg sé ar an gcoiste a gcéad chruinniú a bheith acu.
2009: Fógraítear go bhfuil an Rialtas le ‘Straitéis 20 Bliain don Gaeilge agus don Ghaeltacht’ a chur le chéile.
2010: Foilsítear an Straitéis Fiche Bliain, agus sprioc ann go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den córas oideachais sa stát faoin mbliain 2030. Is sprioc é nach raibh agus nach bhfuil aon bhunús eolaíoch leis.
2011: Cuirtear deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG), a bhí á húsáid mar cheann de na critéir chun catagóiriú a dhéanamh ar na limistéir Ghaeltachta.
2012: Foilsíonn an tAire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley Bille na Gaeltachta 2012 agus fógraítear go ndéanfar sainmhíniú ar limistéir Ghaeltachta feasta “bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha”. A mhalairt a tharla. Dhaingnigh Acht na Gaeltachta na teorainneacha Gaeltachta a leagadh síos i 1956 agus baineadh den rialtas an chumhacht a bhí aige teorainneacha na Gaeltachta a athrú trí ordú a chur faoi bhráid na Dála. I bhfocail eile, ní féidir, faoi Acht na Gaeltachta 2012, athrú a dhéanamh ar stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta i gCathair na Gaillimhe, eastáit atá sa Ghaeltacht oifigiúil de bharr timpiste tíreolaíochta.
Bhí dóchas agam as Coimisiún na Gaeltachta (2002). Chuir mé dóchas ansin sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2007) ina ndearnadh moltaí maidir le critéir theangeolaíocha a úsáid le catagóiriú ciallmhar a dhéanamh ar na limistéir éagsúla Gaeltachta. Cé go bhfuil moltaí maithe inti, ní raibh aon mhuinín agam riamh as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, mar nach raibh aon bhunús leis na spriocanna a leagadh síos inti.
Le go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa stát faoin mbliain 2030, theastódh méadú 5.7% gach uile bhliain idir 2011 agus 2030 ar líon na gcainteoirí laethúla. (Is gearr go mbeidh a fhios againn ó fhigiúirí daonáirimh cén méadú a tharla idir 2011 agus 2016, má bhí méadú ar bith ann.)
Le trí bliana anuas, tá mé sáite sa bpróiseas pleanála teanga le grúpa díograiseach i gCois Fharraige, ag réiteach plean teanga do cheantar, ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt fós go forleathan i measc an phobail. Creidim go bhfuil ciall le plean teanga a bheith ag an gceantar le go mbeidh seans ag an bpobal an Ghaeilge a choinneáil in uachtar mar theanga phobail Chois Fharraige. Go deimhin is fiú plean teanga a réiteach i gceantar ar bith ina bhfuil smeadar éicint den Ghaeilge fós in úsáid i measc an phobail. Scéal eile ar fad a bheith ag ullmhú pleananna teanga Gaeltachta do Bhaile Chláir na Gaillimhe, do chuid mhaith de Ghaeltacht Mhaigh Eo, agus d’eastáit tithíochta ar nós Tirellan Heights. Ní ceantair Ghaeltachta, sa chiall is fearr den téarma sin, na háiteanna seo agus níl ann ach deargsheafóid, cur i gcéill agus cur amú airgead poiblí, i mo thuairimse. Níl aon difríocht shuntasach idir na ceantair sin agus ceantair eile ar fud na tíre ar nós, cuir i gcás, Cluain Dolcáin ó tharla gurbh é an ceantar sin a luaigh Brendan Howlin Dé Máirt. Seans go mbeadh níos mó de thoradh ar phlean teanga i gCluain Dolcáin ná mar a bheidh i gceantair áirithe a bhfuil stádas Gaeltachta acu.
Ach dá mbronnfaí stádas Gaeltachta ar Chluain Dolcáin, is in olcas a rachadh an scéal do na ceantair sin ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt iontu go nádúrtha mar ghnáththeanga an phobail.
Urghabháil chultúrtha, nó ‘cultural appropriation’ a bheadh ann.
Ciarán
Ceist tapaigh, ach an gceapann an nuachtáin seo nár chóir dom Ghaeilge a labhairt mar is ó Baile Átha Cliath mé?
Ní fiú alt mar seo, nach léiríonn fiú fá go ceapann an scríbhneoir gur urghabháil cultúra atá i gceist – An fiú le nuachtáin a churann ailt mar seo i gcló?
Dónall
An chiall stairiúil atá leis an fhocal “Gaeltacht” ná daoine a labhraíonn Gaeilge. Is téarma é a bhaineann le daoine seachas le háit. Tá cuid mhaith de mhuintir na Gaeltachta a bhog go dtí na bailte móra ach bíonn siad fós ag labhairt na teanga agus is cuid den “Ghaeltacht” i gcónaí iad. Chonaic muid le deich mbliana anuas go bhfuil sé rí-dheacair geilleagar na tuaithe a choinneáil ar a chosa. Má tá sé deacair pobal seasta tuaithe a chothú i gcontae an Dúin, na Mí, Ard Mhacha tá sé míle uair níos deacaire i gceantair iargúlta in iarthar na tíre.
Mar sin sílim gur gá dúinn amharc ar mhúnlaí eile agus b’fhéidir pilleadh ar bhunchiall an fhocail Gaeltacht. Is é sin cosaint a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta is cuma cén ceantar den tír a bhfuil siad lonnaithe.
Maidir le ceantair thraidisiúnta Ghaeltachta is léir go bhfuil agus go mbeidh stádas speisialta agus is fiú na ceantair seo a chosaint, a chothú agus a fhorbairt. Ach ba cheart go mbeifeá in ann clann a thógáil le Gaeilge aon áit sa tír.
Manus
Tá an “ghaeltacht” mar téarma/choincheap as dáta . Níl aon fhíorGhaeltacht Sa tír.