Díospóireacht sa Dáil faoinar chóir féachaint athuair ar ‘what constitutes a Gaeltacht’

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inné go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt i gceantair áirithe i mBaile Átha Cliath ná i gceantair áirithe Ghaeltachta

Díospóireacht sa Dáil faoinar chóir féachaint athuair ar ‘what constitutes a Gaeltacht’

 

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny inné go bhfuil “áiteanna i mBaile Átha Cliath” ina bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ná mar atá i go leor ceantar Gaeltachta, agus go bhfuil an sainmhíniú ar cad is Gaeltacht ann “á bhreithniú sa chomhthéacs sin”.

Bhí an Taoiseach ag freagairt ceist a chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre air faoi fhéachaint athuair ar “what constitutes a Gaeltacht”.

Dúirt Brendan Howlin nár ghá gurbh ionann ceantar Gaeltachta agus ceantar tíreolaíochta ach go bhféadfadh stádas Gaeltachta a bheith ag brath ar “a nexus of Irish speakers” a bheith ar fáil i gceantar.

Luaigh Howlin ceantar Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath mar cheantar a bhféadfaí stádas Gaeltachta a bhronnadh air sa chás go gcruthófaí go raibh dóthain Gaeilgeoirí ann. Theastaigh níos mó “out-of-the-box thinking” faoi cheist chur chun cinn na Gaeilge i gceantair uirbeacha.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Taoiseach gur aithin sé go bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt i gceantair áirithe i mBaile Átha Cliath ná mar atá á labhairt i gceantair áirithe Gaeltachta.

“This is an issue that is being looked at in the context of what constitutes the spoken language and where it is spoken, as distinct from just having a geographical boundary,” a dúirt an Taoiseach, Enda Kenny.

Tharraing sé chuige féin ansin scéal faoi dhearcadh áirithe a bhí sa treis maidir le leagan amach teorainneacha na Gaeltachta.

“The former Minister, Patrick Lindsay, when he was asked at the Cabinet table why he had not put Bangor Erris into the Gaeltacht, given he had responsibility for the breac-Ghaeltacht, said, “Surely, you are not telling me that Bangor Erris is an Irish-speaking area”, and he only lived three or four miles from there himself,” a dúirt an Taoiseach.

Mhol ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin “réabhlóid na Gaelscolaíochta” ach dúirt sé nár leithscéal an dul chun cinn sin gan tacú leis an nGaeltacht.

“Tá i bhfad níos mó daoine óga anois in ann an teanga a labhairt go líofa agus go nádúrtha de bharr Gaelscoileanna. Ach ní hé sin fáth nó réasún chun tacaíocht a tharraingt siar ós na Gaeltachtaí. Tá níos mó ná an Ghaeilge amháin ag baint leis na Gaeltachtaí. Tá cultúr ann agus, de ghnáth, is áiteanna iargúlta iad. Ba chóir an infheistíocht atá ann a choimeád sna Gaeltachtaí,” a dúirt Micheál Martin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin go raibh imní uirthi go raibh an Rialtas ag baint “tacaíochta ó na Gaeltachtaí diaidh ar ndiaidh”.

“Caithfimid níos mó cabhair a thabhairt dóibh. Go háirithe, ba chóir ionad a chur ar fáil chun níos mó cabhair agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine chun an Ghaeilge a mhúineadh go héifeachtúil ar fud na tíre,” a dúirt Martin.

Dúirt an Taoiseach go raibh infheistiú á dhéanamh ag an Rialtas sa Ghaeltacht agus go leanfaí leis an infheistíocht sin. Luaigh sé an Polasaí Oideachais nua don Ghaeltacht a seoladh ag deireadh na bliana seo caite mar chruthúnas ar thiomantas an Rialtais don teanga. Dúirt sé go raibh súil aige go bhfágfadh an polasaí nua go mbeadh “togha” na Gaeilge ar fáil do ghasúir na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Díospóireacht sa Dáil faoinar chóir féachaint athuair ar ‘what constitutes a Gaeltacht’'

  • Liam

    Tá níos mó feiceáileacht ag an Ghaeilge anois ná mar a bhí ariamh – sna meáin shóisialta, Teilifís, Raidió, ollscoileanna a theagasc thar sáile, gaelscolaíocht, Líofa, ranganna d’aosaigh etc etc
    tá a phroifíl ag athrú – na pobail gaeltachta traidisiúnta ag sleamhnú uainn.
    Tá pobail gaeltachta ann ach i dtrí ghlún eile – beidh an Ghaeilge beo beathach mar theanga a bheas ag brath ar ghréasáin daoine seachas mar phobail dúchasach mar a bhí céad bliain ó shin.

    Níl Enda i bhfad uaidh ó thaobh a thuisceana de!