Athbhreithniú Choimisiún na Meán le díriú ar an ‘neamhréir’ idir maoiniú na meáin scríofa agus na meán craolta i nGaeilge

Ag seoladh na Nollag ag Comhar, dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán, Rónán Ó Domhnaill, go raibh gá le plean fadtéarmach d’iriseoireacht na Gaeilge

Athbhreithniú Choimisiún na Meán le díriú ar an ‘neamhréir’ idir maoiniú na meáin scríofa agus na meán craolta i nGaeilge

Tabharfaidh Coimisiún na Meán aghaidh in athbhreithniú nua ar an neamhréir idir an maoiniú a fhaigheann na meáin scríofa Ghaeilge agus na meáin chraolta Ghaeilge.

Ag seoladh na Nollag ag Comhar, dúirt Coimisinéir Forbartha na Meán, Rónán Ó Domhnaill, go raibh gá le plean fadtéarmach d’iriseoireacht na Gaeilge.

“Aithníonn muid ar fad an neamhréir idir an soláthar stáit a dhéantar don iriseoireacht chlóite agus iriseoireacht scríofa ar-líne – isteach is amach le €500,000 – agus an maoiniú de bhreis is trí scór milliún euro a bhíonn ar fáil do na meáin eile agus na scéimeanna a bhíonn á reáchtáil ag Coimisiún na Meán féin ó sholáthar an cheadúnais teilifíse.

“Is cinnte go mbeidh Coimisiún na Meán ag díriú, i measc neart eile, ar céard atá i ndán agus céard ba cheart a bheith i ndán don iriseoireacht sin, san athbhreithniú a bheidh ar súil againn.”

Beidh an t-athbhreithniú atá á dhéanamh ar an soláthar Gaeilge sna meáin in Éirinn ar an athbhreithniú is cuimsithí dá leithéid riamh.

“Mar chuid den athbhreithniú ar na meáin Ghaeilge, déanfar scagadh ar riachtanais, mianta agus éilimh an phobail maidir le réimse soláthair na Gaeilge. Beidh caibidil mhion agus rialta le Foras na Gaeilge mar dhúshraith leis an bpróiseas. Beidh glór ag ardáin, cainéil agus meáin san obair freisin agus beidh aird againn ar an iolrachas agus an éagsúlacht chomh maith.”

Chuige sin a bheidh straitéis maidir le hinscne, comhionannas, cuimsiú agus éagsúlacht á seoladh ag Coimisiún na Meán go luath san athbhliain, a dúirt Ó Domhnaill.

“Is maith linn a cheapadh gur mar a chéile chuile dhuine. San am céanna, tuigeann muid go maith nach mar sin a bhíonn an scéal i gcónaí. Beidh bearta áirithe ag teastáil le heaspa comhionannais a chur ina cheart mar nach leor tuiscint. Ní leor glacadh leis ach oiread go bhfuil an éagsúlacht ann – caithfear an ilchineálacht a chur chun cinn agus meas a léiriú ar léargais nach léargais an mhóraimh iad.

“Mura n-aireoidh daoine go bhfuil ómós dóibh, go bhfuil meas ar a leagan amach, go bhfuil siadsan le feiceáil agus le cloisteáil ar na meáin, cén chaoi a n-aireoidh siad go bhfuil siad páirteach sa bpobal?”

Dúirt Rónán Ó Domhnaill gur i ngeall “ar cheisteanna féiniúlachta agus fealsúnachta” a cruthaíodh córas meán poiblí ar fud na hEorpa.

“Cé muid féin agus cá bhfuil ár dtriall? Mura bhfuil freagraí éigin ar an dá cheist bhunúsacha úd san ábhar go léir atá ar fáil ar scáileáin, ar phodchraoltaí, ar chainéil raidió agus teilifíse, ar ardáin dhigiteacha agus chló, céard is fiú meáin a bheith againn?”

Sheol Rónán Ó Domhnaill trí leabhar ag seoladh COMHAR i dTeach an Tionóil, ar Shráid Liam Theas, Dé Céadaoin: Am Amú le Éilis Neary; ollchnuasach filíochta Phádraig Mhic Fhearghusa, Iarmhairt; agus Leanaí Séanta, cnuasach drámaí le Celia de Fréine.

Rinneadh bronnadh speisialta ag an ócáid ar Chathal Goan atá ag éirí as cathhaoirleacht Bhord Comhar, cúram a bhí air le 12 bliain anuas.

Agus saothar ealaíne a coimisiúnaíodh go speisialta á bhronnadh aici ar Chathal Goan, dúirt Muireann Ní Mhóráin, ball den bhord gur éirigh leis mar chathaoirleach Comhar a stiúradh “trí fharraigí suaite”. A bhuíochas do Chathal Goan, agus in ainneoin deacrachtaí maoinithe, bhí an iris i “riocht i bhfad níos sláintiúla” anois ná mar a bhí, a dúirt Muireann Ní Mhóráin.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú Choimisiún na Meán le díriú ar an ‘neamhréir’ idir maoiniú na meáin scríofa agus na meán craolta i nGaeilge'