Ateangairí Gaeilge do thriail fir a líomhnaítear go raibh pléascáin ina sheilbh aige an lá roimh chuairt Bhanríon na Breataine

Tuairiscítear go mbeidh beirt ateangairí Gaeilge ar dualgas do thriail fir a bhfuil sé curtha ina leith go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige i gcarrchlós stáisiún traenach an Longfoirt an oíche sular cuireadh tús le cuairt Bhanríon Shasana ar Éirinn in 2011

Ateangairí Gaeilge do thriail fir a líomhnaítear go raibh pléascáin ina sheilbh aige an lá roimh chuairt Bhanríon na Breataine

An bhanríon Eilís, Banríon na Breataine, ar cuairt ag Áras an Uachtaráin in 2011. Pictiúr: RollingNews.ie

Beidh beirt ateangairí Gaeilge ar dualgas do thriail fir a bhfuil sé curtha ina leith go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige i gcarrchlós stáisiún traenach an Longfoirt an oíche sular cuireadh tús le cuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn in 2011.

Tuairiscítear san eagrán Éireannach de The Times ar maidin go mbeidh ateangairí Gaeilge i mbun oibre don Stát ag triail Donal Billings, 64, as St Brigid’s Court i nDroim Lis sa Longfort, an mhí seo chugainn.

Tugadh le fios sa Chúirt Choiriúil Speisialta in 2011 gur i nGaeilge a d’fhreagair Billings nuair a gabhadh é i mBealtaine na bliana sin, agus Gaeilge amháin a labhair sé sa Chúirt Choiriúil Speisialta ina dhiaidh sin.

Tá sé curtha i leith Billings chomh maith go ndearna sé iarracht cur isteach ar chuairt na Banríona ar Éirinn i mBealtaine 2011 nuair a thug sé rabhadh bréige do na Gardaí maidir le buamaí a bheith curtha i bhfearas i gceannáras Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, i mBusáras, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus in Aerfort Chorcaí.

Cuirtear ina leith freisin go raibh piostal leath-uathoibríoch agus 53 urchar ina sheilbh go neamhdhleathach aige ina theach cónaithe ar an 20 Bealtaine 2011.

Líomhnaítear go raibh seilbh ag Billings ar ghléas pléascach ar an 16 Bealtaine 2011 agus gur thángthas ar an gléas pléascach sin ar bhus lasmuigh de Mhaigh Nuad nuair a fuair na Gardaí glaoch anaithnid as an Longfort faoin scéal. Aistríodh 30 paisinéir ón mbus agus baineadh an dochar as an ngléas pléascach.

Phléadáil Donal Billings neamhchiontach i dtaca le gach cúis atá curtha ina leith. Tá sé ar bhannaí ó 2011 toisc moill a bheith le héisteacht cásanna sa Chúirt Choiriúil Speisialta.

 

Fág freagra ar 'Ateangairí Gaeilge do thriail fir a líomhnaítear go raibh pléascáin ina sheilbh aige an lá roimh chuairt Bhanríon na Breataine'