Léigh mé go leor faoi chúrsaí sacair le seachtain anuas agus ba ghruama, duairc, brónach an léitheoireacht í. D’fhág a gcliseadh in aghaidh na hAirméine Dé Luain seo caite nach mbeidh foireann na hÉireann páirteach i gCorn an Domhain 2026, gan imeartha ach péire den leathdhosaen cluichí cáilithe atá rompu.
Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an chluiche sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann a sheasann an fód dóibh. Bíodh suim agat sa sacar nó ná bíodh, ní fhéadfá gan a gcruachás a thuiscint. Scéalta léin is mó atá tagtha ina mbealach le tamall anuas.
Sa mbliain 2020, ní raibh de rogha ag an rialtas ach a theacht i gcabhair ar an FAI. Murach go dtáinig d’fhágfadh fiacha a bhí ar an FAI de bharr a bpáirtíocht i Staid Aviva go dtitfeadh an eagraíocht as a chéile agus fiacha €55 milliún orthu.
Tháinig leasuithe agus athruithe i bhfeidhm dá bharr, ach leo siúd féin, is beag nach bhféadfá a rá go bhfuil aighneas éicint san eagraíocht chuile chúpla mí ó shin.
Aisteach go leor mar sin gur borradh atá faoi Shraith Sacair na hÉireann – feabhas tagtha ar chaighdeán na himeartha, ardú ar an tinreamh agus ar chlúdach na meán agus dul chun cinn déanta ag cuid de na clubanna i gcomórtais na hEorpa.
Ach is leis an leibhéal idirnáisiúnta a bhaineann an t-ardán, an t-aitheantas…agus an t-airgead.
Sin an fáth go bhfuil oiread sin cainte tarraingthe ag an gcliseadh in aghaidh na hAirméine. B’fhéidir nach baileach gur básaithe atá an mhuc de bharr an bhuille, ach ní mórán pré atá fanta inti.
Ba tuairim leath bealaigh trí ré bainistíochta Jack Charlton (1986-1996) a shroich foireann sacair na hÉireann an runga ab airde ariamh acu ar dhréimire fiúntais FIFA – an séú háit i 1993.
Ag sleamhnú síos atá siad ó shin. Is le blianta beaga is suntasaí an sleamhnú a fhágann sa 60ú háit anois muid.
Ón am ar chríochnaigh ré órga Charlton go dtáinig deireadh le réimeas Martin O’ Neill in 2018, ba i measc an scór nó tríocha foireann ar bharr an tábla a bhíodh Éire. Ag síorthitim atá siad ó shin.
Is iad Stephen Kenny agus Heimir Hallgrímsson na bainisteoirí is deireanaí i gceannas – go dtí seo d’imir a gcuid foirne i 38 cluiche i gcomórtais de chuid UEFA/FIFA. Naoi gcinn acu sin a bhuadar.
Baineann cuid den mheath leis an gcaoi a bhfuil leagan amach an tsacair athraithe ó bhonn ó aimsir Jack Mór. Tá baint nach beag ag an rath atá tagtha ar Premiership Shasana ó bunaíodh sin i 1992 leis an scéal.
Sa lá atá inniu ann is é an Premiership an tsraith is saibhre agus is tarraingtí ar domhan. Is ar a chluichí is mó a dhéanann daoine freastal, agus is orthu is mó a bhreathnaítear sa 200 tír ina mbíonn siad le fáil ar an teilifís. De bharr an airgid mhóir, is sa Premiership anois atá fáil ar phlúr imreoirí an domhain.
464 imreoir sacair atá cláraithe ann – Sasanaigh is ea 29% acu agus is as 63 tír ar leith an chuid eile. Ísiltírigh (32) agus Francaigh (32) is líonmhaire ann, Brasaíligh (26), Spáinnigh (18), Portaingéalaigh (15) agus Gearmánaigh ina ndiaidh siúd aniar.
Seachtar Éireannach atá ina measc – díobh siúd ag Nathan Collins agus ag Caoimhín Kelleher amháin atá áiteanna buana ar fhoirne a gclubanna.
Cuir sin i gcomparáid leis an am a raibh foirne na hÉireann ar thús cadhnaíochta. Imreoirí Príomhroinne ar fad (Sasana/Albain) a bhí ar an bpáirc ag Charlton sa mbua ar an Iodáil i gCorn an Domhain 1994. Deich mbliana fichead roimhe b’amhlaidh, nach mór, a bhí ar Pháirc Chnocán Uí Dhálaigh nuair a bhuaigh Johnny Giles agus a chomrádaithe ar fhoireann de chuid na Spáinne a raibh a gcuid peileadóirí ag imirt do chlubanna móra na tíre sin, Bilbao, Athletico Madrid, Barcelona, Valencia agus Zaragossa.
Bhí ceathrar as Manchester United a bhuaigh Sraith 1 an tséasúir sin ag Éirinn – Pat Dunne, Shay Brennan, Tony Dunne agus Noel Cantwell, mar aon le Giles (Leeds Utd), Andy McEvoy agus Mick McGrath (Blackburn) – ba é McEvoy príomhscórálaí Shraith Roinn 1 an séasúr sin. Le Bristol Rovers a bhí Joe Haverty ag imirt, formhór a shaoil caite aige le Arsenal, áit a ndeachaigh sé agus gan é ach 18 bliain.
Gheobhadh ceachtar den bheirt as Sraith na hÉireann a bhí ar an bhfoireann áit ar fhoirne móra an lae i Sasana. Go deimhin chaith Frank O’Neill (Ruagairí na Seamróige) cúpla bliain ansin le Arsenal gur fhill sé abhaile agus bhí Jackie Hennessy (Shelbourne) chomh hábalta céanna.
Ar cheann de na giotaí ba shuimiúla a léigh mé le seachtain bhí alt sa Sunday Times inar thug Pat Fenlon a thuairimí faoin gcruachás. Agus é ina dhéagóir, chaith Pat Fenlon trí bliana ina phrintíseach le Chelsea. Nuair a chinn air conradh imeartha a fháil i Sasana, d’fhill sé ar an mbaile agus chaith 16 bliain ag imirt i Sraith na hÉireann.
Ó d’éirigh sé as an imirt tá sealanna caite aige mar bhainisteoir ar Shelbourne, Cathair Dhoire, Bohemians, Ruagairí na Seamróige, Port Láirge, Linfield an Tuaiscirt agus Hibernian i bPríomhroinn na hAlban. Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann 23 na hÉireann. Cáilithe go maith chun cainte.
Fágann an Breatimeacht agus rialacha na hEorpa faoi chosaint leanaí nach ceadaithe d’imreoirí maithe óga na tíre seo an cosán a ghlac seisean a shiúl anois – bhí Nathan Collins ar an duine deireanach a rinne sin in 2016.
Deir Fenlon nach mór go mbeadh plúr na bpeileadóirí ag traenáil go lánaimseartha ó bhíonn siad 16 bliain. Níl deis anois acu dul thar lear le sin a dhéanamh agus bíonn siad taobh le clubanna na tíre seo. Ar ndóigh níl bealach faoi spéir go mbeidís siúd in acmhainn a leithéid a sheasamh. Tacaíocht rialtais amháin a thabharfadh faoi ndear é, ach tuigeann sé gur beag seans go dtarlóidh sin.
Fós, ní mór rud éicint a dhéanamh nó beidh tuilleadh ceannlínte ar na nuachtáin mar a facthas Dé Céadaoin seo caite. Ní fhéadfaí a rá go ndeachthas thar fóir leis sin ach oiread.
€400 sa tseachtain a shaothraíonn leath acu siúd a bhí ar fhoireann na hAirméine an oíche faoi dheireadh – sin an tuarastal a íoctar i sraith na tíre sin. Tá an báireoir Ognjen Čančarević, a imríonn le Noah Arm, ar dhuine acu. Dhíolfadh siad é ach €150,000 a fháil air.
Deirtear go bhféadfadh €24 milliún a bheith i gceist leis an aistriú a rinne báireoir na tíre seo cúpla seachtain ó sin. Ní mór a rá ar an bpointe nach ar Chaoimhín Kelleher a bhí an milleán faoinar thit amach in Eireaván. Sé ab fhearr a bhí againn.
Bun agus barr an scéil gur chlis muid in aghaidh foireann nach bhfuil buaite acu ach ceann amháin de na deich gcluiche is deireanaí atá imeartha acu agus a bhfuair Na Scigirí nó Oileáin Fharó an ceann ab fhearr orthu an t-am seo anuraidh.
Ní mórán níos mó daoine atá ar na hoileáin sin (54,000) ná atá i gcontae an Longfoirt (46,000).
Fág freagra ar 'Ariamh le mo chuimhne ní fhaca mé pobal an tsacair sa tír seo chomh díomách faoin bhfoireann náisiúnta'