Agus cruinniú mullaigh NATO a chosnóidh 183 milliún euro faoi lán seoil sa Háig, tá an oibríocht slándála is mó riamh i stair na hÍsiltíre ar siúl d’fhonn sábháilteacht os cionn 150 ceann stáit, airí cosanta agus rannpháirtithe eile as breis agus 40 tír éagsúil – Donald Trump agus Volodymyr Zelenskyy ina measc – a chinntiú.
San iomlán, beidh 6,000 duine páirteach sa chruinniú agus tá súil le 2,000 iriseoir. Tá 27,000 póilín agus 10,000 saighdiúir ar dualgas ar shráideanna na Háige agus ag aerfort Schiphol, tá an t-aerspás os cionn na cathrach agus fad 60 ciliméadar de bhóithre dúnta, tá teilgeoirí diúracán le feiceáil i gcarrchlóis éagsúla agus tá deich long de chuid an chabhlaigh ar patról amach ón gcósta.
Cás ar leith gan dabht uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, a thug leis a bhfuil aige, an héileacaptar ‘Marine One’ agus an limisín ar a dtugtar ‘The Beast’ san áireamh, agus foireann slándála agus cócairí 1,000 duine.
Gan dabht, agus ceannairí NATO agus uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy bailithe le chéile san aon áit amháin, bhí bagairt (cíbir)ionsaithe ón Rúis ina scáil os cionn an chruinnithe seo ón tús – ach ansin, lá nó dhó roimh an gcruinniú, shocraigh na Stáit Aontaithe a ladar a chur isteach sa chogadh idir Iosrael agus an Iaráin.
Ag preasócáid oíche Luain, díreach roimh thús an chruinnithe, ní raibh ardrúnaí NATO, Mark Rutte, sásta aon rud a rá maidir le hionsaithe buamála na Stát Aontaithe ar an Iaráin ag an deireadh seachtaine ach amháin ‘gurb é dearcadh NATO maidir le clár adamhach na hIaráine ná nach féidir ligean don tír sin buama núicléach a fhorbairt.’
Dúirt sé gurb í an Rúis ‘an phríomhchontúirt’ i gcónaí, agus dheimhnigh gur ‘próiseas nach féidir a chur dá threo’ ballraíocht na hÚcráine i NATO amach anseo.
Ach is é an teannas inmheánach idir na Stáit Aontaithe agus na ballstáit eile an dúshlán is mó atá le sárú ag an eagraíocht mhíleata.
Ba mhaith leis na ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Rúis, mar shampla, go scaoilfí an Úcráin isteach sa chlub ar an bpointe boise, ach tá Donald Trump glan ina choinne sin. Mar sin, ní bheidh a dhath faoi bhallraíocht na hÚcráine i NATO i ráiteas deiridh an chruinniú mullaigh, ach is léir nár mhiste leis na Meiriceánaigh gur thagair Rutte di mar ‘phróiseas nach féidir a chur dá threo’.
Ar an gcaoi chéanna, b’éigean do na ballstáit eile géilleadh d’éileamh Trump i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar chúrsaí cosanta. Díreach roimh an gcruinniú, thoiligh na ballstáit uile go gcaithfear 5 faoin gcéad den olltáirgeacht intíre ar chúrsaí cosanta amach anseo – 3.5 faoin gcéad den luach sin ar na fórsaí cosanta féin agus 1.5 faoin gcéad ar chúrsaí infreastruchtúir agus cibearshlándála.
‘Tabharfaidh mé sampla amháin den chaoi a gcaithfear an t-airgead sin,’ a dúirt Mark Rutte ag an ócáid phreasa oíche Luain. ‘Méadófar faoi chúig ár gcumas muid féin a chosaint ó ionsaithe ón aer, ós rud é go bhfeicimid gach lá an scrios marfach ar féidir leis an Rúis a dhéanamh ón aer ar an Úcráin.’
Díol spéise go bhfuil athrú meoin ar an mór-roinn le tamall de mhíonna anuas maidir leis an gcaiteachas ar chúrsaí cosanta. San Ísiltír féin, tá fiú amháin an páirtí polaitiúil is faide amach ar an eite chlé, an Páirtí ar son na nAinmhithe (PvdD, a bhfuil trí shuíochán parlaiminte acu) anois den tuairim gur chóir an caiteachas ar chúrsaí cosanta a mhéadú go suntasach.
Ábhar spéise eile maidir leis an gcruinniú mullaigh ná go mbeidh an ‘ceathrar Ind-Chiúin-Aigéanach’, an IP4, i láthair. Sin iad An tSeapáin, An Chóiré Theas, An Astráil agus an Nua-Shéalainn, tíortha a bhfuil imní orthu faoi bhagairt na Síne sa chuid sin den domhan, agus faoin gcaoi a mbíonn an Rúis agus an tSín, agus an Rúis agus an Chóiré Thuaidh, ag obair as lámha a chéile go minic le deireanas. Ní hé go bhfuil an IP4 ag súil le ballraíocht i NATO go díreach, ach tá siad ag iarraidh an comhoibriú le NATO maidir le táirgeadh agus cothabháil arm, eitleán agus longa cabhlaigh a threisiú.
Oíche Chéadaoin a chríochnóidh an cruinniú agus mura mbeidh athrú intinne ar na rannpháirtithe nó easaontas éigin eatarthu idir an dá linn, breathnófar siar air amach anseo mar chasphointe i stair na heagraíochta, agus méadú ollmhór ar an gcaiteachas ar chúrsaí cosanta beartaithe.
Fág freagra ar 'Ardú ollmhór ar an gcaiteachas ar chúrsaí cosanta aontaithe ag ballstáit NATO'